Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Matha 13 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XIII. Parabal churadóra an chogail, agus parabal an tsíl-mhustáird, ⁊rl.

1 Sa lá san chuaidh Íosa amach as an dtigh, agus bhí sé n-a shuidhe ar bruach na faraige.

2 Agus do chruinnigh sluaighte móra, i dtreó go ndeaghaidh sé ar bórd na luinge bige agus gur shuidh sé ínti, agus gur sheasaimh an tsluagh go léir ar an dtráigh.

3 Agus do dhein sé a lán cainte leó i bhfuirm soluídí, agus dubhairt sé: Féach, do chuaidh síoladóir amach ag cur síl.

4 Agus nuair a bhí sé ag cur an tsíl do thuit cuid acu i n-aice an bhóthair; agus tháinig éanlaithe an aeir agus d’itheadar iad.

5 Agus do thuit cuid eile acu i n-áit i n-a raibh clocha agus ithir shuarach; agus d’fhásadar go luath, toisg gan doimhneas ithreach a bheith acu.

6 Agus d’eirigh an ghrian agus do ghoill an teas ortha; agus toisg gan an phréamh a bheith acu d’fheóchadar.

7 Agus do thuit cuid eile acu ameasg na sgeach; agus d’fhás na sgeacha agus mhúchadar iad.

8 Thuit cuid eile acu, ámhthach, ar thalamh fhóghanta; agus thugadar toradh, cuid acu fó chéad, cuid acu fó thrí fichid, cuid acu fó thríochad.

9 An t-é go bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh sé.

10 Agus tháinig na deisgiobuil chuige agus dubhradar: Cad fá gur i soluídíbh a labhrann tú leó?

11 Agus d’fhreagair sé agus dubhairt: Mar do tugadh daoibh-se eólus do chur ar rú nDiamhraibh rígheachta na bhflathas; do’n chuid eile, ámhthach, níor tugadh san.

12 Óir an t-é go bhfuil aige tabharfar dó, agus beidh flúirse aige; agus an t-é ná fuil aige tógfar uaidh a bhfuil aige.

13 Labhraim leó i soluídíbh mar tá radharc acu agus ní fheicid siad, agus tá éisteacht acu agus ní chloisid siad, ná ní thuigid siad.

14 Agus cómhlíontar ionta targaireacht Isáiais, mar a ndeir sé: Le cloisint cloisfidh sibh agus ní thuigfidh sibh, agus ag féachaint chífidh sibh agus ní feicfidh sibh.

15 Óir tá croidhe an phobuil seo tromaídhe, agus le n-a gcluasaibh cloisid siad go bodhar, agus tá a súile dúnta acu; le h-eagla, luath ná mall, go bhfeicfidís le n-a súilibh, agus go gcloisfidís le n-a gcluasaibh, agus go dtuigfidís i n-a gcroidhe, agus go n-iompóchaidís agus go slánóchainn iad.

16 Ach is aoibhinn d’bhúr súilibh-se, óir chíd; agus d’bhúr gcluasaibh, óir cloisid.

17 Óir go deimhin adeirim libh gur ’mó fáidh agus fíoraon gur mhian leó na neithe a d’fheisgint a chíonn sibh-se, agus ní fheacadar iad; agus na neithe do chlos a chloiseann sibh-se agus níor chloiseadar iad.

18 Éistidh-se anois le soluíd an tsíoladóra.

19 Gach duine a chloiseann briathar na rígheachta agus ná tuigeann é, tagann an droch-spioraid agus tógann sé an síol a cuireadh ’n-a chroídhe sin. Siné an síol a cuireadh i n-aice an bhóthair.

20 An t-é a ghlac an síol mar a raibh na clocha, siné an t-é a chloiseann an briathar agus do ghlacann láithreach é le h-áthas;

21 Ach ní’l an phréamh aige; ní leanann sé ach tamall; agus nuair a thagann an trioblóid agus an ghéarleanmhaint mar gheall ar an mbriathar, glacann sé sgannal.

22 Agus an t-é a ghlac an siól ins na sgeachaibh, siné an t-é a chloiseann an briathar, agus go ndeineann cúram an tsaoghail seo agus mealladh saidhbhris an briathar do mhúchadh, agus bíonn sé gan toradh.

23 Ach an t-é a ghlac an síol isteach sa talamh fóghanta, siné an t-é a chloiseann an briathar agus do thuigeann é, agus a thugann toradh uaidh, agus tugann sé cuid de’n toradh fó chéad, agus cuid eile dhe fó thrí fichid, agus cuid eile dhe fó thríochad.

24 Thug sé soluíd eile dhóibh, agus dubhairt sé: Is cosmhail rígheacht na bhflathas le duine a chuir síol fóghanta ’n-a chuid tailimh;

25 Ach nuair a bhí na daoine ’n-a gcodladh tháinig an namhaid agus do chuir sé cogal i lár na cruithneachtan, agus d’imthigh sé.

26 Agus nuair a bhí an geamhar ag fás, agus an toradh ag teacht, do chonacthas an cogal leis.

27 Ansan tháinig na seirbhísigh chun fir an tighe, agus dubhradar leis: A Thigearna, nách síol fóghanta a chuiris ad’ chuid tailimh? Cá bhfuair sé an cogal mar sin?

28 Agus dubhairt sé leó: Namhaid a dhein an nídh sin. Agus dubhairt na seirbhísigh leis: An toil leat sinn do dhul agus an cogal a bhaint?

29 Agus dubhairt sé: Ní toil; le h-eagla, ag stathadh an chogail daoibh, go stathfadh sibh an chruithneacht leis.

30 Leigtear dóibh araon fás go dtagaidh an fóghmhar, agus nuair a thiocfaidh an fóghmhar déarfad leis na buanaidhthibh: Bailighidh an cogal ar dtúis, agus ceangalaidh é ’n-a phunanaibh le dóghadh, ach deinidh an chruithneacht do bhailiú isteach am’ sgioból.

31 Agus chuir sé soluíd eile os a gcómhair, agus dubhairt sé: Is cosmhail rígheacht na bhflathas le gráinne de shíol mustáird a thóg duine le cur ’n-a gharaidhe.

32 Ní’l síol ar bith is lúgha ’ná é; ach nuair fhásann sé ní’l glasra ar bith is mó ’ná é, agus dheineann crann dé, i dtreó go dtagaid éanlaithe an aéir agus go neaduighid siad ’n-a ghéagaibh.

33 Do labhair sé soluíd eile leó: Is cosmhail rígheacht na bhflathas leis an ngiost a ghlac an bhean agus a chuir sí i bhfolach i dtrí tómhasaibh plúir, go dtí gur ghlac an plúr go léir an giost.

34 Do labhair Íosa na neithe seo go léir leis na daoine i bhfuirm soluídí; agus níor labhair sé leó ach i soluídíbh;

35 Ionus go gcómhlíonfaí an focal a labhair an fáidh nuair adubhairt sé: Osgalóchad mo bhéal i soluídíbh; nochtfad neithe atá foluighthe ó chruthniú an domhain.

36 Ansan do chuir sé chun siubhail an pobul, agus tháinig sé isteach sa tigh, agus tháinig a deisgiobuil chuige agus dubhradar: Mínigh dúinn soluíd an chogail sa ghort.

37 Agus d’fhreagair sé agus dubhairt: Isé Mac an Duine a chuireann an síol fóghanta.

38 Agus isé an domhan an gort. Agus clann na rígheachta, siniad an síol fóghanta. Agus clann an uilc, siniad an cogal.

39 Agus an namhaid a chuir an cogal, siné an diabhal. Agus isé deire an tsaoghail an fóghmhar; agus isiad na h-aingil na buanaidhthe.

40 D’á bhrígh sin, mar a bailightear an cogal agus a dóightear é sa teine, sin mar a bheidh i ndeire an tsaoghail.

41 Cuirfidh Mac an Duine a aingil amach agus baileóchaid siad as a rígheacht gach sgannal agus lucht déanta an uilc.

42 Agus cuirfid siad sa lasair theine iad. Beidh sa n-áit sin gol agus díosgán fiacal.

43 Ansan beid na fíoraoin ag taithneamh ar nós na gréine i rígheacht a n-Athar. An t-é go bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh sé.

44 Is cosmhail rígheacht na bhflathas le stór a bheadh i bhfolach i bpáirc; agus an t-é a gheibheann é coimeádann sé rún air, agus tré mhéid a áthais imthigheann sé agus díolann sé amach a chuid go léir, agus ceannuigheann sé an pháirc sin.

45 Agus airís, is cosmhail rígheacht na bhflathas le ceannaidhe a bheadh ag lorg péarlaí fóghanta.

46 Agus nuair a fuair sé aon phéarla amháin ana-luachmhar, do dhíol sé a raibh aige, agus do cheannaigh sé an péarla san.

47 Airís, is cosmhail rígheacht na bhflathas le líon a curfaí amach sa bhfaraige, agus do bhaileóch’ an uile shaghas éisg;

48 Agus nuair a bhí sé lán, gur taraingeadh amach é, agus gur shuidh na daoine ar an dtráigh, agus gur thógadar na h-iasga maithe i n-árthaíbh agus gur chaitheadar amach na droch-iasga.

49 Sin mar a bheidh i ndeire an tsaoghail. Imthéochaid na h-aingil amach, agus deighilfid siad na droch-dhaoine a’ lár na bhfíoraon.

50 Agus cuirfid siad sa lasair theine iad. Beidh gol agus díosgán fiacal sa n-áit sin.

51 Ar thuigeabhair na neithe sin go léir? Do thuigeamair, ar siad.

52 Dubhairt sé leó: D’á bhrígh sin, gach sgríbhneóir atá múinte i dtaobh rígheachta na bhflathas, is cosmhail é le fear tighe a thugann amach as a stór neithe nua agus sean-neithe.

53 Agus do tharla, nuair a bhí na solúidí sin críochnuighthe ag Íosa, gur fhág sé an áit sin.

54 Agus tháinig sé isteach ’n-a dúthaigh féin, agus bhí sé ag múineadh na ndaoine ins na sinagógaibh, i dtreó go mbíodh iongnadh ortha, agus go ndeiridís: Cá bhfuair sé seo an eagna so, agus na cómhachta?

55 Nách é seo mac an cheardaidhe? Nách ar a mháthair a tugtar Muire, agus ar a bhráithribh Séamus agus Ióseph agus Símón agus Iúdás?

56 Agus ná fuil a shiúracha go léir i n-ár measg? Agus cá bhfuair sé sin na neithe seo go léir?

57 Agus do ghlacadar sgannal d’á dhruim. Dubhairt Íosa leó, ámhthach: Ní’l fáidh gan onóir ach ’n-a dhúthaigh féin agus ’n-a theaghlach féin.

58 Agus níor dhein sé puínn mírbhuiltí sa n-áit sin, mar gheall ar dhíthchreideamh na ndaoine sin.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí