Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 22:4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus d’imthigh sé agus do labhair sé le h-uachtaráin na sagart agus leis na giúistísíbh, ar conus a dhéanfadh sé é thabhairt suas dóibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 agus dʼimigh sé go ndeachaigh i gcomhairle leis na hardsagairt agus leis na ceannfoirt faoi conas a chuirfeadh sé ina lámha é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Agus d’imthigh sé agus labhair sé le h-uachtaráin na sagart agus le ceannairí an ghárda fá’n chaoi ina mbraithfeadh sé dóibh é.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus d’imthigh sé, agus do ghlac sé cómhairle le h‐uachtaránaibh na sagart agus leis na ceann‐phortaibh, cionnas bhéarfadh sé ar láimh dóibh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus ar nimtheachd amach dhé, do labhair sé ris na hárdsagartaibh agus ris na húachdaranuibh, cionnas do bhraithfeadh sé eision dhóibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Dʼimigh sé mar sin ag déanamh cainte le huachtaráin na sagart agus leis na captaein féachaint conas a thabharfadh sé ar láimh dóibh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 D'imigh sé mar sin ag déanamh cainte le huachtaráin na sagart agus leis na captaein féachaint conas a thabharfadh sé ar láimh dóibh é.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 22:4
9 Tagairtí Cros  

Ansan d’imthigh duine de’n daréag, dár bh’ainim Iúdás Iscariot, ag triall ar uachtaránaibh na sagart,


Agus bhí áthas ortha, agus dheineadar margadh leis go dtabharfaidís airgead dó.


Agus dubhairt Íosa leis an muintir a tháinig chuige, uachtaráin na sagart agus giúistísí an teampail agus na seanóirí: An chun beirthe ar bhitheamhnach a thánabhair amach le claidhmhtibh agus le cleathachaibh?


Agus an fhaid a bhíodar ag cainnt leis na daoine tháinig na sagairt agus oificeach an teampuil agus na Sadduicínigh,


Nuair airigh oificeach an theampuil agus uachtaráin na sagart an chainnt sin bhí iongna ortha cad a bhí imighthe ar na priosúnaigh.


Ansan d’imthigh an t-oificeach agus na fir a bhí aige agus thug sé leis iad gan éigean, óir bhí eagla na ndaoine ortha, go ngeobhthí do chlochaibh ionta.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí