Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 13:24 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Thug sé soluíd eile dhóibh, agus dubhairt sé: Is cosmhail rígheacht na bhflathas le duine a chuir síol fóghanta ’n-a chuid tailimh;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

24 Chuir sé fáithscéal eile rompu, agus dúirt sé, “Féadtar ríocht na bhflaitheas a chur i gcosúlacht le fear a chuir dea-shíol ina chuibhreann;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

24 Chuir sé fáithscéal eile ós a gcómhair, ag rádh: Is cosamhail ríoghacht na bhflaitheas le fear a chuir síol maith ina ghort.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Agus do chuir sé samhlaoid eile rómpa, g‐á rádh, Is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le duine do chuir síol maith ’n‐a ghort:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Do chuir sé cosamhlachd eile chuca, ag rádh, Is cosmhail ríoghachd neimhe ré duine do chur síol maith ann a fhearann:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

24 Chuir sé parabal eile os a gcomhair: “Is iad dála Ríocht na bhflaitheas,” ar seisean, “mar a bhí ag an duine a chuir síol maith ina ghort.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

24 Chuir sé parabal eile os a gcomhair: “Is iad dála ríocht na bhflaitheas,” ar seisean, “mar a bhí ag an duine a chuir síol maith ina ghort.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 13:24
23 Tagairtí Cros  

Gach duine a chloiseann briathar na rígheachta agus ná tuigeann é, tagann an droch-spioraid agus tógann sé an síol a cuireadh ’n-a chroídhe sin. Siné an síol a cuireadh i n-aice an bhóthair.


Ach nuair a bhí na daoine ’n-a gcodladh tháinig an namhaid agus do chuir sé cogal i lár na cruithneachtan, agus d’imthigh sé.


Agus chuir sé soluíd eile os a gcómhair, agus dubhairt sé: Is cosmhail rígheacht na bhflathas le gráinne de shíol mustáird a thóg duine le cur ’n-a gharaidhe.


Do labhair sé soluíd eile leó: Is cosmhail rígheacht na bhflathas leis an ngiost a ghlac an bhean agus a chuir sí i bhfolach i dtrí tómhasaibh plúir, go dtí gur ghlac an plúr go léir an giost.


Agus d’fhreagair sé agus dubhairt: Isé Mac an Duine a chuireann an síol fóghanta.


Airís, is cosmhail rígheacht na bhflathas le líon a curfaí amach sa bhfaraige, agus do bhaileóch’ an uile shaghas éisg;


D’á bhrígh sin, is cosmhail rígheacht na bhflathas le fear a bhí ’n-a rí, agus gur mhian leis cúntas a shocarú le n-a sheirbhíseachaibh.


Is cosmhail rígheacht na bhflathas le fear tighe a chuaidh amach go moch ar maidin ag réidhteach le lucht oibre d’á fhíonghort.


Éistidh le soluíd eile. Bhí fear tighe ann agus chuir sé fíonghort, agus chuir fé fál tímpal air, agus dhéin sé fásgadóir ann, agus chuir sé suas túr ann, agus chuir sé chun lucht saothruighthe é, agus d’imthigh sé go dúthaigh iasachta.


Is cosmhail rígheacht neimhe le fear a bhí ’n-a rí, agus do dhein bainis d’á mhac.


Ansan beidh rígheacht na bhflathas cosmhail le deichniúbhar maighdean a thóg a lóchranna agus a chuaidh amach i gcoinnibh an chéile agus na céile.


Agus deireadh sé: Deinidh aithrighe, óir tá rígheacht na bhflathas buailte libh


Agus do ghluais Íosa mór-thímpal Ghaililí go léir, ag teagasg ins na sinagógaibh, agus ag craobhsgaoileadh soisgéil na rígheachta, agus ag leigheas gach galair agus gach breóiteachta d’á raibh ar dhaoine.


Agus dubhairt sé: Cad leis gur cosmhail rígheacht Dé, agus cad leis go samhlóchad é?


Agus dubhairt sé airís: Cad leis go samhlóchad rígheacht Dé?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí