Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 22:70 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

70 Ansan dubhradar go léir: D’á bhrígh sin an tusa Mac Dé? Agus dubhairt sé: Deirthí-se gur mé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

70 Agus dʼfhiafraigh siad uile de, “An tú Mac Dé mar sin?” Agus dúirt sé leo, “Is sibhse atá á rá gur mé.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

70 Agus dubhairt siad uilig: Mar sin, an tusa Mac Dé? Dubhairt seisean: Deir sibh-se gur mé.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

70 Agus adubhairt seisean leo, Adeir sibh é, gur mé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

70 Agus a dubhradar uile ris, mar sin an túsa Mac Dé? Agus a dubhairt seision riú, A deirthisi gur ab mé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

70 Dúirt siad uile: “An tú, dá bhrí sin, Mac Dé?” Dúirt sé leo: “Deir sibh féin é: Is mé.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

70 Dúirt siad uile: “An tú, dá bhrí sin, Mac Dé?” Dúirt sé leo: “Deir sibh féin é: is mé.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 22:70
20 Tagairtí Cros  

Ansan, do fhreagair Iúdás, an fear a dhíol é, agus dubhairt: An mise é, a Máighistir? Dubhairt sé leis: Dubhraís é.


Ach ní lúgha adeirim-se libh-se, Chífidh sibh ’n-a dhiaidh so Mac an Duine ’n-a shuidhe ar deasláimh nirt Dé, agus ag teacht i néallaibh neimhe.


Agus bhí Íosa ’n-a sheasamh os cómhair an riaghaltóra agus do cheistigh an riaghaltóir é, agus dubhairt sé: An tusa rí na nIúdach? Dubhairt Íosa leis: Deir tú é.


Bí a mhainghín as Dia, saoradh Dia anois é, má’s áil leis é: Óir dubhairt sé, Is mé Mac Dé.


An taoiseach céad, ámhthach, agus an bhuidhean a bhí ’n-a theannta ag faire Íosa, nuair a chonacadar an luasgadh talmhan agus na neithe do thuit amach, tháinig eagla ana-mhór, ortha agus dubhradar: Go fíor dob’ é Mac Dé é sin.


Agus féach, guth as na flathais adubhairt: Isé seo mo mhac dílis ar a bhfuil mo ghreann.


Agus tháinig an t-Áirseóir agus dubhairt sé leis: Má’s tu Mac Dé órduigh arán a dhéanamh des na clochaibh sin.


Agus ansan dubhairt Íosa leis: Is mé; agus chífidh sibh Mac an Duine ’n-a shuidhe ar deasláimh cómhachta Dé agus ag teacht i sgamallaibh neimhe.


Agus d’fhiafraigh Pílát de: An tusa rí na n-Iúdach? Agus d’fhreagair seisean agus dubhairt: Deirir-se é.


Agus dubhradar-san: Cad is gádh dhúinn a thuille fiadhnuise? Óir d’airigheamair as a bhéal féin é.


Agus do chuir Pílát ceist chuige agus dubhairt sé: An tusa rí na n-Iúdach? Agus dubhairt seisean ’ghá fhreagradh: Deirir é.


Agus nuair a bhíodh na deamhain ag imtheacht amach as a lán daoine bhídís ag liúirigh, agus deiridís: Is tusa Mac Dé; agus do smachtuigheadh sé iad agus ní leigeadh sé dhóibh labhairt, óir d’aithnighdís gur bh’é Críost e.


Agus do chonac; agus thugas fiadhnaise gur b’é Mac Dé é seo.


D’fhreagair Natanaél agus dubhairt sé: A Mháighistir, is tusa Mac Dé, is tusa rí Israéil.


Is aon mise agus an t-Athair.


An t-é a bheannuigh an t-Athair agus do chuir sé uaidh ar an saoghal, an ndeir sibh-se leis, Tá diamhasladh agat ’á dhéanamh, toisg go ndubhart, Is mé Mac Dé?


Ansan dubhairt Pílát: An rí thu, mar sin? D’fhreagair Íosa: Mar adeirir, is rí mé. Is chuige do rugadh mise, agus is chuige do thánagh ar an saoghal, chun go ndéanfainn fiadhnaise do’n bhfírinne. Gach n-aon a bhaineann leis an bhfírinne, éisteann sé le m’ ghlór-sa.


D’fhreagair na Iúdaigh: Tá dlígh againne, agus do réir na dlighe sin is ceart dó bás d’fhághail, de bhrígh gur dhein sé Mac Dé dhe féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí