Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 13:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Nuair do‐chluin aoinneach briathar na ríoghachta, agus nach dtuigeann sé é, tig an ainspioraid, agus sciobann sí léi an nidh do cuireadh ’n‐a chroidhe. Is é sin an té ’n‐ar cuireadh an síol le h‐ais an bhealaigh mhóir.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

19 Nuair a chluineann aon duine briathar na ríochta gan a thuiscint, is é rud, tagann an drochsprid agus sciobann sí ar shiúl an síol a cuireadh ina chroí; is é sin an méid a cuireadh ar imeall an chosáin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

19 Gach aoinneach a chluineas briathar na ríoghachta, agus nach dtuigeann é, agus tig an droch-rud annsin, agus beireann sé leis an nídh a cuireadh ina chroidhe: is é sin an té i n-ar cuireadh an síol ar thaoibh an bhóthair.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Coimhmionca agus éisdeas duine bríathar na ríoghachda, agus nach dtuigeann sé é, tig an droichspiorad, agus fúaduighe se an ní do cuireadh ann a chroidhe. Ag so an duine úd ann ar cuireadh an siol chois na slígheadh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 Gach duine a chloiseann briathar na rígheachta agus ná tuigeann é, tagann an droch-spioraid agus tógann sé an síol a cuireadh ’n-a chroídhe sin. Siné an síol a cuireadh i n-aice an bhóthair.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

19 Duine ar bith a chluineann briathar na Ríochta agus nach dtuigeann é, tagann Fear an Oilc agus sciobann sé leis an ní a cuireadh ina chroí: agus sin é an duine a ghlac an síol le hais an bhóthair.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

19 Duine ar bith a chluineann briathar na ríochta agus nach dtuigeann é, tagann Fear an Oilc agus sciobann sé leis an ní a cuireadh ina chroí: agus sin é an duine a ghlac an síol le hais an bhóthair.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 13:19
36 Tagairtí Cros  

agus má chaitheann Sátan Sátan amach, atá seisean deaghailte ann féin; cionnas, d’á bhrigh sin, sheasfas a ríoghacht?


Agus an duine ’n‐ar cuireadh an síol ins na h‐áiteannaibh clochacha, is é sin an duine do‐chluin an briathar, agus ghlacas le h‐áthas ar an láthair é;


agus is é an domhan an gort; agus is iad clann na ríoghachta an síol maith; agus is iad clann an droich‐spioraid an cogal;


Agus do ghluais Íosa ar fud na Galilé ar fad, ag teagasc ins na sionagógaibh, agus ag craobhscaoileadh soiscéil na ríoghachta, agus ag leigheas an uile ghalair agus breoiteachta i measc na ndaoine.


Acht bíodh mar chainnt agaibh, Is eadh, is eadh; Ní h‐eadh, ní h‐eadh: agus cibé nidh théigheas thairis sin, is ó’n olc é.


Agus na daoine ’n‐a gcurtar an síol i n‐aice an bhealaigh, is iad‐san na daoine ’n‐a gcurtar an briathar, acht nuair chloiseas siad é, tig Sátan ar an láthair, agus tógann sé uatha an briathar do cuireadh ionnta.


agus leigheasaidh na daoine breoite sa gcathair sin, agus abraidh leo, Atá ríoghacht Dé druidthe libh.


Agus do chuir sé amach iad ag craobhscaoileadh ríoghachta Dé, agus ag leigheas na n‐easlán.


Adubhairt Píoláid leis, Créad is fírinne ann? Agus nuair adubhairt sé sin, do chuaidh sé amach arís chum na nIúdach, agus adubhairt sé leo, Ní fhaghaim‐se coir ar bith ann.


Cad chuige nach dtuigeann sibh mo chainnt? De bhrigh nach bhfuil ar chumas daoibh éisteacht lem’ bhriathraibh.


Acht nuair do‐chualadar trácht ar aiséirghe na marbh, do bhí cuid aca do‐rinne magadh; acht bhí cuid eile adubhairt, Éistfimíd leat uair éigin eile ’n‐a thaobh sin.


acht má’s ceisteanna i dtaobh focal agus anmann, agus i dtaobh bhúr ndlighe féin é, féachaidh féin chuige; ní h‐áil liom‐sa bheith im’ bhreitheamh ar a leithéidibh sin.


Agus féach, anois, atá a fhios agam nach bhfuil duine agaibh, gur shiubhlas ’n‐bhúr measc ag craobhscaoileadh na ríoghachta, fheicfeas mo ghnúis arís.


Agus nuair do shocruigheadar leis ar lá, tháinig a lán aca ’n‐a lóistín chuige; agus do mhínigh sé ríoghacht Dé dhóibh, ag tabhairt fiadhnaise air, ag iarraidh a mbaineann le h‐Íosa do chruthú dhóibh as reacht Maoise agus as na fáidhibh, ó mhaidin go tráthnóna.


Agus ó nár thoiligheadar chum eolas ar Dhia d’admháil, thug Dia suas iad d’á ndroch‐mheon féin, chum neithe nach cuibhe do dhéanamh;


óir ní biadh agus ól ríoghacht Dé, acht fíréantacht, agus síothcháin, agus áthas san Spiorad Naomh.


acht do’n dream ata ceanndána, nach n‐umhluigheann do’n fhírinne, acht umhluigheas do’n éigceart,


Dámh‐sa, atá níos lugha ’ná an té is lugha de na naomhaibh go léir, tugadh an grása so, chum saidhbhreas do‐chuarduighthe Chríost do sheanmorú do na Cineadhachaibh;


chum gach dream nár chreid an fhírinne acht do chuir dúil san éagcóir, do thabhairt fá bhreitheamhnas.


D’á bhrigh sin is mó is cheart dúinn aire dhúthrachtach do thabhairt do na neithibh do chualamar, ar eagla go rachaimís ar fán uatha.


ní ar nós Cháin é, duine de chlainn na h‐ainspioraide do mharbh a dhearbhráthair. Agus cad chuige ar mharbh sé é? Toisc a oibreacha féin bheith go h‐olc, agus oibreacha a dhearbhráthar bheith fíréanta.


Is eol dúinn, aoinneach do geineadh ó Dhia nach ndéanann sé peacadh; acht an té do geineadh ó Dhia, coimheádann sé féin é, agus ní bhfaghann an ainspioraid greim air.


Agus is eol dúinn go dtáinig Mac Dé, agus go dtug sé tuigsin dúinn chum an té atá fírinneach d’aithint, agus atáimíd‐ne san té atá firinneach, ’n‐a Mhac Íosa Críost.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí