Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 13:8 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Thuit cuid eile acu, ámhthach, ar thalamh fhóghanta; agus thugadar toradh, cuid acu fó chéad, cuid acu fó thrí fichid, cuid acu fó thríochad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Thit síolta eile ar dhea-úir mhéith agus thug siad toradh, cuid de faoi chéad, agus cuid de faoi sheasca, agus cuid de faoi thríocha.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Agus thuit tuilleadh acu ar thalamh mhaith, agus thug siad-san toradh uatha, ceann acu fá chéadh, ceann fá thrí fhichid, agus ceann eile fá dheich ar fhichid.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 agus do thuit cuid eile dhe ar an talamh maith, agus thug sé toradh uaidh, cuid de fá chéad, cuid eile fá thrí fichid, cuid eile fá thriochaid.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus do thuit cuid eile dhe a dtalamh mhaith, agus tug sé toradh, cuid céudeiread, cuid trí fichid uiread, cuid a deich fichead uiread.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Ach bhí cuid eile de a thit ar an talamh maith agus thug sé toradh uaidh, toradh faoi chéad in áit, faoi sheasca in áit eile, faoi thríocha in áit eile.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 Ach bhí cuid eile de a thit ar an talamh maith agus thug sé toradh uaidh, toradh faoi chéad in áit, faoi sheasca in áit eile, faoi thríocha in áit eile.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 13:8
11 Tagairtí Cros  

Ach an t-é a ghlac an síol isteach sa talamh fóghanta, siné an t-é a chloiseann an briathar agus do thuigeann é, agus a thugann toradh uaidh, agus tugann sé cuid de’n toradh fó chéad, agus cuid eile dhe fó thrí fichid, agus cuid eile dhe fó thríochad.


Agus do thuit cuid eile acu ameasg na sgeach; agus d’fhás na sgeacha agus mhúchadar iad.


Agus an mhuintir a ghlac an síol isteach sa talamh fóghanta, siniad an mhuintir a dh’éisteann leis an mbriathar, agus do ghlacann é agus do thugann toradh uatha, duine fó thríochad, duine fó thrí fichid, agus duine fó chéad.


Agus do thuit cuid eile dhe ar thalamh fhóghanta, agus d’fhás sé agus d’éirigh sé, agus thug sé toradh uaidh, cuid de fó thríochad, cuid de fó thrí fichid, agus cuid dé fó chéad.


Ach an chuid a thuiteann ar an dtalamh fóghanta, siniad an mhuintir a ghlacann an focal leis an ndeagh-chroidhe is fearr nuair a chloisid siad é, agus coimeádaid siad é, agus tugaid siad toradh uatha le fadfhulang.


Agus do thuit tuille de sa talamh fóghanta agus d’fhás sé, agus thug sé toradh fó chéad. Nuair a dubhairt sé an méid sin do labhair sé árd: An t-é go bhfuil cluasa le h-éisteacht air cloiseadh sé.


As so a tugtar glóire do m’Athair, sibh-se do thabhairt mór-thoradh uaibh, agus sibh a bheith i nbhúr ndeisgiobuil agam-sa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí