Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 13:15 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Óir tá croidhe an phobuil seo tromaídhe, agus le n-a gcluasaibh cloisid siad go bodhar, agus tá a súile dúnta acu; le h-eagla, luath ná mall, go bhfeicfidís le n-a súilibh, agus go gcloisfidís le n-a gcluasaibh, agus go dtuigfidís i n-a gcroidhe, agus go n-iompóchaidís agus go slánóchainn iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

15 Mar tá croí na muintire seo i ndiaidh éirí ramhar, agus tugann siad cluas bhodhar, agus dhall siad a súile, ar eagla go bhfeicfeadh a súile, agus go gcluinfeadh a gcluasa, agus go dtuigfeadh a gcroí, agus go dtiontóidís thart ionas go leigheasfadh mise iad.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

15 Óir tháinic maolughadh ar chroidhe an phobail seo, agus ní mó ná gur chuala siad le n-a gcluasa, agus dhruid siad a súla, ar eagla go bhfeiceadh siad am ar bith le n-a súla, agus go gcluineadh siad le n-a gcluasa, agus go dtuigeadh siad le n-a gcroidhthe, agus go dtionntuigheadh siad, agus go leigheasainn iad.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Óir atá croidhe an phobail seo dúr, Agus cluineann siad agus bodhaire ’n‐a gcluasaibh, Agus atá a súile dúnta aca; Ar eagla go bhfeicfidís le n‐a súilibh, Agus go gcluinfidís le n‐a gcluasaibh, Agus go dtuigfidís le n‐a gcroidhe Agus go n‐iompóchaidís, Agus go leigheasfainn iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Oír a tá croidhe an phubuilsi ar na reamhrughadh, agus do chúaladar go bodhar lé na gclúasaibh, agus do chaochadar a súile; deagla go bhfaicfidis lé na súilibh, agus go gcluinfidis lé na gclúasaibh, agus go dtuigfidís le na gcroidhe, agus go bhillfidis, agus go leighéosainnse íad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

15 óir chuaigh croí an phobail seo chun raimhre, mʼéist siad le cluasa bodhra, dʼiaigh siad a súile, dʼeagla go mbeadh radharc na súl acu, ná clos na gcluas, ná tuiscint an chroí, agus go n-iompóidís agus go leigheasfainn iad.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

15 óir chuaigh croí an phobail seo chun raimhre, d'éist siad le cluasa bodhránta, d'iaigh siad a súile, d'eagla go mbeadh radharc na súl acu, ná clos na gcluas, ná tuiscint an chroí, agus go n‑iompóidís agus go leigheasfainn iad.’

Féach an chaibidil Cóip




Matha 13:15
25 Tagairtí Cros  

I dtreó ag féachaint dóibh go bhfeicfidís agus ná feicfidís, agus ag éisteacht go n-aireóchaidís agus ná tuigfidís, sar a ndéanfidís chóidhche iompáil agus go maithfí a bpeacaí dóibh.


Agus dá mbeadh ’fhios agat-sa, sa lá so féin atá agat, na neithe atá chun síothchána dhuit; táid siad, ámhthach, i bhfolach ó d’shúilibh.


Óir tá croidhe an phobuil seo tuitithe i bhfeóil, agus le n-a gcluasaibh dheineadar éisteacht dhúr, agus do dhúnadar a súile, le h-eagla go bhfeicfidís le n-a súilibh agus go n-aireóchaidís le n-a gcluasaibh agus do dtuigfidís le n-a gcroidhe agus go n-iompóchaidís agus go slánóchainn iad.


Déinidh aithríghe dá bhrígh sin, agus iompuighidh, ionus go mbuailfí amach bhúr bpeacaí,


Agus do chomáineadar amach as an gcathair é agus ghabhdar do sna clochaibh ann, agus chuir na fínnithe a mbraith ag cosaibh fir óig ar a dtugtí Saul.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí