Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 22:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 óir adeirim libh, Ní íosfad é, nó go gcóimhlíontar é i ríoghacht Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 mar deirim libh nach n‑íosfaidh mé í go gcomhlíontar í i ríocht Dé.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

16 Óir deirim libh, nach n-íosaidh mé í feasta go dtí go gcóimhlíontar í i ríoghacht Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Oír a deirim ribh, Nach íosa mé dhe ní as mó, nó go gcoimhlíontar é a ríoghachd Dé.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Óir deirim libh ná h-íosfad é feasda go dtí go gcómhlionfar é i rígheacht Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 óir deirim libh, ní íosfaidh mé go deo arís í nó go mbeidh a comh-líonadh ann i ríocht Dé.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

16 óir deirim libh, ní íosfaidh mé go deo arís í nó go mbeidh a comhlíonadh ann i ríocht Dé.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 22:16
11 Tagairtí Cros  

Is aoibhinn do na seirbhíseachaibh sin go bhfaighidh a dtighearna iad ag áirdeall nuair thiocfas sé: go fírinneach adeirim libh go gcuirfidh sé a chrios air féin, agus go gcuirfidh sé ’n‐a suidhe chum bidh iad, agus go dtiocfaidh sé ag déanamh freastail ortha.


Agus nuair do‐chuala duine d’á raibh ’n‐a suidhe chum bidh an méid sin, adubhairt sé leis, Nach aoibhinn do’n té íosfas arán i ríoghacht Dé.


Agus adubhairt sé leo, Ba mhór an fonn do bhí orm an cháisc seo d’ithe i n‐bhúr bhfochair sara bhfulaingeochad:


óir adeirim libh, Ní ólfad feasta de thoradh na fíneamhna, nó go dtigidh ríoghacht Dé.


chum go n‐íosfaidh agus go n‐ólfaidh sibh ar mo bhórd‐sa im’ ríoghacht; agus go mbéidh sibh ’n‐bhúr suidhe ar righ‐chathaoireachaibh ag breith breithe ar dhá threibh déag Israel.


Ná saothruighidh an biadh théigheas amugha, acht saothruighidh an biadh mhaireas go dtí an bheatha shíorraidhe, an biadh bhéarfas Mac an Duine dhaoibh: óir is airsean do chuir an t‐Athair, Dia, a shéala.


acht d’fhiadhnaidhthibh do bhí toghtha ag Dia roimh ré, dúinne, do bhí ag ithe agus ag ól ’n‐a fhochair tar a éis dó aiséirghe ó na marbhaibh.


Agus adubhairt sé liom, Scríobh, Is beannuighthe na daoine fuair cuireadh chum suipéir bainse an Uain. Agus adubhairt sé liom, Briathra fírinneacha Dé is eadh iad so.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí