Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 13:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus do mhúin sé mórán neithe i samhlaoidibh dhóibh, agus adubhairt sé, Féach, do chuaidh síoladóir amach ag cur síl;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Agus bʼiomaí sin ní a dʼinis sé dóibh i bhfáithscéalta, agus dúirt sé: “Chuaigh síoladóir amach a chur síl.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Agus labhair sé mórán neithe leo i bhfáithscéalta, ag rádh: Féach, chuaidh an curadóir amach a chur síl.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus do labhair sé móran ríu a gcosamhlachduibh, ag rádh, Féuch, do chuáidh síoladóir a mach do chur síl;

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus do dhein sé a lán cainte leó i bhfuirm soluídí, agus dubhairt sé: Féach, do chuaidh síoladóir amach ag cur síl.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Agus rinne sé mórán cainte leo i bparabail. Dúirt: “Chuaigh an síoladóir amach ag cur an tsíl.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 Agus rinne sé mórán cainte leo i bparabail. Dúirt: “Chuaigh an síoladóir amach ag cur an tsíl.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 13:3
27 Tagairtí Cros  

agus ag cur an tsíl dó, thuit cuid de le h‐ais an bhealaigh mhóir, agus tháinig na h‐éanlaithe agus d’itheadar é: agus do thuit cuid eile dhe ar thalamh clochach,


Agus tharla, nuair do bhí na samhlaoidí críochnuighthe ag Íosa, gur imthigh sé as an áit sin.


Agus d’fhreagair Íosa, agus do labhair sé aris i samhlaoidibh leo,


Foghlaimidh samhlaoid ó’n gcrann fige: nuair bhíos a ghéag bog, agus an duilleabhar ag teacht uirthi, bíonn a fhios agaibh go bhfuil an samhradh i ngiorracht daoibh;


Agus do thosnuigh sé ar labhairt leo i samhlaoidibh. Do chuir duine áirithe fíon‐ghort, agus do chuir sé fál ’n‐a thimcheall, agus do rinne sé clais ann le h‐aghaidh daibhche an fhíona, agus do thóg se túr, agus thug sé ar cíos do scológaibh é, agus d’imthigh sé go tír eile.


Agus do bhíodar ag iarraidh faille chum greim d’fhágháil air, acht do bhí eagla an phobail ortha; óir do thuigeadar gurab ’n‐a n‐aghaidh féin d’innis sé an tsamhlaoid sin: agus d’fhágadar é agus d’imthigheadar.


Agus do ghlaodh sé chuige iad, agus adubhairt sé leo i samhlaoidibh, Cionnas is féidir le Sátan Sátan do chaitheamh amach?


Agus adubhairt sé leo, An é nach dtuigeann sibh brigh na samhlaoide seo? Cionnas thuigfeas sibh, mar sin, brigh na samhlaoid go léir.


Agus is iomdha samhlaoid eile de’n tsórt sin i n‐ar labhair sé an briathar leo, de réir mar do b’fhéidir leo éisteacht leis:


Agus adubhairt Peadar, A Thighearna, an dúinne atáir ag innsint na samhlaoide seo nó do chách?


Agus adubhairt sé, Tugadh daoibh‐se rúin‐diamhra ríoghachta Dé d’aithint: acht do dhaoinibh eile i samhlaoidibh; ionnas, ag féachain dóibh nach bhfeicfidís, agus ag éisteacht dóibh nach dtuigfidís.


Do labhras an méid sin libh i samhlaoidibh: atá an uair ag teacht nach labharfad libh feasta i samhlaoidibh, acht go n‐innseochad daoibh go soiléir i dtaobh an Athar.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí