Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 13:30 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

30 Leigtear dóibh araon fás go dtagaidh an fóghmhar, agus nuair a thiocfaidh an fóghmhar déarfad leis na buanaidhthibh: Bailighidh an cogal ar dtúis, agus ceangalaidh é ’n-a phunanaibh le dóghadh, ach deinidh an chruithneacht do bhailiú isteach am’ sgioból.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

30 Ligigí don dá chuid fás i gcuideachta go dtí an fómhar; agus in am an fhómhair is é a déarfas mé leis na buanaithe. Cruinnígí an cogal an chéad uair, agus ceanglaígí ina bhearta é lena dhó, ach cruinnígí an chruithneacht isteach i mʼiothlainn.’”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

30 Leigigidh dóibh araon fás go dtí an fóghmhar, agus i n-aimsir an fhóghmhair, déarfaidh mise leis na buanaidhthe: Cruinnighigidh an cogal ar dtús, agus déanaigidh é a chéangal ina phunainn le dóghadh, acht cruinnighigidh an chruithneacht isteach i mo scioból.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

30 go sracfadh sibh an chruithneacht as a fhréamhachaibh leis. Leigidh dhóibh araoin fás go dtí an fóghmhar: agus i n‐aimsir an fhóghmhar adéarfad‐sa leis na buanaidhthibh, Bailighidh ar dtús an cogal, agus ceanglaidh é ’n‐a phunnannaibh le dóghadh; acht bailighidh an chruithneacht isteach im’ scioból.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

30 Fuilngidh dhóibh aráon fás no go dtí an foghmhar: agus a naimsir a nfóghmhair déara misi rém luchd búana, Cruinnighidh ar tús an cogal, agus ceangluidh é ua phunnannaibh do chum a loisgthe, agus cruinnighidh an chruithneachd dom sgioból.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

30 Fágtar le hais a chéile ag fás iad araon go dtí an fómhar, agus nuair a bheidh an fómhar dá dhéanamh déarfaidh mé leis na buanaithe: Bailígí an cogal chun a chéile ar dtús, agus déanaigí punanna de chun a dhóite. Ach cruinnígí an t-arbhar isteach i mo scioból.’”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

30 Fágtar le hais a chéile ag fás iad araon go dtí an fómhar, agus nuair a bheidh an fómhar á dhéanamh déarfaidh mé leis na buanaithe: Bailígí an cogal chun a chéile ar dtús, agus déanaigí punanna de chun a dhóite. Ach cruinnígí an t‑arbhar isteach i mo scioból.’ ”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 13:30
20 Tagairtí Cros  

Ach nuair a bhí na daoine ’n-a gcodladh tháinig an namhaid agus do chuir sé cogal i lár na cruithneachtan, agus d’imthigh sé.


Agus dubhairt sé: Ní toil; le h-eagla, ag stathadh an chogail daoibh, go stathfadh sibh an chruithneacht leis.


Agus cruinneófar ’n-a láthair i a geinte go léir; agus deighilfidh sé ó n-a chéile iad, mar dheighileann an t-aodhaire na caoire ós na gabhair;


Ansan déarfaidh sé leis an muintir a bheidh ar a láimh chlé: Imthighidh uaim, a dhream mhallaighthe, isteach sa teine shióruidhe do h-ollamhuigheadh do’n diabhal agus d’á aingealaibh;


Tá a ghléas cáithte i n-a láimh aige, agus glanfaidh sé a úrlár buailte, agus cruinneóchaidh sé a chuid cruithneachtan isteach sa sgioból, agus loisgfidh sé an lóchán le teine nach féidir a mhúchadh.


Tá a ghaothrán ’n-a láimh aige agus glanfaidh sé a úrlár buailte, agus cruinneóchaidh sé a chuid cruithneachtan isteach ’n-a sgioból, agus dóghfaidh sé an cáth le teine nách féidir a mhúchadh.


An t-é ná fanfaidh ionam-sa, caithfar amach é mar ghéag, agus feóchfaidh sé; agus tógfar é agus caithfar sa teine é, agus loisgfar é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí