Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 13:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 acht nuair do bhí na daoine ’n‐a gcodladh, tháinig a námhaid agus do chroith sé cogal i measc na cruithneachtan, agus d’imthigh sé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

25 ach nuair a bhí daoine ina gcodladh, tháinig an namhaid a chur cogail i measc na cruithneachta agus dʼimigh sé leis.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

25 Acht nuair a bhí na daoine ina gcodladh, tháinic a námha agus chuir sé cogal i lár na cruithneachta, agus bhog leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Agus an tan do bhádar dáoine na gcodladh, tháinic a námhaid agus do chuir sé cogal third an gcruithneachd, agus do imthigh sé roimhe.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Ach nuair a bhí na daoine ’n-a gcodladh tháinig an namhaid agus do chuir sé cogal i lár na cruithneachtan, agus d’imthigh sé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

25 Ach fad a bhí an saol ina chodladh, bhí namhaid dó a tháinig ag scaipeadh cogail anuas ar an arbhar, agus a dʼimigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

25 Ach fad a bhí an saol ina chodladh, bhí namhaid dó a tháinig ag scaipeadh cogail anuas ar an arbhar, agus d'imigh.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 13:25
19 Tagairtí Cros  

Agus do chuir sé samhlaoid eile rómpa, g‐á rádh, Is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le duine do chuir síol maith ’n‐a ghort:


Acht nuair d’fhás an geamhar, agus thug sé toradh, annsin do‐chonnacthas an cogal, leis.


Annsin tháinig na searbhóntaí chum fir an tighe, agus adubhradar leis, A dhuine uasail, nach síol maith do chuiris id’ ghort? Cad fá ndeara an cogal bheith ann mar sin?


Acht adubhairt seisean, Ní h‐áil liom; ar eagla, ag cnuasach an chogail daoibh,


go sracfadh sibh an chruithneacht as a fhréamhachaibh leis. Leigidh dhóibh araoin fás go dtí an fóghmhar: agus i n‐aimsir an fhóghmhar adéarfad‐sa leis na buanaidhthibh, Bailighidh ar dtús an cogal, agus ceanglaidh é ’n‐a phunnannaibh le dóghadh; acht bailighidh an chruithneacht isteach im’ scioból.


agus is é an diabhal an námhaid do chuir iad: agus is é deireadh an tsaoghail an fóghmhar; agus is iad na h‐aingil na buanaidhthe,


Agus ó bhí moill ar an bhfear nua‐phósta, tháinig táimh‐néall ortha agus do‐chuadar a chodladh.


agus sin mar gheall ar na bráithribh bréige tugadh isteach os íseal, agus d’éaluigh isteach os íseal chum spiadh‐aireacht do dhéanamh ar ár saoirse atá againn i nÍosa Críost, ag súil le n‐ár dtabhairt fá dhaoirse:


ag féachain chuige ar eagla go gclisfeadh ar aoinneach fá ghrása Dé; ar eagla go bhfásfadh aon fhréamh seirbhe do bhéadh mar adhbhar buaidheartha, agus go dtruailleochaidhe mórán d’á dheascaibh;


Bidhidh stuamdha, bidhidh ar bhur n‐aire; bíonn bhur n‐áidhbheirseoir, an diabhal, ag siubhal thart timcheall mar leomhan búirfeadhach ar thóir an té fhéadas sé a shlugadh.


Acht d’éirigh fáidhe bréige i measc an phobail, agus béidh lucht teagaisc bhréige ’n‐bhur measc‐na, leis, daoine bhéarfas isteach siosmaí millteacha, ag séanadh an Mháighistir féin do cheannuigh iad, ag tarraing scriosta obainn ortha féin.


Agus do teilgeadh síos an dragún mór, an tsean‐nathair nimhe, ar a dtugtar an Diabhal agus Sátan, an té mheallas an saoghal ar fad; do teilgeadh síos é go dtalamh, agus do teilgeadh a aingle síos i n‐éinfheacht leis.


Agus meallann sé lucht áitreabha na talmhan leis na miorbhailtibh tugadh le déanamh dhó i bhfiadhnaise an ainmhidhe, g‐á rádh le lucht áitreabha na talmhan íomháigh do dhéanamh do’n ainmhidhe fuair an ghoin ó’n gclaidheamh, agus do mhair beo.


Acht atá an méid seo agam it’ aghaidh, go bhfulaingeann tú an bhean Iesebel, adeir gur ban‐fháidh í féin; agus múineann agus mealann sí mo sheirbhísigh chum striapachas do chleachtadh, agus chum neithe atá íodhbartha d’íodhalaibh d’ithe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí