Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 22:10 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Agus dubhairt sé leó: Féach, nuair a raghaidh sibh isteach sa chathair, buailfidh duine umaibh agus árthach uisge aige d’á iompar; leanaidh é go dtí an tigh go raghaidh sé isteach ann;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Is é a dúirt sé leo, “Féachaigí, nuair a bheidh sibh i ndiaidh dul isteach sa chathair, casfar fear oraibh agus é ag iompar soithigh dʼuisce; leanaigí é isteach sa teach a dtéann sé isteach ann

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

10 Agus dubhairt sé leo: Féach, ag dul isteach san chathair díbh, casfar oraibh fear áirithe ag iomchar crúiscín uisce; leanaigidh eisean chun an tighe ina rachaidh sé isteach,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Agus adubhairt sé leo, Féach, ar dhul isteach sa gcathair dhaoibh, casfar oraibh fear agus soitheach uisce ar iomchar aige; leanaidh eisean isteach sa tigh i n‐a bhfuil sé ag dul.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Agus a dubhairt sé ríu, Féuch, tar éis dul a sdeach sa chathraigh dháoibh, teigeamhuidh duine áirghe oruibh, ag iomchar shoighthigh uisge; leanaidh é don tigh iona racha sé a sdeach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 Dúirt sé leo: “Ag dul isteach sa chathair daoibh, féach, beidh duine ag teacht faoi bhur ndéin agus próca uisce aige dá bhreith leis. Leanaigí isteach é sa teach ina mbíonn sé ag dul,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

10 Dúirt sé leo: “Ag dul isteach sa chathair daoibh, féach, beidh duine ag teacht faoi bhur ndéin agus próca uisce aige á bhreith leis. Leanaigí isteach é sa teach ina mbíonn sé ag dul,

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 22:10
8 Tagairtí Cros  

Ní h-é an rud a théigheann isteach sa bhéal a shailigheann an duine, ach an rud a thagann amach as an mbéal, siné a shailigheann an duine.


Agus abraidh le fear an tighe sin, Deir an Máighistir leat: Cá bhfuil an seómra bídh go n-ithead an cháisg i bhfochair mo dheisgiobul?


Agus dubhradar-san: Canad is toil leat go n-ollamhóchaimís é?


Ach táid na neithe seo innste agam daoibh i dtreó, nuair a thiocfaidh an t-am dóibh, go gcuimhneóchaidh sibh ar mé ’ghá n-innsint daoibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí