Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 13:23 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 Ach an t-é a ghlac an síol isteach sa talamh fóghanta, siné an t-é a chloiseann an briathar agus do thuigeann é, agus a thugann toradh uaidh, agus tugann sé cuid de’n toradh fó chéad, agus cuid eile dhe fó thrí fichid, agus cuid eile dhe fó thríochad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

23 Ach i dtaca leis an síol a cuireadh i ndea-úir mhéith, is é sin an té a chluineas an briathar agus a thuigeann é; is é a thugann toradh uaidh, uaireanta faoi chéad, agus uaireanta faoi sheasca, agus uaireanta eile faoi thríocha.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

23 Acht an té i n-ar cuireadh an síol i dtalamh mhaith, is é sin an té a chluin an briathar, a thuigeas é, agus a bheir toradh uaidh, agus bheir ceann toradh fá chéad, ceann eile fá thrí fhichid, agus ceann eile fhá dheich ar fhichid.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 Agus an duine ’n‐ar cuireadh an síol sa talamh maith, is é sin an té do‐chluin an briathar, agus thuigeas é; agus do‐bheir toradh uaidh, cuid de fá chéad, cuid de fá thrí fichid, cuid de fá thriochaid.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Agus an té úd ann ar cuireadh an síol a bhfearann maith a sé so an té do chluin, agus thuigeas an bhríathar; agus iomchras toradh, agus do bheir, cuid céud uiread, cuid trí fichid, agus cuid eile a deich fichead.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

23 Ach an duine a ghlac an síol ar an talamh maith, sin é an duine a chluineann an briathar agus a thuigeann é; agus tugann sé sin toradh uaidh gan teip, faoi chéad nó faoi sheasca, nó faoi thríocha de réir mar a bhíonn.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

23 Ach an duine a ghlac an síol ar an talamh maith, sin é an duine a chluineann an briathar agus a thuigeann é; agus tugann sé sin toradh uaidh gan teip, faoi chéad nó faoi sheasca, nó faoi thríocha de réir mar a bhíonn.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 13:23
43 Tagairtí Cros  

Deinidh an crann a bheith go maith agus a thoradh fóghanta air; nó deinidh an crann go h-olc agus an toradh go h-olc air; óir is as a thoradh do h-aithnightear an crann.


Thuit cuid eile acu, ámhthach, ar thalamh fhóghanta; agus thugadar toradh, cuid acu fó chéad, cuid acu fó thrí fichid, cuid acu fó thríochad.


Tá an tuagh cheana féin ar phréimh na gcrann. Agus gach crann ná tabharfaidh toradh fóghanta uaidh leagfar é agus curfar sa teine é.


Má’s eadh tugaidh toradh uaibh a bheidh do réir na h-aithrighe.


Go deimhin a deirim libh, an t-é ná glacfaidh rígheacht Dé ar nós leinbh, ní raghaidh sé isteach ann.


Agus an mhuintir a ghlac an síol isteach sa talamh fóghanta, siniad an mhuintir a dh’éisteann leis an mbriathar, agus do ghlacann é agus do thugann toradh uatha, duine fó thríochad, duine fó thrí fichid, agus duine fó chéad.


Ansan má thugann sé toradh uaidh; ach mura dtugaidh, gearrthar é feasda.


Ach an chuid a thuiteann ar an dtalamh fóghanta, siniad an mhuintir a ghlacann an focal leis an ndeagh-chroidhe is fearr nuair a chloisid siad é, agus coimeádaid siad é, agus tugaid siad toradh uatha le fadfhulang.


Agus do thuit tuille de sa talamh fóghanta agus d’fhás sé, agus thug sé toradh fó chéad. Nuair a dubhairt sé an méid sin do labhair sé árd: An t-é go bhfuil cluasa le h-éisteacht air cloiseadh sé.


Ní sibh-se a dhein mise do thoghadh: ach is mise a dhein sibh-se do thoghadh, agus do cheapadh chun go n-imtheochadh sibh agus go dtabharfadh sibh toradh uaibh, agus go leanfadh bhúr dtoradh; i dtreó, pé rud a dh’iarrfadh sibh ar an Athair am’ ainim-se, go dtabharfadh sé daoibh é.


An t-é is ó Dhia éisteann sé le bréithribh Dé. Isé cúir ná h-éisteann sibh-se leó mar ní h-ó Dhia sibh.


Agus bhí bean acu agus Lídia ab ainim di agus bhíod sí ag díol pur-puir i gcathair na dtiathírénach, agus bean diadha ab eadh í. D’airig sí an chainnt agus d’osgail an Tighearna a croidhe chun go n-éistfeadh sí le n-a raibh ag Pól d’á rád,


Agus bhíodar so níos uaisle ’ná muinntir Thesaloníca, agus do ghlacadar an briathar le lán-díogras, agus bhídís coitchianta ag cuardach na Scriptiúiri féachaint an mbíodh san amhlaid.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí