Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 13:33 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

33 Do labhair sé samhlaoid eile leo: Is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le laibhín do ghlac bean, agus do chuir i bhfolach i dtrí tómhasaibh mine, nó gur ghlac an t‐iomlán de an laibhín.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

33 Dʼinis sé fáithscéal eile dóibh, “Is cosúil ríocht na bhflaitheas le laibhín a ghlac bean chuici gur fholaigh é i dtrí mhiosúr de phlúr, go dtí gur ghlac an t‑iomlán de an laibhín.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

33 Labhair sé fáithscéal eile leo: Is cosamhail ríoghacht na bhflaitheas le deascaidh a ghlac bean gur fholuigh sí é i dtrí pheice mine, go dtí go raibh an t-iomlán ina dheascaidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

33 Do labhair sé cosamlachd eile ríu; as cosmhail rioghachd ueimhe ré laibhín do ghlac bean, agus do fholaigh sí a dtrí pheice mine, nó gur ghabh an tiomlán laibhín.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

33 Do labhair sé soluíd eile leó: Is cosmhail rígheacht na bhflathas leis an ngiost a ghlac an bhean agus a chuir sí i bhfolach i dtrí tómhasaibh plúir, go dtí gur ghlac an plúr go léir an giost.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

33 Dʼinis sé parabal eile dóibh: “Is cosúil Ríocht na bhflaitheas le gabháil a thóg bean agus a dʼfholaigh sí i dtrí pheic plúir nó go raibh sé gabhálta ar fad.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

33 D'inis sé parabal eile dóibh: “Is cosúil ríocht na bhflaitheas le gabháil a thóg bean agus a d'fholaigh sí i dtrí pheic plúir nó go raibh sé gabháilte ar fad.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 13:33
19 Tagairtí Cros  

Agus do chuir sé samhlaoid eile rómpa, g‐á rádh, Is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le duine do chuir síol maith ’n‐a ghort:


Agus muna mbéadh go raibh na laethe ciorrbhuighthe ag an Tighearna, ní thiocfadh aon duine slán as: acht ar son na bhfíréan atá toghtha aige, do chiorrbhuigh sé na laethe.


Is cosmhail í le laibhín do ghlac bean chuichi, agus d’fholuigh sí i dtrí peicibh mine nó gur ghlac an t‐iomlán an laibhín.


Aon chraobh díom nach dtugann toradh, scoitheann sé í: agus aon chraobh do‐bheir toradh, glanann sé í chum go dtiubhradh sí tuilleadh tortha.


Is leor beagán laibhín do’n chnap ar fad.


agus atáim cinnte de’n méid seo, an té do thosnuigh ar obair mhaith ionnaibh, go gcóimhlíonfaidh sé go ló Íosa Críost é;


Agus is é mo ghuidhe go méadóchar bhur ngrádh go mór i n‐eolas agus i ngach saghas tuigseana;


Acht bidhidh ag fás i ngrása agus i n‐eolas ár dTighearna agus ár Slánuightheora Íosa Críost. Dó‐san go dtugtar an ghlóir anois agus go síorraidhe. Amén.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí