Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 13:36 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

36 Ansan do chuir sé chun siubhail an pobul, agus tháinig sé isteach sa tigh, agus tháinig a deisgiobuil chuige agus dubhradar: Mínigh dúinn soluíd an chogail sa ghort.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

36 Dʼfhág sé na sluaite ansin go ndeachaigh isteach sa teach. Agus tháinig a dheisceabail chuige, go ndúirt siad leis, “Mínigh dúinn fáithscéal chogal an chuibhrinn.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

36 Annsin nuair a chuir sé na sluaighte ar shiubhal, tháinic sé isteach san tigh; agus tháinic a dheisciobail chuige, agus dubhairt: Mínigh dúinn fáithscéal an chogail san ghort.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

36 Annsin d’fhág sé na sluaighte, agus do chuaidh sé isteach sa tigh: agus tháinig a dheisceabail chuige, g‐á rádh, Mínigh dhúinn samhlaoid an chogail sa ngort.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

36 Air léigean an tsuáigh úadh an tansin, tháinic Iósa a sdeach a dtigh: agus tangadar a dheisciobail chuige, ag rádh, Mínigh dhúinne cosamhlachd chogail an fhearainn.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

36 Dʼfhág sé na sluaite an uair sin agus chuaigh sé isteach sa teach. Tháinig a dheisceabail chuige agus dúirt siad: “Mínigh dúinn parabal úd an chogail sa ghort.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

36 D'fhág sé na sluaite an uair sin agus chuaigh sé isteach sa teach. Tháinig a dheisceabail chuige agus dúirt siad: “Mínigh dúinn an parabal úd an chogail sa ghort.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 13:36
13 Tagairtí Cros  

Sa lá san chuaidh Íosa amach as an dtigh, agus bhí sé n-a shuidhe ar bruach na faraige.


Agus d’fhreagair sé agus dubhairt: Mar do tugadh daoibh-se eólus do chur ar rú nDiamhraibh rígheachta na bhflathas; do’n chuid eile, ámhthach, níor tugadh san.


Éistidh-se anois le soluíd an tsíoladóra.


Ach nuair a bhí na daoine ’n-a gcodladh tháinig an namhaid agus do chuir sé cogal i lár na cruithneachtan, agus d’imthigh sé.


Agus láithreach ’n-a dhiaidh san do chuir Íosa dh’fhiachaibh ar a dheisgiobulaibh dul ar bórd na luinge bige agus dul roimis féin go dtí an taobh thall de’n uisge, chun go gcuirfeadh sé na daoine chun siúbhail.


Ansan do chuir sé uaidh an tsluagh, agus chuaidh sé ar bórd na luinge bige, agus tháinig sé i gcríochaibh Magedan.


Agus nuair a tháinig sé chun an tighe tháinig na daill chuige. Agus dubhairt Íosa leó: An gcreideann sibh gur féidir dom an nídh seo a dhéanamh daoibh? Dubhradar leis: Creidimíd, a Thighearna.


Agus níor labhair sé leó ach i soluídíbh; ach do mhínigh sé gach aon rud d’á dheisgiobulaibh i leith taoibh.


Agus láithreach chuir sé fhiachaibh ar a dheisgiobulaibh dul ar bórd na luinge chun go raighdís treasna go Betsaida, agus go gcuirfeadh sé féin na daoine chun siubhail.


Agus nuair a chuaidh sé isteach i dtigh ó’n sluagh d’fhiafraigh a dheisgiobuil de brígh na soluíde.


Agus tímpal cheithre mhíle duine iseadh bhí tar éis an bhídh a chaitheamh; agus chuir sé chun siubhail iad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí