Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 13:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 agus do thuit cuid eile dhe ar an talamh maith, agus thug sé toradh uaidh, cuid de fá chéad, cuid eile fá thrí fichid, cuid eile fá thriochaid.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Thit síolta eile ar dhea-úir mhéith agus thug siad toradh, cuid de faoi chéad, agus cuid de faoi sheasca, agus cuid de faoi thríocha.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Agus thuit tuilleadh acu ar thalamh mhaith, agus thug siad-san toradh uatha, ceann acu fá chéadh, ceann fá thrí fhichid, agus ceann eile fá dheich ar fhichid.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus do thuit cuid eile dhe a dtalamh mhaith, agus tug sé toradh, cuid céudeiread, cuid trí fichid uiread, cuid a deich fichead uiread.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Thuit cuid eile acu, ámhthach, ar thalamh fhóghanta; agus thugadar toradh, cuid acu fó chéad, cuid acu fó thrí fichid, cuid acu fó thríochad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Ach bhí cuid eile de a thit ar an talamh maith agus thug sé toradh uaidh, toradh faoi chéad in áit, faoi sheasca in áit eile, faoi thríocha in áit eile.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 Ach bhí cuid eile de a thit ar an talamh maith agus thug sé toradh uaidh, toradh faoi chéad in áit, faoi sheasca in áit eile, faoi thríocha in áit eile.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 13:8
11 Tagairtí Cros  

Agus an duine ’n‐ar cuireadh an síol sa talamh maith, is é sin an té do‐chluin an briathar, agus thuigeas é; agus do‐bheir toradh uaidh, cuid de fá chéad, cuid de fá thrí fichid, cuid de fá thriochaid.


Agus do thuit cuid eile dhe ar an drisleach; agus d’fhás an drisleach, agus do thacht sé é;


Agus iad‐san gur cuireadh an síol sa talamh maith ionnta; is iad na daoine éisteas leis an mbriathar, agus ghlacas chuca é, agus do‐bheir toradh uatha, fá thriochaid, agus fá thrí‐fichid, agus fá chéad.


Agus do thuit cuid eile dhe ar an talamh maith, agus thug sé toradh, d’fhás agus d’éirigh, cuid de fá thriochaid, cuid de fá thrí fichid, agus cuid de fá chéad.


Agus an chuid atá sa talamh maith, is iad‐san na daoine d’éist leis an mbriathar le deagh‐chroidhe macánta, agus congbhuigheann siad é, agus do‐bheir siad toradh go foighdeach uatha.


Agus do thuit cuid eile ar an talamh maith, agus d’fhás sé, agus thug sé toradh uaidh, fá chéad. Nuair adubhairt sé an méid sin, do ghlaodh sé amach, An té ag a bhfuil cluasa chum éisteachta, éisteadh sé.


Sibh‐se do thabhairt mórán tortha, as sin is eadh tugtar glóir dom’ Athair; agus sibh do bheith ’n‐bhúr ndeisceablaibh agam‐sa.


Óir atá a fhios agam nach longuigheann deagh‐nidh ar bith ionnam‐sa, is é sin im’ cholainn: óir is toil liom de ghnáth an deagh‐nidh do dhéanamh, acht ní fhuil ar chumas dom an deagh‐nidh do chur i ngníomh.


líonta de thoradh na fíréantachta, chum glóire agus adhmholta Dé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí