Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Filipigh 2:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 cuirigí barr ar mo chuid áthais trí bheith ar aon aigne le chéile, ar aon ghrá, ar aon toil agus ar aon aigne.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 cuirfidh sibh lánlúcháir orm, ach sibh a bheith ar aon intinn, aon ghrá agus aon anam amháin, agus aon bharúil amháin a bheith agaibh,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 agus bidhidh ar aon aigne, ar aon ghrádh, ar aon toil, ar aon mheon amháin;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Coimhlíonuidh mo gháirdeachasa, ré bheith díbh déininntinn, dáonghrádh, déuntoil, agus déinbhreitheamhnas.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 cuirigí barr ar mo chuid áthais trí bheith ar aon aigne le chéile, ar aon ghrá, ar aon toil agus ar aon aigne.

Féach an chaibidil Cóip




Filipigh 2:2
28 Tagairtí Cros  

Ar son mo bhráithre agus lucht mo pháirte, síocháin go raibh ionat.


An té a bhfuil an nuachair aige, sin é an céile; ach cara an chéile, atá ina sheasamh ag éisteacht leis, tagann racht áthais air de bharr guth an chéile. An t‑áthas mar sin atá ormsa, tá sé iomlán.


Lean siadsan go léir ag guí gan staonadh le chéile mar aon le mná áirithe agus le Muire máthair Íosa agus lena bhráithre.


Nuair a tháinig Lá Cincíse bhí siad go léir le chéile ar aon láthair.


Thagaidís le chéile in aon bhuíon sa Teampall gach lá ach bhrisidís arán i dtithe a chéile agus chaithidís a gcuid le chéile le móráthas agus le sástacht chroí


Bhí mórán míorúiltí agus éachtaí á ndéanamh ag na haspail i measc an phobail. Chruinnídís de thoil a chéile i bPóirse Sholaimh


Bígí báúil le cách agus in ionad a bheith ardnósach déanaigí caidreamh leis na daoine ísle. Ná héirigí teann as bhur gcuid gaoise féin.


Impím oraibh, a bhráithre, in ainm ár dTiarna Íosa Críost, sibh go léir a bheith ar aon fhocal agus gan aon siosmaí a bheith eadraibh, ach sibh a bheith dlúite le chéile ar aon aigne agus ar aon intinn.


Agus anois, a bhráithre, fágaim slán agaibh. Déanaigí bhur mbeatha a leasú. Tugaigí spreagadh dá chéile. Bígí socair síochánta le chéile agus beidh Dia an ghrá agus na síochána faraibh.


Sin é go díreach an rud a scríobh mé chugaibh i dtreo, nuair a thiocfainn, nach brón a gheobhainn ó na daoine dar dual áthas a chur orm, mar bhí mé cinnte fúibh go léir go mba chúis áthais daoibhse áthas a bheith ormsa.


Agus níorbh é a theacht sin amháin a chuir misneach orainn ach an spreagadh a bhí faighte aige uaibhse chomh maith; thug sé cuntas dom ar a mhéid a bhí sibh ag tnúth liom, ar an mbrón a bhí oraibh agus ar a dhíograisí a bhí sibh dom, rud a chuir go mór le mo lúcháir.


agus gach uair a bhím ag guí déanaim guí oraibh uile go lúcháireach,


mar go bhfuil scéal na beatha le tairiscint agaibh dóibh. Dá chionn beidh sé le maíomh agamsa lá Chríost nach in aisce a thug mé mo chúrsa agus nach in aisce a rinne mé saothar.


Níl aon duine agam atá chomh báúil leis-sean ná chomh himníoch dáiríre fúibhse.


Impím ar Euoidia agus ar Shinticé teacht chun muintearais le chéile sa Tiarna;


Mar, más ea féin go bhfuilim i bhfad uaibh i bpearsa, táim faraibh sa spiorad, agus is cúis áthais dom sibh a fheiceáil in ord agus in eagar, agus a dhaingne atá bhur gcreideamh i gCríost.


Tá sé d'fhiacha orainne bheith ag gabháil buíochais le Dia gan stad mar gheall oraibh, a bhráithre, a bhfuil gnaoi an Tiarna oraibh, de bhrí gur roghnaigh Dia ó thús sibh chun go slánófaí sibh trí naomhú ón Spiorad agus trí chreidiúint san fhírinne.


Agus nuair a chuimhním ar na deora a shil tú is fada liom go bhfeicfidh mé thú go líonfaí mo chroí le háthas.


Is ea, a bhráthair, táim ag iarraidh aisce ort sa Tiarna; tabhair tógáil chroí dom i gCríost.


Ba mhór mo lúcháir a aireachtáil go bhfuil cuid de do chlann ag siúl san fhírinne de réir na haithne a fuaireamar ón Athair.


Níl aon chúis ghairdis agam is mó ná a aireachtáil go siúlann mo chlann san fhírinne.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí