Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 13:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus do dhein sé a lán cainte leó i bhfuirm soluídí, agus dubhairt sé: Féach, do chuaidh síoladóir amach ag cur síl.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Agus bʼiomaí sin ní a dʼinis sé dóibh i bhfáithscéalta, agus dúirt sé: “Chuaigh síoladóir amach a chur síl.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Agus labhair sé mórán neithe leo i bhfáithscéalta, ag rádh: Féach, chuaidh an curadóir amach a chur síl.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus do mhúin sé mórán neithe i samhlaoidibh dhóibh, agus adubhairt sé, Féach, do chuaidh síoladóir amach ag cur síl;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus do labhair sé móran ríu a gcosamhlachduibh, ag rádh, Féuch, do chuáidh síoladóir a mach do chur síl;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Agus rinne sé mórán cainte leo i bparabail. Dúirt: “Chuaigh an síoladóir amach ag cur an tsíl.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 Agus rinne sé mórán cainte leo i bparabail. Dúirt: “Chuaigh an síoladóir amach ag cur an tsíl.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 13:3
27 Tagairtí Cros  

Agus nuair a bhí sé ag cur an tsíl do thuit cuid acu i n-aice an bhóthair; agus tháinig éanlaithe an aeir agus d’itheadar iad.


Agus do tharla, nuair a bhí na solúidí sin críochnuighthe ag Íosa, gur fhág sé an áit sin.


Agus d’fhreagair Íosa agus do labhair sé airís i soluídibh, agus dubhairt sé:


Foghlumuighidh soluíd ó’n gcrann fíge. Nuair a bhíonn a ghéag bog, agus a dhuilleabhar tagaithe amach, tá fhios agaibh an samhradh bheith i n-achmaireacht.


Agus do chrom sé ar labhairt leó i soluídíbh: Do chuir duine fíonghort, agus dhein sé fál ’n-a thímpal, agus dhein sé clais ann chun an fhíona do bhrúth, agus chuir sé suas túr ann, agus do chuir sé é chun lucht saothruighthe, agus d’imthigh sé i gcéin.


Agus bhíodar a d’iarraidh beirthe air, ach bhí eagla acu roimis an bpobul; óir bhí fhios acu gur chúcha féin a bhí sé sa tsoluíd sin. Agus d’fhágadar é agus d’imthígheadar.


Agus do ghlaoidh sé chuige iad, agus do labhair sé leó i soluídíbh: Conus fhéadfadh Sátan Sátan do chur amach?


Agus dubhairt sé leó: An amhlaidh ná tuigeann sibh an tsoluíd sin? Má seadh, conus a thuigfidh sibh na soluídí go léir?


Agus i mórán soluídí de’n tsórd san do labhair sé leó an briathar fé mar a dh’fhéadadar éisteacht leis.


Agus dubhairt Peadar leis: A Thighearna, an linne atá an chaint sin agat ’á rádh, nó leis na daoine go léir?


Agus dubhairt sé leó: Do tugadh daoibh-se rúndiamhar rígheachta Dé a dh’aithint; do’n chuid eile, ámhthach, i bhfuirm soluídí, i dtreó go bhfeicfidís agus ná feicfidís, agus go gcloisfidís agus ná tuigfidís.


Do labhras na neithe seo libh i bhfuirm soluídí. Tá an t-am ag teacht nuair ná labharfad libh feasda i soluídibh, ach neósfad daoibh go soiléir i dtaobh an Athar.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí