Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 13:21 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Ach ní’l an phréamh aige; ní leanann sé ach tamall; agus nuair a thagann an trioblóid agus an ghéarleanmhaint mar gheall ar an mbriathar, glacann sé sgannal.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

21 an té nach bhfuil aon fhréamh ann, agus nach maireann ach seal, mar nuair a éirionn aon chrá nó géarleanúint i dtaobh an bhriathair, glacann sé fuath dó gan mhoill.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

21 Acht ní fhuil fréamh aige ann féin, acht tá sé neambuan: agus nuair a thig trioblóid agus géirleanamhaint, mar gheall ar an bhriathar, glacann sé scainneal ar an bhomaite.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 acht ní fhuil aon fhréamh aige ann féin, acht seasann sé ar feadh scathaimh; agus nuair éirigheas trioblóid nó géirleanmhain, mar gheall ar an mbriathar, glacann sé scannal ar an láthair.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Achd ní bhfuil fréamh aige ann féin, achd fanuidh sé ar feadh tamaill: agus an tan thig trioblóid nó búaidhreadh ar son na bréithre, air ball do gheibh sé oilbhéim.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

21 ach ní bhíonn fréamh aige ann féin, ach é neamhbhuan; an túisce is a thagann trioblóid nó géar-leanúint mar gheall ar an mbriathar, cliseann air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

21 ach ní bhíonn fréamh aige ann féin, ach é neamhbhuan; an túisce is a thagann trioblóid nó géarleanúint mar gheall ar an mbriathar, cliseann air.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 13:21
47 Tagairtí Cros  

Agus beidh fuath ag gach duine dhaoibh-se mar gheall ar m’ainim-se; Ach an t-é sheasóchaidh amach go deire isé a slánófar.


Agus is aoibhinn do’n t-é ná glacfaidh sganall umam-sa.


An t-é a ghlac an síol mar a raibh na clocha, siné an t-é a chloiseann an briathar agus do ghlacann láithreach é le h-áthas;


Agus do ghlacadar sgannal d’á dhruim. Dubhairt Íosa leó, ámhthach: Ní’l fáidh gan onóir ach ’n-a dhúthaigh féin agus ’n-a theaghlach féin.


Agus d’eirigh an ghrian agus do ghoill an teas ortha; agus toisg gan an phréamh a bheith acu d’fheóchadar.


Ach an t-é a bheidh seasamhach amach go deire, raghaidh sé saor.


Ansan dubhairt Íosa leó: Glacfaidh sibh go léir sgannal umam-sa anocht. Óir tá sgríobhtha: Buailfad an t-aodhaire agus sgaipfar caoire an tréada.


Agus dubhairt Peadar ’ghá fhreagra: Bíodh go nglacfaidh an uile dhuine sgannal umat, ní ghlacfad-sa sgannal umat choídhche.


Agus ní’l an phréamh acu ionta féin, ach seasuighid siad ar feadh tamaill; ansan, nuair a thagann an trioblóid, agus an cath d’á chur ortha mar gheall ar an mbriathar, glacaid siad sgannal láithreach.


Agus an chuid a thuiteann ar an gcaraig, siniad an mhuintir a ghlacann an focal le h-áthas nuair airighid siad é; ach ní bhíd na préacha acu san; creidid siad ar feadh tamaill agus i n-am an chatha téighid siad ar gcúl.


D’fhreagair Íosa iad agus dubhairt sé: Go deimhin deimhin adeirim libh, táthaoí a’m lorg-sa, agus ní mar gheall ar na mírbhúiltíbh a chonacabhair é, ach mar gheall ar na bulógaibh a dh’itheabhair agus do shásaimh sibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí