Véarsaí Bíobla

Fógraí


Fo-chatagóir

65 Véarsaí Bíobla don Phósadh

A chairde, tá luach dosháraithe ag baint le pósadh i súile Dé, mar shiombail ar an aontas pósta, agus sin mar is mian leis féin go bhfeicfimid é. Is rud naofa é an pósadh agus ní féidir briseadh le dílseacht idir chéile – caithfimid a bheith dílis dá chéile.

Tá an grá fíor cumhachtach agus síoraí, gealltanas chun tacú le chéile pé rud a tharlaíonn. Tá sé láidir agus domhain, ag sárú gach trioblóide agus dúshlán a thagann chun cinn. Ní múchfaidh tinneas, gainne ná deacrachtaí é.

Cuir bhur bpleananna i láimh Dé gach lá, labhair le hÍosa faoin todhchaí agus cuir bhur mianta go léir faoina chúram. Ansin gheobhaidh sibh comhchuibheas agus beidh sibh in ann taitneamh a bhaint as gach céim, ag teacht slán i n-ainm Íosa.

Ná lig don splanc rómánsúil dul in éag, tabhair aire do na mionrudaí agus coinnigh lasair an chéad ghrá beo. Bunaithe bhur n-aontas ar Íosa, mar i ngach cruatan taispeánfaidh sé an bealach amach daoibh, ag tabhairt an bhua daoibh le fanacht daingean.


Laoi na Laoithe 1:2

Pógadh sé misi lé póguibh a bhéil: óir is féarr do ghrádh ná fíon.

Matha 19:6

Ar a nadhbharsin ní bhfuilid feasda na ndís, achd na néinfhéoil. Uime sin an ní do cheanguil Díam ná sgáoileadh duine é.

Cóheilit 9:9

Tabhair do bheátha go gáirdeach a bhfochair do mná air a mbí grádh agad air feadh uile láethe sháoghail do dhíomhaóinis, noch thug sé dhuit faói an ngréin, uile láethe do dhíomhaóinis: óir isí sin do chuid annsa tsháoghalso, agus ann do sháothar do gheibh tú faói an ngréin,

Laoi na Laoithe 4:7

Atá tú uile breágha, a ghrádh, ní bhfuil cáidhe ar bith ionnad.

Laoi na Laoithe 1:16

Féuch, atá tú breágha, a ghrádh, agus, taitneamhach: atá fós ar leabuidh glas.

Laoi na Laoithe 4:9

Déiguidh tú mo chroidhe, a dheirbhshíur, a bhainchéile; déignidh tú mo chroidhe le háon dot shúilibh, le háon tslabhra dot mhuineul.

Laoi na Laoithe 4:5-7

Is cosmhuil do dhá chich ré dhá phoc óga atá na ccúpla, noch do ní inghilt a measg na lileadh.

No go néirghionn an lá, agus go tteithid na scáileadha rompa, racha misi go sléibhtibh an mhirr, agus go cnoc na túise.

Atá tú uile breágha, a ghrádh, ní bhfuil cáidhe ar bith ionnad.

Laoi na Laoithe 2:10-14

¶ Do labhair mo ghradh, agus a dubhairt sé riom, Eirigh súas, a ghrádh, mo áon bréadha, agus tárr liomsa.

Oír, féuch, do chuáidh an geimhreadh thoruinn, atá a nfearthuinn thoruinn agus ar nimtheacht;

Taisbeanuid na blátha air an ttalamh; tháinig aimsir ceóil na néun, agus do chlos guth a nfearáin ionar ttírne;

Cuiridh an crann fíge fhígeadha úra amach, agus na fíneamhna maille ris an ccaóir mbig ag tabhairt bholaidh maith úatha. Eirigh, a ghrádh, mo áon breágha, agus tárr uait.

¶ O mo cholum, atá a scoiltibh na cairge, a náitibh secréideacha na staighreadha, faicim do ghnúis, cluinim do ghuth; óir is binn do ghuth, agus is breágha do ghnúis.

Laoi na Laoithe 2:16

¶ Is liomsa mo ghrádh, agus is leis mé: do ní sé inghilt a measg na hleadh.

Laoi na Laoithe 1:4

Tarruing misi, riothfam ad dhiáigh: thug an rígh dhá sheomradhuibh mé: biáidh lúathgháire oruinn agus do dhéanam gáirdeachus ionnadsa, agus cuimhneochum do ghrádh nísa mhó na fíon: is ionmhuin leis an bhfírean thú.

Seanfhocal 18:22

Gidh bé gheibh bean do gheibh sé ní maith, agus gnodhuigh sé fabhar ón TTIGHEARNA.

Eabhraigh 13:4

As onórach an pósadh a measg na nuile, agus an leabuidh neamhshalach: achd béuruidh Día breith ar luchd na drúise agus a nadhaltrannuis.

Geineasas 2:24

Uime sin fúigfidh an fear a athair, agus a mhathair, agus ceangóluidh da mhnáoi: agus béid na náoin fheóil.

Cóheilit 4:12

Agus má bhuáidhionn áon na agháidh, seasfuid días leis; an ní furas córda fillte trí huáire do bhriseadh.

Laoi na Laoithe 8:6

¶ Cuir misi mar shéala air do chroidhe, mar shéala air do righe: óir is láidir an grádh amhuíl an bás; is fíochmhar an téud mar a nuáigh: is sméaróide teineadh a smearóide sin, agá mbí lasair ro dhíbhfheirgeach.

Eifisigh 5:25

A fhiora, bíodh grádh aguibh dá bhur mnáibh, mar do ghrádhuigh Críosd a neagluis, agus tug sé é féin air a son;

Laoi na Laoithe 8:6-7

¶ Cuir misi mar shéala air do chroidhe, mar shéala air do righe: óir is láidir an grádh amhuíl an bás; is fíochmhar an téud mar a nuáigh: is sméaróide teineadh a smearóide sin, agá mbí lasair ro dhíbhfheirgeach.

Ní fhéaduid mórán uisgeadh an grádh do mhuchadh, ní mó fhéaduid na tuilte a bháthadh: dá ttugadh duine uile mhaóin a thighe ar ghrádh, do dísbeagfuidhe é thríd amach.

1 Peadar 4:8

Agus roimh na huile neithibh bíodh grádh ro dhioghraiseach aguibh dhá chéile: óir cuirfidh an grádh folach ar iomad peacadh.

Eifisigh 5:25-33

A fhiora, bíodh grádh aguibh dá bhur mnáibh, mar do ghrádhuigh Críosd a neagluis, agus tug sé é féin air a son;

Ionnus go ndéanadh náomtha í ar na glanadh dhó a nighe uisge trés an mbréithir,

Chum a déunta dhó féin na heagluis ghlórmhuir, gan cháidhe, gan chasadh, ná ní as cosmhuil ríu sin; achd ionnus go mbíadh sí náomhtha neimhchionntach.

As amhluidh sin as coir do na fearuibh a mná do ghrádhughadh mar a gcorpuibh féin. An tí ghrádhuigheas a bhean a sé féin ghrádhuigheas sé.

Oír ní thug éunduine ríamh fós fúath dhá fheóil féin; achd do bheir beatha agus clúdhadh dhi, do réir mar do bheir an Tighearna don neagluis.

Gidheadh sdrióbachas, nó neamhghloine ar bith, nó saint, ná hainmnighthear amháin bhar measg íad, mar as iomchubhaidh do náomhuinbh;

Oír as buill dá chorpsan sinne, dá fheóil, agus dá chnámhuibh.

Dá bhrígh so fúigfidh duine a athair agus a mhathair, agus bíadh sé ceanguilte dhá mhnáoi, agus béid a ráon na náoin fheóil.

As seicréid mhór so: achd as air Chríosd agus a neagluis lábhruimse.

Uime sin gráidheadh gach áon aguibh a bhean mar é féin; achd go mbíadh an bhean eaglach riomh an bhféar.

Laoi na Laoithe 2:3-5

Mar bhios a nabhall a measg chrann na coilleadh, marsin bhios mo ghrádhsa a measg na mac. Do shuigh mé síos fa na scáth maille re duil mhóir, agus do budh milis a thoradh dom charbad.

Rug sé go tigh na fleidhe mé, agus ba hí a bhratach a ghrádh dhamhsa.

Connaimh mé ré flagúnaibh, comhfhurtaigh ré hubhalluibh mé: óir atáim tinn tré ghrádh.

1 Peadar 3:7

A fhíora, mar an gcéudna, déunuidh cómhnuighe a bhfochair bhur mban mar is cubhaidh do dhaóinibh iúlmhara, ag tabhairt onóra don mhnaói, amhuil don tsoitheach as laige, amhail fós atá sibh bhar gcómhóighribh ghrás na beatha; deagla thoirmisg do chur ar bhur nurnuighibh.

1 Peadar 3:1-7

Biodh na mná, mar an gcéudna, úmharl dá bhfearuibh fein; ionnas, go bhféudfuidhe an dream nach dtabhair úmhlachd don bhréithir, do tharruing a bhféugmhuis na bréithre tré choinbhearsáid na mban;

Oír gidh bé agá bhfuil dúil ann a bheatha, agus ré ar mían laéthe maithe dfaicsin, congmhadh sé a theanguidh na tochd ó olc, agus a bhéul ó mheabháil a labhairt:

Seachnadh an tolc, agus déunadh an mhaith; iárradh an tsíothcháin, agus leanadh dhi.

Oír atáid súile an Tíghearna ar na fíreunuibh, agus a chlúasa osguilte dha nurnuighe: achd atá gnúis an Tíghearna a naghuidh na druinge do ní na huile.

Agus cía dhéunas olc oruibh, má leanann sibh don mhaith?

Gidheadh fós má fhuilngthidh ar son na firéuntachda, atá sibh beannuighe: agus ná bíodh eagla mar a neaglasan oruibh, agus ná bíghidh buáidheartha;

Achd náomhuígh an Tíghearna Día ann bhur gcróidhthibh: Agus bíghidh ullamh do ghnáth lé freagra thabhairt uáibh do gach aóinneach shireas oruibh réusun na muinighne atá aguibh maille ré ceannsachd agus ré faitcheas:

Ar mbeith do choinnsías maith aguibh: ionnas, an tan labhruidh go holc oruibh, mar luchd míghníomh, go mbíadh náire orrtha ag fagháil lochda ar bhur ndeaghchoinbhearsáid a Gcríosd.

Oír is fear dhíbh, mas amhluidh as toil lé Día é, fulang ag déunamh maitheasa, ná ag déunamh uile.

Oír do fhulaing Críosd fós éunuáir amháin ar son na bpeacadh, an firéun ar son na neimhfhiréun, ionnus go dtiubhradh sinne chum Dé, do bhásuigheadh é a dtáobh na colla, achd do béodhaigheadh é ris an Spioruid:

Tré a ndeachuigh sé fós do sheanmóir do na spioraduibh a bpríosún;

An tan chífid síad bhur gcoinbhearsáid gheanmnuidh maille re faitcheas.

Noch do bhí easúmal a nallód, an tan do fhan foighid fhada Dé a láethibh Náoi, an feadh do bhí a náire dhá hullmhúghadh, ionnar cáomhnadh beagán, eadhon, ochd bpearsanna tré uisge.

A ní fós ré dtig an baisdeadh ré sáothar sinne a nois ag freagra na heísiomplara sin (ní hé cur uáinn shalchair na colla, achd fiarfuidhe dheaghchoinsiáis a dtáobh Dé,) tré eiséirghe Iósa Criosd.

Noch atá ar deis Dé, tar éis dul ar neamh; dá bhfuilid na haingil agus na cúmhachda agus na subháilcidhe fá úmhlachd dhó

Nar go foiriomlach bhías a maise a ngruáig chasda, ná a gcur óir na dtimchioll, ná a gcur chulúigheach orrtha;

Achd go madh hé a maise duine foluigheach an chróidhe, a neamhthruáilleadh, spioruide ceannsa ciúin, noch is morluáich a bhfíadhnuise Dé.

Oír is mar so niódh a nallód na mná náomhtha, do chuireadh a munighin a Ndia, íad féin do dheaghmhaisiughadh, ar mbeith dhóibh úmhal dá bhfearuibh:

Amhuil tug Sára úmhlachd Dábhraham, ag gairm Tíghearna dhe: dárab ingheana sibhse, an feadh do ní sibh maith, agus nach ccriothnuighthear sibh ré faitchios ar bith.

A fhíora, mar an gcéudna, déunuidh cómhnuighe a bhfochair bhur mban mar is cubhaidh do dhaóinibh iúlmhara, ag tabhairt onóra don mhnaói, amhuil don tsoitheach as laige, amhail fós atá sibh bhar gcómhóighribh ghrás na beatha; deagla thoirmisg do chur ar bhur nurnuighibh.

Eifisigh 5:25-26

A fhiora, bíodh grádh aguibh dá bhur mnáibh, mar do ghrádhuigh Críosd a neagluis, agus tug sé é féin air a son;

Ionnus go ndéanadh náomtha í ar na glanadh dhó a nighe uisge trés an mbréithir,

1 Corantaigh 13:8

Ní théid an grádh ar gcúl choidhche: bíodh go rachaidh fáidheadóireachd ar gcúl, agus go gcoisfid, na teangtha; agus go gcuirfighthear an téólas ar gcúl.

Geineasas 2:18

Agus do ráidh an TIGHEARNA Día, Ní maith an duine bheith na áonar: do dhéuna mé cunghnamh dhó bhías iomchúbhaidh dhó.

Eifisigh 5:23

Ar a nadhbharsin gur ab é an fear ceann na mná, amhuil a sé Críosd ceann na heagluise: agus is é slánaightheóir na cuirpé.

Seanfhocal 30:18-19

Atáid trí neithe ró iongantach dhamhsa, fós, a ceathair nach fios damh:

Slighe iolair annsa naíer; slighe aithreach nimhe ar an ccarruic; slighe luinge a meadhon na fairge; agus slighe a nfir le maighdin.

Matha 19:4-6

Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ríu, A ne nar léaghabhair, an té do chruthuighe íad ó thus gur fear agus bean do rinne sé íad,

Agus go ndubhairt sé, Ar a nadhbharsafúigfidh duine a athair agus a mhathair, agus ceangalfuidh sé dhá mhnáoi: agus béid a ráon na neinfhéoil a mhain?

Ar a nadhbharsin ní bhfuilid feasda na ndís, achd na néinfhéoil. Uime sin an ní do cheanguil Díam ná sgáoileadh duine é.

Seanfhocal 3:3-4

Ná tréigeadh trócaire agus fírinne thú: ceangail fad bhrághaid íad; scríobh íad ar chlár do chroidhe:

Ná ceannairg ré duine gan adhbhar, muna ndéarna sé dochar ar bith dhuit.

Ná bí tnúth agad ris an bfoiréigeantach, agus ná tógh áon dá shlighthibh.

Oir is adhfhúathmhaireacht don TIGHEARNA an ceannairgeach: acht atá a shecréid ag an bhfíréun.

Atá mallacht an TIGHEARNA a ttigh an drochdhuine: acht beannuighidh sé áitreabh a nionnruic.

Go dearbhtha tarcuisnighidh sé na tarcuisnigh: acht do bheir sé grása do na huiríslibh.

Gheabhuidh an duine glic oighreacht ghlóire: acht is náire bhus árdughadh do na hamadánuibh.

Marsin do gheabha tú fabhar agus tuigsi mhaith a radharc Dé agus duine.

Colosaigh 3:18-19

A mhnám, bíghidh úmhal da bhur bhfearuibh, mar is cubhaidh sa Dtíghearna.

A fhiora, grádhuighe bhur mná, agus ná bíghidh searbh dhóibh.

1 Corantaigh 13:4-7

Atá an grádh fadfhoighideach, deaghchróidheach; ní ghabhann an grádh tnúth; ní dhéanann an ghradh ní ar bith go neamhchóir, ní máoithmheach é,

Ní dhéanann ní ar bith ré taircuisne, ní iarran sé na neithe bheanus ris féin, ní sobhrosduighe é chum feirge, ní smuáineann sé ar a nolc;

Ní dhéanann gáirdeachus sa néugcóraidh, achd gabhuidh sé gáirdeachus sa bhfírinne;

Fuilngidh sé na huile neithe, creidigh sé na huile neithe, bí muinighin aige as na huile neithibh, iomchraidh rís na huile neithibh.

Seanfhocal 24:3

Tré ghliocas do nithior tigh dfoirgneadh; agus le tuigsi daingnighthior é:

Geineasas 1:27-28

Mar sin do chruthaidh Día an duine an a iomháigh féin, a níomháigh Dé do chruthaidh sé é; feardha agus bannda do chruthaidh sé íad.

Agus do bheannuigh Día íad, agus a dubhairt Día ríu, Bíodh sibh tórrthach, agus méuduighidh, agus líonaidh an talamh, agus cuiridh fúibh é: agus bíodh tighearnus aguibh ós cionn éisg na fairge, agus ós cionn eúnlaith an aéir, agus ós cionn an uile neithe chorruigheas ar an ttalamh.

Salm 127:3

Féuch, is oighreacht don TIGHEARNA clann: toradh na mbronn a luaidheachd.

Eifisigh 5:22-24

A mhná, bíghidh úmhal dá bhur bhfearuibh féin, amhuil do bhíadh sibh don Tíghearna.

Ar a nadhbharsin gur ab é an fear ceann na mná, amhuil a sé Críosd ceann na heagluise: agus is é slánaightheóir na cuirpé.

Uime sin amhuil atá a neagluis úmhal do Chríosd, go madh hamhluidh sin bhías na mná dá bhfearuibh féin a ngach éinní.

Eifisigh 4:2-3

Maille ris a nuile úmhlachd inntinne agus cheannsachd, maille ré foighid fhada, ag iomchur ré cheile a ngrádh;

Achd ní mar sin fúarabhairse foghluim Chríosd;

Má chúalabhair é, agus má teaguisgeadh sibh ris, (amhuil atá a nfírinne a Níosa:)

Gur coir dháoibh do réir na céud choinbhearsáide an seanduine do chur dhíbh, noch atá ar na thruáilleadh ó ainmhíanuibh seachráin;

Agus bheith dháoibh ar bhur nathnúadhughadh a sbioruid bhur ninntinne;

Agus an duine núadh do chur íomuibh, noch atá ar na chrúthughadh do réir Dé a bhfiréuntachd agus a bhfíornáomhthachd.

Uime sin ar ndealughadh ris an mbréig dháoibh, lábhradh gach áon aguibh a nfírinne ré ná chomharsuin: óir as buill dá chéile sinn.

Bíodh fearg oruibh, gidheadh ná déunuigh peacadh: ná maireadh bhur bhfearg go dul na gréine fáoi:

Agus ná tuguidh áit do diábhal.

An tí do rinne goid ná gadah ní sá mhó: achd go madh luáithe dheánas sé sáothar, ag oibriughadh maitheasa ré na lámhuibh féin, ionnus go mbíádh ní aige ré thabhairt don tí air bhfuil ríachdanus.

Ná tigheadh bríathar ar bith thruáillighe amach as bhur mbéul, achd gidh bé bríathar fhoghnas chum follamnuighthe, ionnus go dtíubhradh grása don luchd éisdeacha.

Ag déunamh díthchill air áondachd na Sbioruide do choimhéud a gcoimhcheangal siothchána.

1 Corantaigh 7:2-5

Gidheadh, do sheachna sdríopachais, bíodh a bhean féin ag gach áoinneach, agus a fear féin ag gach éunmhnáoi.

Fanadh gach áon sa ngairm ionar goireadh é.

Nar goireadh thú ad shearbhfhoghantuidhe? ná bíodh suim agad ann: gidheádh más féidir leachd bheith sáor, go madh hé sin do rogha.

Oír an tí atá ar na ghairm sa Dtighearna, na shearbhfhoghantuidhe, is duine sáor é don Tighearna: is mar an gcéudna fós an tí atá ar na ghairm, ar mbeith dhó sáor, as searbhfhoghantuidhe do Chríosd é.

Do ceannchadh sibh ar lúach; ná bíghidh bhur séirbhíseachuibh do dháoinibh.

A dheárbhráithreacha, fanadh gach aon ag Día, sa ngairm a fuáir sé.

Achd a dtáobh na maighdean ní bhfuil áithne an Tighearna agam: gidheadh do bheirim comhairle, mar neach fuáir trócaire ón Dtighearna ré bheith díleas.

Uime sin sáoilim gur maith so ar son an riachdanuis atá do lathair, óir is maith do dhuine bheith mar sin.

An bhfuil tú ceangailte do mhnáoi? na híarr dealadh ría. An bhfuil tu sgáoilti ó mhnáoi? ná hiarr bean.

Achd fós ma phósann tú, ní bhfuil peacadh dhuint ann; agus má phósann maighdean, ní bhfuil peacadh dhi ann. Gidheadh do gheubhaid a leithid so buáidhirt do tháóbh na feóla: achd atáimse da bhur ccoigilt.

As uime a deirim so, a dhearbhraithreacha, do bhrígh na haimsire do bheith aithghearr: ionnus go mbíadh an drung agá bhfuilid mná mar nach bíadh mná acá;

Tugadh an fear a dúalgus féin don mhnáoi: agus an bhean don fhior mar an gcéudna.

Agus an dream do ní cáoi, mar dhruing nach déún cáoi; agus an dream do ní gáirdeachus, mar luchd nach dein gáirdeachus; agus an dream cheannchus, mar dháóinibh gan sealbh aca;

Agus an dream chaitheas an sáoghalsa, mar dhruing nach ccaitheann é: óir imthigh sgéimh an tsáoghailse thart.

Agus bá mian leam sibhse do bheith gan rochúram. An té nach bí pósda, bí ouram na néitheann bheanus ris an Tighearna air, cionnus budh fhéidir ris toil an Tighearna do dhéunamh:

Achd an té bhíos pósda bí cúram na neitheann sáoghalta air, cionnus búdh fhéidir leis toil a mhná do déunamh.

Atá dithfir eidir bean agus máighdion. Bí curam na neitheann nbheanus ris an Dtighearna air an mnáoi nach bí pósda, ionnus go mbíadh sí náomhtha a gcorp agus a spioraid: achd bí cúram na neitheann bheanus ris an sáoghal ar an mnáoi bhíos pósda, cionnus búdh fhéídir ría toil a fir do dhéunamh.

Agus is ar mhaith libhse a deirim na neithesi; ní chum bhur ngabhála a ndúl, achd chum an ní noch is damhail, achd ionnus go cceangalfadh sibh don Tighearna gan trioblóid.

Achd dá sáoilidh éinneach nach iomchubhaidh dhá mhaighdin bláth a haimsire do léigean tháirrsi, agus gur cóir a dhéanamh mar sin, déunadh mar is áill ris féin, ní bhfuil peacadh dhó ann: pósdar íad.

Achd an tí atá dearbhtha as a chroidhe féin, ar nach bhfuil riachdanus, agus fhéudus a thoil féin do cheannsughadh, agus do chuir so roimhe iona chroidhe a mhaighdean do choimhéud, is maith do ní sé é.

Uime sin is maith do ní an té do bheir dfior í; achd is fearr do ní an té nách tabhair dfior í.

Atá an bhean ceangailte ó dhligheadh ar feadh sháoghail a fir; gidheadh dá bhfaghuidh a fear bás, atá sí sáor ré pósadh ris an tí as áill ría; amháin sa Dtighearna.

Ní ag an mnáoi atá cumus a cuirp féin, achd ag an bhfear: agus ní ag an bhfear atá cúmus a chuirp féin mar an gcéudna, achd ag an mnáoi.

Achd do réir mar sháoilimse, as mó is beannaighe í da nanaidh sí mar sin: agus is dóigh leamsa go bhfuil Spiorad Dé agum féin.

Ná meallaidh a chéile, achd amháin do thoil a chéile air feadh tamuill, chum sibh féin do thabhairt do throsgadh agus dúrnaighe; agus a rís taguidh a gceann a chéile, deagla go gcuirfeadh Satán cathughadh oraibh tre bhur neamhgheanmnuidheachd.

1 Corantaigh 7:2-3

Gidheadh, do sheachna sdríopachais, bíodh a bhean féin ag gach áoinneach, agus a fear féin ag gach éunmhnáoi.

Fanadh gach áon sa ngairm ionar goireadh é.

Nar goireadh thú ad shearbhfhoghantuidhe? ná bíodh suim agad ann: gidheádh más féidir leachd bheith sáor, go madh hé sin do rogha.

Oír an tí atá ar na ghairm sa Dtighearna, na shearbhfhoghantuidhe, is duine sáor é don Tighearna: is mar an gcéudna fós an tí atá ar na ghairm, ar mbeith dhó sáor, as searbhfhoghantuidhe do Chríosd é.

Do ceannchadh sibh ar lúach; ná bíghidh bhur séirbhíseachuibh do dháoinibh.

A dheárbhráithreacha, fanadh gach aon ag Día, sa ngairm a fuáir sé.

Achd a dtáobh na maighdean ní bhfuil áithne an Tighearna agam: gidheadh do bheirim comhairle, mar neach fuáir trócaire ón Dtighearna ré bheith díleas.

Uime sin sáoilim gur maith so ar son an riachdanuis atá do lathair, óir is maith do dhuine bheith mar sin.

An bhfuil tú ceangailte do mhnáoi? na híarr dealadh ría. An bhfuil tu sgáoilti ó mhnáoi? ná hiarr bean.

Achd fós ma phósann tú, ní bhfuil peacadh dhuint ann; agus má phósann maighdean, ní bhfuil peacadh dhi ann. Gidheadh do gheubhaid a leithid so buáidhirt do tháóbh na feóla: achd atáimse da bhur ccoigilt.

As uime a deirim so, a dhearbhraithreacha, do bhrígh na haimsire do bheith aithghearr: ionnus go mbíadh an drung agá bhfuilid mná mar nach bíadh mná acá;

Tugadh an fear a dúalgus féin don mhnáoi: agus an bhean don fhior mar an gcéudna.

Seanfhocal 31:10-12

Cía fhéadas bean shubhailceach dfagháil? óir atá a lúach a bhfad ós cionn péarladh.

Cuiridh croidhe a fir a dhóigh go daingionn inte, iondus nach bia ríachtanas re creich aige.

Do dhéana sí maith dhó agus ní holc air feadh láethe a sáoghail.

Matha 5:31-32

Agus a dubhradh, Giodh bé leígtheas a bhean, tabhradh sé leitir dhealaighthe dhi:

Achd a deirimsi ribh, Giodh bé neach léigfeas a bhean, (achd amháin ar son adhaltrannais,) go dtugann se uirrthe adhaltrannas do dhéunamh: agus an té do bhéaraidh an bheansin do léigeadh do ní sé adhaltrannas

Salm 127:1

Muna bhfoirgníghe an TIGHEARNA an tigh, is díomhaóin oibrighid an lucht fhoirgnighios é: muna ccumhduighe an TIGHEARNA an chathair, is go díomhaóin do ní an fear coimhéada faire.

Marcas 10:9

Ar a nadhbharsin gidh bé ní do cheangail Día ré chéile, na sgáoileadh duine é.

Geineasas 24:67

Agus tug Isaac leis í go Pubuil a mhathar Sárah, agus do ghabh chuige Rebecah, agus do bhí na mnáoi aige; agus do ghrádhuigh í: agus do comhfhurtachduigheach Isaac déis bháis a mhathar.

1 Corantaigh 7:10-11

Achd áithnighim don druing atá pósda, bíodh nach misi, achd an Tighearna, Gan an bhean do dhealughadh ré na fear.

Achd má dhealuigheann sí ris fhanadh sí gan phósadh, nó bíodh sí réidh ré na fear: agus ná ligeadh an fear a bhean.

Eifisigh 5:21

Ag déunamh úmlachda dhá chéile a neagla Dé.

Rómhánaigh 12:10

Bíodh toil aguibh dhá chéile maillé ré grádh bráithreamhuil; ag tabhairt onóra uáibh gach áon ag dul roimhe a chéile;

Seanfhocal 19:14

Tigh agus saidhbhrios isé oighreacht a nathar: agus is ón TTIGHEARNA atá an bhean ghlic.

Filipigh 2:2

Coimhlíonuidh mo gháirdeachasa, ré bheith díbh déininntinn, dáonghrádh, déuntoil, agus déinbhreitheamhnas.

Filipigh 2:2-4

Coimhlíonuidh mo gháirdeachasa, ré bheith díbh déininntinn, dáonghrádh, déuntoil, agus déinbhreitheamhnas.

Oír ní bhfuil a chamhuil agum ar fheabhus a inntinne, noch ar a mbíadh cúram na neitheann bheanas ribhse go dúthrachdach.

Oír síad na neithe bheanas ríu féin íarruid na huile, agus ní híad na neithe bheanas ré Híosa Críosd.

Achd atá fios a dhearbhthachdsan aguibhse, eadhon go ndearna sé miniosdrálachd um fhochairse sa tsoisgéul, amhuil do dhéunadh mac a bhfochair a athar.

Uime sin atá súil agum ris a bhfearsa do chur chuguibh, cómhlúath agus bhías a fhios agus créud bhus cor dhamh féin.

Agus atá muinighin agum sa Dtíghearna go dtiucfuidh mé féin mar an gcéudna chuguibh go haithghearr.

Gidheadh do mheas mé gur riachdanach mo dhearbhráthair Epaphroditus, do chur chuguibh, mo chomhoibrighe, agus mo choimhfhior coguidh, agus bhur dteachdairese, agus an tí do fhóir oram a nám mo riachdanuis.

Oír do bhí fonn a chróidhe ionnuibhse uile, agus do líonadh é do thuirse, tré na chlos dáoibhse go raibh sé lag.

Agus go deimhin do bhí sé lag a bhfogus don bhás: gidheadh do rinne Día trócaire air; agus ní hair amháin, achd oramsa mar an gcéudna, ionnus nach bíadh doilgheas ar muin doilghis oram.

Uime sin bá moide mo dhúthrachd fá na chur chuguibh, ionnus ar na fhaicsin a rís daóibh, go ngéubha gáirdeachas sibh, agus go madh lúghaide mo dhoilgheassa é.

Ar a nadhbharsin gabhuidh chúguibh é sa Dtíghearna maille ris a nuile gháirdeachás; agus bíodh cion mór aguibh ar shamhuilsion:

Gan éinní tré chonnsbóid ná tré ghlóir dhíomháoin; achd a númhlachd inntinne measadh gach áon gur fear neach eile na é féin.

Do bhrígh go dtáinic sé go garr don bhás ar son oibre Chríosd, agus nár chuir suim ann a anam, ionnus go gcoimhlíonfadh sé a nuireasbhaidh do bhí oramsa a dtáobh bhur seirbhísse.

Nár ab íad na neithe bheanais ris féin bhéuras gach áon dá aire, achd gach áon na neithe fós bheanas ré dáoinibh eile.

Galataigh 5:22-23

Achd a sé as toradh don Spiorúid grádh, gáirdeachas, síothcháin, foíghid fhasa, ceannsachd, rún maitheasa do dhéunamh, creideamh,

Macántas, measardhachd: ní bhfuil dligheadh a nadhuigh a samhuil sin.

1 Tiomóid 3:2

Uime sin as coir deasbóg a bheith neamhlochdach, na fhior éunmhná, na dhuine fhaireach, mheassarrdha, mhacánta dáonnachdach, réidh chum teaguisg;

Colosaigh 3:14

Achd ós cionn na neitheannsa uile biodh aguibh carrthannachd, noch as coimcheangal diongmháltachda ann.

1 Teasalónaigh 5:11

Uime sin teaguisgidh a chéile, agus follamnuighidh a chéile, amhuil do ní sibh mar an gcéudna.

1 Corantaigh 16:14

Déanaidh na huile neithe maillé ré grádh.

Salm 128:1-4

Is beannuighe gach áon air a bhfuil eagla an TIGHEARNA; noch shiobhlas iona shlighthibh.

Oír íosfa tú sáothar do lámh féin: biáidh tú sona, agus rachaidh go maith dhuit.

Biáidh do bhean cosmhuil ris an bhfíneamhuin thoruigh ar tháobhuibh do thighe: do chlann cosmhuil le planntoighibh chroinn na hola a ttimthioll do bhóird.

Féuch, gur marso bhías an duine beannuigh air a bhfuil eagla an TIGHEARNA.

Salm 37:4

Agus bíodh do dhúil fós annsa TIGHEARNA; agus do bhéura sé dhuit íarratas do chroidhe.

Seanfhocal 15:17

Is féarr dínnér luibhionn mar a mbí grádh, ná damh bíadhta agus fúath maille ris.

Rómhánaigh 13:8

Ná bíodh fíacha ag áoin neach oraibh, achd amháin sibh féin do ghrádhughadh a cheile. (Oír an tí ghrádhaigheas a chómharsa do choimhlíon se an dligheadh.)

Rómhánaigh 15:5-6

Agus go dtugaidh Día na foighide agus na cómhfhurtachda dhaóibh bheith dáoininntin a dtáobh a chéile do réir Iósa Críosd:

Ionnus go madh héidir libh go háontadhach ré hén bhéul amháin, Día Athair ar Dtighearna Iósa Críosd do mholadh.

Eifisigh 6:1-3

A chlann, bíghidh úmhal dá bhur naithribh agus da bhur maithribh sa Dtíghearna: óir as coir so.

Fá dheóigh, a dhearbhráithreacha, bíghidh neartmhar sa Dtíghearna, agus a gcúmhachd a neirtsion.

Cuiridh iomuibh armáil Dé go huilidhe, ionnus go madh féidir libh seasamh a nadhuigh shlightheadóireachd an Díabhail.

Oír ní ré fuil agus ré féoil do níomuid sbáirn, achd ré húachdaranuibh, ré cúmhachduibh, ré prionnsuidhibh an domhuin dhorchaduis an tsáoghailse, ré drochsbioraduibh, noch atá sna hionaduibh árda.

Uime sin glacuidh chuguibh armáil Dé go huilidhe, chum go madh-féidir libh cur na nadhuigh a ló an ríachdanuis, agus seasamh ar gcríochnughadh, na nuile neitheann dáoibh.

Uime sin seasuidh, ar mbeith dá bhur leasrachuibh ar na gcreaslughadh ré firinne, agus ar gcur éidigh uchda na fíreantachda iomuibh;

Agus brogan ullmhuighthe shoisgéil na siothchána fá bhur gcosaibh;

Agus tar gach uile ní, glacuibh chuguibh, sgíath an chreidimh, tré na dtucfuidh dhíbh uile gháethe tinntighe na drochsbioruidedo mhúchadh.

Agus gabhuidh chuguibh clogud na sláinte, agus cloidheamh na Sbioruide, eadhon bríathar Dé.

Ar mbeith díbh ag úrnuighe do shíor ré gach áoin ghné úrnuighe agus athchuinghe trés an Sbiorúid, agus ag féire sá ní gcéudna maille ré gach uile bhúanas agus ghuidhe ar son na nuile náomh;

Agus ar mo shonsa, ionnus go dtiubhartháoi dhamh cumas labhartha, a nosgladh mo bhéil maille ré danach, chum seicreide an tsoisgéil do fhoillsiughadh dhamh.

Tabhair onóir dod athair agus dod mhathair; (noch as é chéud áithne maille ré geallamhuin;)

Dá bhfuilim um theachdaire a ngéibheann: ionnus go ndéunuinn danachd labhartha as, mar as éigean damh lábhairt.

Achd ionnus go mbíadh fios aguibhse air na neithibh bheanas riomsa, agus créd do nim, foillseóchuidh Tichicus, dearbhráthair grádhach agus minisdir díleas sa Dtíghearna, na huile neithe dhibh:

Noch do chur mé chuguibh a dtimchioll a nádhbhairse féin, ionnus go mbíadh fios na neitheann bheanus rinne aguibhse, agus go dtíubhradh cómhfhurtachd dá bhur gcróidhthibh.

Siothcháin ris na dearbhráithribh, agus grádh maille ré creideamh, ó Dhía Athar agus on Dtíghearna Iósa Críosd.

Grása maille ris na huile dháoinibh ghrádhuigheas ar Dtíghearna Iósa Críosd maille ré neamhthruáilleadh. Amén.

Ionnus go mbíadh rath ort, agus go mbíadh fad-sáoghuil agad ar an dtalamh.

1 Eoin 4:19

Bheirmíd grádh dhósan, do bhrígh gur ghrádhuigh sé sinn ar tús.

Paidir chun Dé

A Ghrá Dé, a Athair naofa, a thagann mé chugat inniu trí mo Thiarna Íosa Críost! Guím ort go neartófá mo cheangal pósta agus nach mbeadh an focal grámhar, rómánsúil as láthair riamh ar mo bhéal do mo ghrá geal. Fiú i lár na dtrialach agus na ndeacrachtaí, guím nach mbacfaidh an grá agus an paisean, ach go gcoimeádfar lasair ár ngrá beo. A Thiarna, guím go mbeinn in ann mo ghrá a mhealladh gach lá, díreach mar a rinne mé an chéad uair agus go bhfanfaimid dílis dá chéile, le bheith ann sna hamanna maithe agus sna drochamanna, san fhlaithiúlacht agus sa gannchuid, sa tsláinte agus sa tinneas. Deir do bhriathar, a Athair: "Ní féidir leis na huiscí móra an grá a mhúchadh, ná ní féidir leis na haibhneacha é a bhá. Dá dtabharfadh duine uile mhaoin a thí ar son an ghrá seo, déanfaí beag is fiú de." Go raibh maith agat, a Thiarna, as do bhriathar milis, cabhraigh liom é a chur i ngníomh agus go ndéanfaí beo é i mo phósadh. I n-ainm Íosa. Amen.