Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 13:35 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

35 ionnas go gcóimhlíonfaidhe an nidh adubhradh tríd an bhfáidh, g‐á rádh, Fosclóchad mo bhéal i samhlaoidibh; Nochtfad neithe atá i bhfolach ó cruthuigheadh an domhan.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

35 Tharla sin mar thuar ar an tairngreacht: “Osclóidh mé mo bhéal i bhfáithscéalta, nochtfaidh mé ar folaíodh ó bhunú an domhain.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

35 Ionnas go gcóimhlíontaí an rud a dubhradh tríd an fháidh, a dubhairt: Fosclóchaidh mé mo bhéal i bhfáithscéalta; nochtfaidh mé neithe atá foluighthe ó thús an tsaoghail.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

35 Do chum go gcoimhlíonfuidhthe an ní a dubhradh leis an bhfáidh, a deir, Oisgéoluidh mé mo bhéul tré chosamhlachdaibh; nochdfuidh me neither a tá foluighthe ó thosach an domhain.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

35 Ionus go gcómhlíonfaí an focal a labhair an fáidh nuair adubhairt sé: Osgalóchad mo bhéal i soluídíbh; nochtfad neithe atá foluighthe ó chruthniú an domhain.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

35 agus sin mar a comh-líonadh a ndúradh tríd an bhfáidh: “Labhróidh mé i bparabail, nochtfaidh mé nithe ba rún ó thúsú an domhain.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 13:35
24 Tagairtí Cros  

Agus cóimhlíontar, ’n‐a dtaobhsan, tarngaireacht Ésáias adeir, Le h‐éisteacht cluinfidh sibh, agus ní thuigfidh sibh; Agus ag féachaint daoibh, dearcfaidh sibh, agus ní fheicfidh sibh;


Agus do mhúin sé mórán neithe i samhlaoidibh dhóibh, agus adubhairt sé, Féach, do chuaidh síoladóir amach ag cur síl;


Annsin adéarfaidh an Rí leo‐san bhéas ar a láimh dheis, Tigidh, a dhaoine beannuighthe lem’ Athair, sealbhuighidh an ríoghacht atá ullmhuighthe ’n‐bhúr gcómhair ó bhunú an domhain:


tháinig a dheisceabail chuige: agus d’fhoscail sé a bhéal, agus do theagaisc sé iad, g‐á rádh,


Acht, cheana, ba shócamhlaighe do Thuire agus do Shídóin sa mbreitheamhnas ’ná dhaoibh‐se.


A Athair, is é is mian liom na daoine thugais dom do bheith mar a bhfuilim; go bhfeicfidh siad mo ghlóir, a thugais‐se dhom: óis thugais grádh dhom roimh chruthú an domhain.


Adeir an Tighearna, atá ag cur na neithe sin i dtuigsin ó thosach an tsaoghail.


acht labhraimíd eagna Dé ’n‐a diamhar‐rún do bhí fá cheilt, d’órduigh Dia chum ár nglóire roimh thosach an tsaoghail;


nár foillsigheadh do chlannaibh daonna ins na h‐aoisibh eile, fá mar tá sé foillsighthe anois d’á naomh‐abstalaibh agus d’á naomh‐fháidhibh tríd an Spiorad:


agus a chur i dtuigsin cionnas mar dáileadh an rúindiamhair do bhí fá cheilt leis na ciantaibh i nDia do chruthuigh gach uile nidh;


Is iomdha modh agus slighe ’n‐ar labhair Dia fad ó le n‐ár sinnsearaibh tré na fáidhibh,


Agus bhéarfaidh lucht áitreabha na talmhan adhradh dhó, gach duine nach bhfuil a ainmh scríobhtha i leabhar beathadh an Uain do h‐íodhbaradh ó bhunadh an domhain.


An t‐ainmhidhe do chonnacais, do bhí sé ann, agus ní fhuil sé ann: agus atá sé le teacht aníos as an duibheagán agus imtheacht chum léirscriosta. Agus béidh iongnadh ar lucht áitreabha na talmhan, ar an méid nach bhfuil a n‐ainmneacha scríobhtha ó thosach an tsaoghail i leabhar na beathadh, nuair chífeas siad an t‐ainmhidhe, de bhrigh go raibh sé ann, agus nach bhfuil sé ann, agus go bhfuil sé le teacht.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí