Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 13:47 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

47 Airís, is cosmhail rígheacht na bhflathas le líon a curfaí amach sa bhfaraige, agus do bhaileóch’ an uile shaghas éisg;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

47 “Arís, is cosúil ríocht na bhflaitheas le líon a caitheadh amach san fharraige agus a rug ar an uile chineál éisc;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

47 Arís is cosamhail ríoghacht na bhflaitheas le saighin a chaitheadh san fhairrge, agus a ghabhas an uile chinéal éisc,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

47 Arís, is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le líon do cuireadh isteach sa bhfairrge, agus do thóg gach uile shórt éisc:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

47 A ris, is cosmhail ríoghachd neimhe ré lion, ar na theilgean ann sa bhfairge, agus chruínnigheas da gach uile short éisg:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

47 “Nó fós, is cosúil Ríocht na bhflaitheas le heangach a cuireadh sa bhfarraige agus a ghabh gach uile shórt.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

47 “Nó fós, is cosúil ríocht na bhflaitheas le heangach a cuireadh san fharraige agus a ghabh gach uile shórt.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 13:47
33 Tagairtí Cros  

Is cosmhail rígheacht na bhflathas le stór a bheadh i bhfolach i bpáirc; agus an t-é a gheibheann é coimeádann sé rún air, agus tré mhéid a áthais imthigheann sé agus díolann sé amach a chuid go léir, agus ceannuigheann sé an pháirc sin.


Agus nuair a fuair sé aon phéarla amháin ana-luachmhar, do dhíol sé a raibh aige, agus do cheannaigh sé an péarla san.


Agus nuair a bhí sé lán, gur taraingeadh amach é, agus gur shuidh na daoine ar an dtráigh, agus gur thógadar na h-iasga maithe i n-árthaíbh agus gur chaitheadar amach na droch-iasga.


Agus dubhairt sé leó: Tagaidh am’ dhiaidh-se, agus déanfad iasgairí ar dhaoinibh dhíbh.


Agus dubhairt Íosa leó: Leanaidh mise agus déanfad iasgairí ar dhaoine dhíbh.


Agus mar an gcéadna ar Séamus agus ar Eóin, clann Sebedé, a bhí i bpáirtidheacht le Símón. Agus dubhairt Íosa le Símón: Na bíodh eagal ort. Is ag gabháil daoine a bheidh tú feasda.


Gach géag atá orm agus ná tugann toradh, gearrfaidh sé í; agus gach géag a thugann toradh, glanfaidh sé í, ionus go dtabharfadh sí breis toradh.


An t-é ná fanfaidh ionam-sa, caithfar amach é mar ghéag, agus feóchfaidh sé; agus tógfar é agus caithfar sa teine é, agus loisgfar é.


Agus eireóchaid, oraibh féin, fir a labharfaid neithe tuathalaca, chun deisgiobul a tharrac n’a ndiaidh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí