Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 22:11 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Agus abraidh le fear an tighe sin, Deir an Máighistir leat: Cá bhfuil an seómra bídh go n-ithead an cháisg i bhfochair mo dheisgiobul?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 agus abraigí le fear an tí, ‘Is é a deir an tOide leat, cá bhfuil an seomra aíochta, a n‑íosfaidh mé an cháisc ann i gcuideachta mo dheisceabal?’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

11 Agus déarfaidh sibh le fear an tighe: Deir an Máighistir leat: Cá bhfuil an seomra aoidheachta, go n-ithidh mé an cháisc i dteannta mo dheisciobal?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus adéarfaidh sibh le fear an tighe, Adeir an Máighistir leat, Cá bhfuil an seomra aoigheachta, i n‐a n‐íosfad an Cháisc i gcuibhreann mo dheisceabal?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus abruidh ré fear an tighe, A deir an Maighisdir riot, Cáit a bhfuil an Ióisdín, iona níosa mé an cháisg maille rem dheisciobhluibh?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 agus abraigí le fear an tí: ‘Dúirt an Máistir a rá leat: Cá bhfuil an seomra aíochta go n-ithinn an cháisc ann in éineacht le mo dheisceabail?’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

11 agus abraigí le fear an tí: ‘Dúirt an Máistir a rá leat: Cá bhfuil an seomra aíochta go n‑ithinn an cháisc ann in éineacht le mo dheisceabail?’

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 22:11
9 Tagairtí Cros  

Agus má deir aoinne aon rud libh abraidh: Tá gnó ag an dTighearna díobh so; agus sgaoilfidh sé libh iad láithreach.


Agus pé áit ’n-a raghaidh sé isteach abraidh le fear an tighe, Deir an Máighistir, Cá bhfuil an seómra ’n-a n-íosfad an Cháisg i dteannta mo dheisgiobul?


Agus má fhiafraigheann aoinne dhíbh, Cad chuige dhaoibh é sgaoileadh? abraidh leis mar seo: Mar teasduigheann sé ó’n dTighearna.


Agus dubhradar-san: Mar teasduigheann sé ó’n dTighearna.


Agus nuair a tháinig Íosa chun na h-áite d’fhéach sé suas agus chonaic sé é, agus dubhairt sé leis: A Shacaeuis, brostuigh agus tar anuas, mar is ad’ thigh-se a chaithfead-sa stad indiu.


Agus dubhairt sé leó: Féach, nuair a raghaidh sibh isteach sa chathair, buailfidh duine umaibh agus árthach uisge aige d’á iompar; leanaidh é go dtí an tigh go raghaidh sé isteach ann;


Agus taisbeánfaidh sé dhaoibh seómra mór agus é curtha i dtreó, agus deinidh an t-ollamhú ansan.


Nuair a bhí an chaint sin ráidhte aici d’imthigh sí agus ghlaoidh sí i gcogar ar a drifiúr Máire, agus dubhairt sí léi: Tháinig an Máighistir, agus tá sé ag glaodhach ort-sa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí