Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 22:22 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Is fíos go bhfuil Mac an Duine ag imtheacht, fé mar atá ceapaithe, ach is léanmhar do’n t-é sin tré n-a mbrathfar é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

22 Mar imíonn Mac an duine mar a cinneadh dó; ach is mairg don duine sin a dhéanfas a bhrath!”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

22 Agus téigheann Mac an Duine go deimhin dho réir mar a cinneadh dó; cidheadh, is mairg do’n duine sin le n-a mbraithfear é.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Óir atá Mac an Duine ag imtheacht go cinnte, fá mar atá órduighthe: acht is mairg do’n duine sin tré n‐a mbraithtear é!

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Agus imthigidh Mac an duine go deimhin, do réir mar do hórduigheadh: gidheadh is mairg don duine úd lé mbraithtear é!

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

22 Go deimhin tá a bhealach féin le siúl ag Mac an Duine de réir mar atá i ndán, ach is mairg don duine úd trína mbraitear é.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

22 Go deimhin tá a bhealach féin le siúl ag Mac an Duine de réir mar atá i ndán, ach is mairg don duine úd trína mbraitear é.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 22:22
26 Tagairtí Cros  

Tá Mac an Duine ag imtheacht, fé mar atá sgríobhtha ’n-a thaobh; ach is mairg do’n fhear san tré a ndéanfar Mac an Duine do dhíol. Ba mhaith an rud do’n fhear san gan é teacht riamh ar an saoghal.


Ansan do chaith sé na píosaí airgid isteach sa teampul, agus d’fhág sé an áit, agus d’imthigh sé agus do chroch sé é féin le téid.


Is fíor go bhfuil Mac an Duine ag imtheacht, fé mar atá sgríobhtha ’n-a thaobh; ach is ró-mhairg do’n fhear san tré a ndéanfar Mac an Duine do thabhairt suas. B’fhearra dho’n fhear san ná tiocfadh sé riamh ar an saoghal.


Agus chromadar-san ar a fhiafraighe eatartha féin cé’cu dhíobh a bhí chun san do dhéanamh.


Agus dubhairt leó: Sin mar atá sgríobhtha, agus sin mar nár bhfoláir do Chríost fulang, agus aiseirighe ó-s na mairbh an trímhadh lá,


An fhaid a bhíos ’n-a bhfochair ar an saoghal do choimeádas iad at’ ainim-se. An mhuintir a thugais dom do choimeádas iad, agus níor imthigh íde as aoinne acu ach ar mhac na h-íde, ionus go gcómhlíonfaí an scriptiúir.


Agus d’órduigh sé dhúinn craobhsgaoile dhéanamh do sna daoine, agus fiaidhnaise dhéanamh air gur b’é féin atá ceapaithe ag Dia chun bheith ’n-a bhreitheamh ar bheoibh agus ar mharbhaibh.


Mar go bhfuil lá ceapaithe aige chun bhreitheamhantais a thabhairt ar an ndomhan do réir chirt, tríd an bhfear atá ceapaithe aige, ag tabhairt creidimh do gach aon duine, mar gur thóg sé ó sna mairbh é.


Do tugadh an duine sin a’ cómhairle chinnte agus a’ roimheólus Dé, agus do dheineabhairse é chéasadh chun bháis le lámaibh na gcuirptheach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí