Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 22:53 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

53 Bhíos agaibh gach aon lá sa teampul agus níor shíneabhair lámh chúgham; ach sidé bhúr dtráth, agus cómhacht an dorchadais.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

53 Nuair a bhí mé agaibh ó lá go céile sa teampall, níor leag sibh aon lámh orm. Ach seo agaibh bhur n‑uair agus cumhacht an dorchadais.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

53 Nuair a bhí mé gach lá i bhur measc san teampall, níor shín sibh lámh d’ionnsaidhe orm; acht is í seo bhur n-uair-se agus cumhacht an dorchadais.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

53 Nuair do bhíos gach aon lá ’n‐bhúr measc sa teampall, níor shíneabhar lámh im’ choinnibh: acht is libh‐se an uain seo, agus cumhacht an dorchadais.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

53 An tan do bhí me gach lá agaibh sa teampall, níor shineabhair lámha dhamh: achd a sí so bhar nuáirsi, agus cumhachda an dorchaduis.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

53 Nuair a bhínn in éineacht libh gach lá sa Teampall, níor leag sibh lámh orm. Ach is í bhur n-uairse í seo, agus is í cumhacht an Dorchadais í.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

53 Nuair a bhínn in éineacht libh gach lá sa Teampall, níor leag sibh lámh orm. Ach is í bhur n‑uairse í seo, agus cumhacht an dorchadais.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 22:53
20 Tagairtí Cros  

Agus nuair a tháinig sé isteach sa teampul, agus bhí sé ag teagasg, tháinig chuige uachtaráin na sagart agus seanóirí na ndaoine, agus dubhradar: Cad é an t-úghdarás atá agat-sa chun na neithe seo a dhéanamh? agus cé thug duit an t-úghdarás?


Agus dubhairt Íosa leis an muintir a tháinig chuige, uachtaráin na sagart agus giúistísí an teampail agus na seanóirí: An chun beirthe ar bhitheamhnach a thánabhair amach le claidhmhtibh agus le cleathachaibh?


Agus do ghabhadar é, agus do rugadar leó é go tigh an árd-shagairt; agus do lean Peadar iad, abhfad siar.


Tá m’anam ar buaireamh anois. Agus cad déarfad? A Athair, dein mé shaoradh ó’n uair seo. Ach is chuige seo do thánag chun na h-uaire seo.


Ach nuair a ghlac seisean an blúire aráin d’imthigh sé amach gan mhoill. Agus bhí an oidhche ann.


Ní déarfad puinn i nbhúr bhfocair anois. Óir tá priúnsa an domhain seo ag teacht, agus ní’l nídh ar bhith aige ionam-sa.


Ansan bhíodar a d’iarraidh beirthe air, ach níor chuir aoinne lámh ann mar ní raibh a thráth tagaithe fós.


Ansan tháinig na h-oificeacha ag triall ar na h-árdshagairt agus ar na Fairisínigh agus dubhradar-san leó: Cad ’n-a thaobh nár thugabhair libh é?


Chun a súl a osgailt dóibh ionus go n-iompóchaidís ó’n ndoircheacht chun an tsoluis agus ó chómhacht Shátain chun Dé, ionus go bhfaighdís maitheamhnachas peacaí agus inead ameasg naomh tríd an gcreideam atá ionamsa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí