Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Matha 13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 An lá céadna sin do chuaidh Íosa amach as an tigh, agus bhí sé ’n‐a shuidhe ar bhruach na fairrge.

2 Agus do chruinnigh na sluaighte móra chuige, ionnas go ndeachaidh sé isteach i mbád, agus gur shuidh sé innti; agus do bhí an sluagh go léir ’n‐a seasamh ar an dtráigh.

3 Agus do mhúin sé mórán neithe i samhlaoidibh dhóibh, agus adubhairt sé, Féach, do chuaidh síoladóir amach ag cur síl;

4 agus ag cur an tsíl dó, thuit cuid de le h‐ais an bhealaigh mhóir, agus tháinig na h‐éanlaithe agus d’itheadar é: agus do thuit cuid eile dhe ar thalamh clochach,

5 i n‐áit nach raibh mórán úire aige: agus d’fhás se go luath, toisc nach raibh aon doimhneacht úire aige:

6 agus nuair d’éirigh an ghrian, do dóigheadh é, agus de bhrigh nach raibh aon fhréamh aige, d’fheogh sé.

7 Agus do thuit cuid eile dhe ar an drisleach; agus d’fhás an drisleach, agus do thacht sé é;

8 agus do thuit cuid eile dhe ar an talamh maith, agus thug sé toradh uaidh, cuid de fá chéad, cuid eile fá thrí fichid, cuid eile fá thriochaid.

9 An té ag a bhfuil cluasa chum éisteachta, éisteadh sé.

10 Agus tháinig na deisceabail, agus adubhradar leis, Cad chuige a labhrann tú leo i samhlaoidibh?

11 Agus d’fhreagair sé, agus adubhairt, Tugadh dhaoibh‐se eolas ar rúin‐diamhair ríoghachta na bhflaitheas, acht ní tugadh dhóibh‐siúd é.

12 Óir an té ag a bhfuil nidh, do‐bhéarfar dó, agus béidh flúirse aige: acht an té nach bhfuil éinnidh aige, bainfear de fiú amháin a bhfuil aige.

13 Is ar an adhbhar sin labhraim leo i samhlaoidibh: óir, gidh go bhfuil radharc aca, ní fheiceann siad, agus gidh go bhfuil éisteacht aca, ní chluineann siad, agus ní thuigeann siad.

14 Agus cóimhlíontar, ’n‐a dtaobhsan, tarngaireacht Ésáias adeir, Le h‐éisteacht cluinfidh sibh, agus ní thuigfidh sibh; Agus ag féachaint daoibh, dearcfaidh sibh, agus ní fheicfidh sibh;

15 Óir atá croidhe an phobail seo dúr, Agus cluineann siad agus bodhaire ’n‐a gcluasaibh, Agus atá a súile dúnta aca; Ar eagla go bhfeicfidís le n‐a súilibh, Agus go gcluinfidís le n‐a gcluasaibh, Agus go dtuigfidís le n‐a gcroidhe Agus go n‐iompóchaidís, Agus go leigheasfainn iad.

16 Acht is aoibhinn d’bhúr súilibh‐se, óir do‐chíd: agus do bhúr gcluasaibh, óir do‐chluinid.

17 Óir adeirim libh go fírinneach, gurbh iomdha fáidh agus fíréanach gur mhian leo na neithe do‐chí sibh‐se d’fheicsin, agus nach bhfacadar iad; agus na neithe do‐chluin sibh‐se do chluinsin, agus nach gcualadar iad.

18 Éistidh, mar sin, le samhlaoid an tsíoladóra.

19 Nuair do‐chluin aoinneach briathar na ríoghachta, agus nach dtuigeann sé é, tig an ainspioraid, agus sciobann sí léi an nidh do cuireadh ’n‐a chroidhe. Is é sin an té ’n‐ar cuireadh an síol le h‐ais an bhealaigh mhóir.

20 Agus an duine ’n‐ar cuireadh an síol ins na h‐áiteannaibh clochacha, is é sin an duine do‐chluin an briathar, agus ghlacas le h‐áthas ar an láthair é;

21 acht ní fhuil aon fhréamh aige ann féin, acht seasann sé ar feadh scathaimh; agus nuair éirigheas trioblóid nó géirleanmhain, mar gheall ar an mbriathar, glacann sé scannal ar an láthair.

22 Agus an duine ’n‐ar cuireadh an síol sa drisleach, is é sin an té do‐chluin an briathar; agus tachtann cúram an tsaoghail, agus mealladh an tsaidhbhris an briathar, agus bíonn sé gan toradh.

23 Agus an duine ’n‐ar cuireadh an síol sa talamh maith, is é sin an té do‐chluin an briathar, agus thuigeas é; agus do‐bheir toradh uaidh, cuid de fá chéad, cuid de fá thrí fichid, cuid de fá thriochaid.

24 Agus do chuir sé samhlaoid eile rómpa, g‐á rádh, Is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le duine do chuir síol maith ’n‐a ghort:

25 acht nuair do bhí na daoine ’n‐a gcodladh, tháinig a námhaid agus do chroith sé cogal i measc na cruithneachtan, agus d’imthigh sé.

26 Acht nuair d’fhás an geamhar, agus thug sé toradh, annsin do‐chonnacthas an cogal, leis.

27 Annsin tháinig na searbhóntaí chum fir an tighe, agus adubhradar leis, A dhuine uasail, nach síol maith do chuiris id’ ghort? Cad fá ndeara an cogal bheith ann mar sin?

28 Agus adubhairt seisean leo, Námhaid do‐rinne é sin. Agus adeir na searbhóntaí leis, An áil leat go rachaimíd agus go gcnuasfaimíd é?

29 Acht adubhairt seisean, Ní h‐áil liom; ar eagla, ag cnuasach an chogail daoibh,

30 go sracfadh sibh an chruithneacht as a fhréamhachaibh leis. Leigidh dhóibh araoin fás go dtí an fóghmhar: agus i n‐aimsir an fhóghmhar adéarfad‐sa leis na buanaidhthibh, Bailighidh ar dtús an cogal, agus ceanglaidh é ’n‐a phunnannaibh le dóghadh; acht bailighidh an chruithneacht isteach im’ scioból.

31 Do chuir sé samhlaoid eile rómpa, g‐á rádh, Is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le gráinne síl mustáird, do ghlac duine chuige, agus do chuir ’n‐a ghort:

32 is é sin an síol is lugha d’á bhfuil ann; acht nuair fhásas sé, is é an luibh is mó d’á bhfuil ann, agus éirigheann sé ’n‐a chrann, i dtreo go dtig éanlaithe an aéir agus go neaduighid ’n‐a ghéagaibh.

33 Do labhair sé samhlaoid eile leo: Is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le laibhín do ghlac bean, agus do chuir i bhfolach i dtrí tómhasaibh mine, nó gur ghlac an t‐iomlán de an laibhín.

34 Do labhair Íosa na neithe sin uile leis na sluaightibh i samhlaoidibh; agus nior labhair sé leo‐san acht i samhlaoidibh:

35 ionnas go gcóimhlíonfaidhe an nidh adubhradh tríd an bhfáidh, g‐á rádh, Fosclóchad mo bhéal i samhlaoidibh; Nochtfad neithe atá i bhfolach ó cruthuigheadh an domhan.

36 Annsin d’fhág sé na sluaighte, agus do chuaidh sé isteach sa tigh: agus tháinig a dheisceabail chuige, g‐á rádh, Mínigh dhúinn samhlaoid an chogail sa ngort.

37 Agus d’fhreagair sé agus adubhairt, An té chuireas an síol maith, is é Mac an Duine é;

38 agus is é an domhan an gort; agus is iad clann na ríoghachta an síol maith; agus is iad clann an droich‐spioraid an cogal;

39 agus is é an diabhal an námhaid do chuir iad: agus is é deireadh an tsaoghail an fóghmhar; agus is iad na h‐aingil na buanaidhthe,

40 Agus fá mar bailightear an cogal agus dóightear é le teinidh; mar sin bhéas i ndeireadh an tsaoghail.

41 Cuirfidh Mac an Duine a aingil amach, agus baileochaidh siad as a ríoghacht gach adhbhar scannail, agus lucht déanta an uilc,

42 agus caithfidh sé isteach sa teinidh loiscnigh iad: annsin béidh gol agus gíoscán fiacal.

43 Annsin béidh na fíréin ag soillsiú ar nós na gréine i ríoghacht a nAthar. An té ag a bhfuil cluasa chum éisteachta, éisteadh sé.

44 Is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le ciste i bhfolach i ngort; go bhfuair duine, agus gur chuir sé fá cheilt é; agus tré mhéid a áthais imthigheann sé, agus díolann sé a bhfuil aige, agus ceannuigheann sé an gort sin.

45 Arís, is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le ceannaidhe agus é ar lorg péarla luachmhair:

46 agus nuair fuair sé péarla an‐luachmhar amháin, d’imthigh sé, agus do dhíol sé a raibh aige, agus do cheannuigh sé é.

47 Arís, is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le líon do cuireadh isteach sa bhfairrge, agus do thóg gach uile shórt éisc:

48 agus nuair do bhí sé lán, do tarraingeadh é ar an gcladach; agus ar suidhe dhóibh, do bhailigh na daoine na h‐iascanna maithe i soithighibh, acht do chaitheadar uatha na droch‐iascanna.

49 Mar sin bhéas i ndeireadh an tsaoghail: tiocfaidh na h‐aingil amach, agus deaghlóchaid na droch‐dhaoine as lár na bhfíréan,

50 agus caithfid isteach sa teinidh loiscnigh iad: annsin béidh gol agus gíoscán fiacal.

51 Ar thuigeabhar an méid sin? Adubhradar leis, Do thuigeamar.

52 Agus adubhairt seisean leo, D’á bhrigh sin, gach scríobhaidhe atá ’n‐a dheisceabal do ríoghacht na bhflaitheas, is cosmhail é le fear tighe, do‐bheir amach as a chiste neithe nua agus neithe seanda.

53 Agus tharla, nuair do bhí na samhlaoidí críochnuighthe ag Íosa, gur imthigh sé as an áit sin.

54 Agus ag teacht isteach ’n‐a dhúthaigh féin dó, thug sé teagasc dóibh ’n‐a sionagóig, i dtreo go raibh iongnadh ortha, agus go ndubhradar, Cá bhfuair an fear so an eagna, agus na cumhachta móra so.

55 Nach é seo mac an tsiúinéara? Nach dtugtar Muire ar a mháthair? agus Séamas, agus Seosamh, agus Síomón, agus Iúdás ar a dhearbhráithribh?

56 Agus a dheirbhsheathracha, nach bhfuilid‐sean go léir ’n‐ár measc. Cad as, mar sin, a bhfuair an fear so na neithe sin go léir?

57 Agus fuaradar scannal ann. Acht adubhairt Íosa leo, Ní bhíonn fáidh gan onóir, acht ’n‐a dhúthaigh féin, agus ’n‐a theaghlach féin.

58 Agus ní dhearna sé mórán míorbhal san áit sin mar gheall ar a ndíthchreideamh.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí