Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 22:16 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Óir deirim libh ná h-íosfad é feasda go dtí go gcómhlionfar é i rígheacht Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 mar deirim libh nach n‑íosfaidh mé í go gcomhlíontar í i ríocht Dé.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

16 Óir deirim libh, nach n-íosaidh mé í feasta go dtí go gcóimhlíontar í i ríoghacht Dé.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 óir adeirim libh, Ní íosfad é, nó go gcóimhlíontar é i ríoghacht Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Oír a deirim ribh, Nach íosa mé dhe ní as mó, nó go gcoimhlíontar é a ríoghachd Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 óir deirim libh, ní íosfaidh mé go deo arís í nó go mbeidh a comh-líonadh ann i ríocht Dé.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

16 óir deirim libh, ní íosfaidh mé go deo arís í nó go mbeidh a comhlíonadh ann i ríocht Dé.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 22:16
11 Tagairtí Cros  

Is aobhinn do sna seirbhísigh sin a gheobhaidh a dTighearna ag déanamh na faire nuair a thiocfaidh sé; go deimhin adeirim libh, cuirfidh sé a chrios uime agus cuirfidh sé ’n-a suidhe iad, agus déanfaidh sé friothálamh ortha sa tímpal.


Nuair a dh’airigh duine d’á raibh láithreach an focal san dubhairt sé: Is aoibhinn do’n t-é a dh’íosfaidh arán i rígheacht De.


Agus dubhairt sé leó: Ba mhór é mo mhian an cháisg seo dh’ithe ’nbhur bhfochair roimh fhulang dom;


Óir deirim libh ná h-ólfad de thoradh na fíneamhna go dtagaidh righeacht Dé.


Sibh a bheith ag ithe agus ag ól as mo bhórd, am’ rígheacht, agus i nbhúr suidhe ar chathaoireachaibh ríoga ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Israéil.


Ná saothruighidh an bia a théigheann ar neamhnídh, ach saothruighidh an bia marthanach a thugann beatha shíoruidhe, an bia a thabharfaidh Mac an Duine dhaoibh. Óir is air sin a chuir Dia, an t-Athair, séala.


Ní do’n phobul go léir, ach d’fhínnithibh a bhí ceapaithe ag Dia roim ré: dúinne, a chaith bia agus deoch n’fhochair tar éis éirighthe dhó ós na mairbh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí