Matha 13:15 - An Bíobla Naofa 198115 óir chuaigh croí an phobail seo chun raimhre, d'éist siad le cluasa bodhránta, d'iaigh siad a súile, d'eagla go mbeadh radharc na súl acu, ná clos na gcluas, ná tuiscint an chroí, agus go n‑iompóidís agus go leigheasfainn iad.’ Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)15 Mar tá croí na muintire seo i ndiaidh éirí ramhar, agus tugann siad cluas bhodhar, agus dhall siad a súile, ar eagla go bhfeicfeadh a súile, agus go gcluinfeadh a gcluasa, agus go dtuigfeadh a gcroí, agus go dtiontóidís thart ionas go leigheasfadh mise iad.’ Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara15 Óir tháinic maolughadh ar chroidhe an phobail seo, agus ní mó ná gur chuala siad le n-a gcluasa, agus dhruid siad a súla, ar eagla go bhfeiceadh siad am ar bith le n-a súla, agus go gcluineadh siad le n-a gcluasa, agus go dtuigeadh siad le n-a gcroidhthe, agus go dtionntuigheadh siad, agus go leigheasainn iad. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)15 Óir atá croidhe an phobail seo dúr, Agus cluineann siad agus bodhaire ’n‐a gcluasaibh, Agus atá a súile dúnta aca; Ar eagla go bhfeicfidís le n‐a súilibh, Agus go gcluinfidís le n‐a gcluasaibh, Agus go dtuigfidís le n‐a gcroidhe Agus go n‐iompóchaidís, Agus go leigheasfainn iad. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)15 Oír a tá croidhe an phubuilsi ar na reamhrughadh, agus do chúaladar go bodhar lé na gclúasaibh, agus do chaochadar a súile; deagla go bhfaicfidis lé na súilibh, agus go gcluinfidis lé na gclúasaibh, agus go dtuigfidís le na gcroidhe, agus go bhillfidis, agus go leighéosainnse íad. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)15 Óir tá croidhe an phobuil seo tromaídhe, agus le n-a gcluasaibh cloisid siad go bodhar, agus tá a súile dúnta acu; le h-eagla, luath ná mall, go bhfeicfidís le n-a súilibh, agus go gcloisfidís le n-a gcluasaibh, agus go dtuigfidís i n-a gcroidhe, agus go n-iompóchaidís agus go slánóchainn iad. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201215 óir chuaigh croí an phobail seo chun raimhre, mʼéist siad le cluasa bodhra, dʼiaigh siad a súile, dʼeagla go mbeadh radharc na súl acu, ná clos na gcluas, ná tuiscint an chroí, agus go n-iompóidís agus go leigheasfainn iad.’ Féach an chaibidil |