Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Matha 13:38 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

38 agus is é an domhan an gort; agus is iad clann na ríoghachta an síol maith; agus is iad clann an droich‐spioraid an cogal;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

38 is é an cuibhreann an domhan, agus is é a chiallaíos an dea-shíol, clann mhac na ríochta; is é an cogal clann an áibhirseora,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

38 Agus is é an domhan an gort. Agus is iad clann na ríoghachta an síol maith. Agus is iad clann an droch-ruda an cogal.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

38 Agus a sé an fearann an domhan; agus a sé an síol maith, clan na rioghachda; agus a sé an cogal clan an droichspioraid;

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

38 Agus isé an domhan an gort. Agus clann na rígheachta, siniad an síol fóghanta. Agus clann an uilc, siniad an cogal.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

38 Is é an domhan an gort. An síol maith muintir na Ríochta. Dream an oilc an cogal,

Féach an chaibidil Cóip




Matha 13:38
27 Tagairtí Cros  

Nuair do‐chluin aoinneach briathar na ríoghachta, agus nach dtuigeann sé é, tig an ainspioraid, agus sciobann sí léi an nidh do cuireadh ’n‐a chroidhe. Is é sin an té ’n‐ar cuireadh an síol le h‐ais an bhealaigh mhóir.


Agus craobhscaoilfear an soiscéal so na ríoghachta ar fud an domhain uile mar fhiadhnaise do na cinidheachaibh go léir; agus annsin tiocfaidh an deireadh.


Acht bíodh mar chainnt agaibh, Is eadh, is eadh; Ní h‐eadh, ní h‐eadh: agus cibé nidh théigheas thairis sin, is ó’n olc é.


agus Iácóib i ríoghacht neimhe: acht go dteilgfear clann na ríoghachta amach sa dorchadas atá amuigh: annsin béidh gol agus gíoscán fiacal.


agus go bhfógróchaidhe ’n‐a ainm aithrighe agus maitheamhnas na bpeacadh do na cinidheachaibh uile, ag tosnú ó Iarúsalem.


Go fírinneach adeirim libh, Muna dtuitidh gráinne cruithneachtan sa talamh agus go n‐éagann sé, fanann sé ’n‐a aonar: acht má éagann sé, do‐bheir sé toradh mór uaidh.


Is ó bhúr n‐Athair, an diabhal, sibh‐se, agus is é mian bhúr n‐athar is toil libh do dhéanamh. Dúnmharbhthóir ab eadh eisean ó thosach, agus níor sheas sé sa bhfírinne, óir ní fhuil fírinne ann. Nuair do‐bheir sé an t‐éitheach, is uaidh féin labhras sé: óir is bréagaire é, is é athair an éithigh é.


adubhairt sé, A dhuine atá lan de gach ceilg agus de gach feall, a mhic an diabhail, a námhaid gach cirt, nach staonfaidh tú ó shlighthibh díreacha an Tighearna do chur bun os cionn?


Acht fiafruighim‐se, Nár airigheadar? D’airigheadar cinnte, Do leath a nglór ar fud an domhain uile, Agus a mbriathra go foircheann an domhain.


acht atá d’á nochtadh anois, agus d’á cur i dtuigsin do’n uile chineadh tré scrioptúiribh na bhfáidh, do réir aithne an Dé shíorraidhe, chum go mbéidís umhal do’n chreideamh;


is oidhrí sinn, leis, agus is cómh‐oidhrí le Críost sinn: má’s fíor go bhfulaingmíd i n‐éinfheacht leis, chum go mbéimís páirteach leis ’n‐a ghlóir.


tháinig chugaibh‐se; fá mar tá sé ag tabhairt tortha ar fud an domhain, agus ag dul i méid, mar tá sé ’n‐bhur measc‐na, leis, ó’n lá ’n‐a gcualabhar agus ’n‐a bhfuarabhar eolas ar ghrása Dé i bhfírinne;


Is d’á thoil féin do ghein sé le briathar na fírinne sinn, chum go mbéimís mar chéad‐thortha a bhfuil cruthuighthe aige.


Éistidh, a bhráithre ionmhaine, nár thóg Dia bochta an tsaoghail chum bheith saidhbhir fá chreideamh agus chum bheith ’n‐a oidhribh de’n ríoghacht atá geallta aige do na daoinibh ghrádhuigheas é?


óir do h‐aith‐gheineadh sibh, ní ó shíol so‐thruaillighthe, acht ó shíol neamhthruaillighthe, le briathar bith‐bheo, buan Dé.


A cháirde ionmhaine, atáimid ’n‐ár gclainn Dé anois, agus níor foillsigheadh fós créad atá i ndán dúinn. Atá a fhios againn, nuair foillseochar é, go mbéidhmíd cosmhail leis; óir chífimíd é do réir mar tá sé.


Agus do chonnacas aingeal eile ar eiteall i lár na spéire, agus soiscéal síorraidhe aige le n’fhógairt do lucht áitreabha na talmhan, agus do gach cineadh, agus treibh, agus teangain, agus pobal;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí