Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 13:37 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

37 Agus d’fhreagair sé agus adubhairt, An té chuireas an síol maith, is é Mac an Duine é;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

37 Ba é a fhreagra, “An té a chuireas an dea-shíol, is é Mac an duine é;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

37 D’fhreagair seisean, agus dubhairt leo: An té a chuireas an síol maith, is é Mac an Duine é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

37 Agus air bhreagra dhósan a dubhairt sé ríu, An té chuireas an síol maith a sé Mac an duine é;

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

37 Agus d’fhreagair sé agus dubhairt: Isé Mac an Duine a chuireann an síol fóghanta.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

37 Dʼfhreagair sé iad dá rá: “An té a chuireann an síol maith, sin é Mac an Duine.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

37 D'fhreagair sé iad á rá: “An té a chuireann an síol maith, sin é Mac an Duine.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 13:37
16 Tagairtí Cros  

An té ghlacas sibh‐se glacann sé mise, agus an té ghlacas mise glacann sé an té do chuir uaidh mé.


Agus do chuir sé samhlaoid eile rómpa, g‐á rádh, Is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le duine do chuir síol maith ’n‐a ghort:


Annsin tháinig na searbhóntaí chum fir an tighe, agus adubhradar leis, A dhuine uasail, nach síol maith do chuiris id’ ghort? Cad fá ndeara an cogal bheith ann mar sin?


agus ag cur an tsíl dó, thuit cuid de le h‐ais an bhealaigh mhóir, agus tháinig na h‐éanlaithe agus d’itheadar é: agus do thuit cuid eile dhe ar thalamh clochach,


Cuirfidh Mac an Duine a aingil amach, agus baileochaidh siad as a ríoghacht gach adhbhar scannail, agus lucht déanta an uilc,


Agus adubhairt Íosa leis, Atá uachaise ag na sionnachaibh, agus atá neada ag éanlaithibh na spéire; acht ní fhuil ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann.


An té éisteas libhse, is liom‐sa éisteas sé; agus an té dhiúltuigheas daoibh, is damh‐sa dhiúltuigheas sé; agus an té dhiúltuigheas damh‐sa, diúltuigheann sé do’n té do chuir uaidh mé.


Go fírinneach adeirim libh, Cibé ghlacas an té chuirim uaim, ghlacann sé mise; agus cibé ghlacas mise, glacann sé an té do chuir uaidh me.


Annsin adubhairt Íosa arís leo, Síothcháin daoibh: fá mar chuir an t‐Athair uaidh mé, cuirim‐se sibh‐se uaim mar an gcéadna.


Acht dogheobhaidh sibh neart nuair thiocfas an Spiorad Naomh oraibh: agus béidh sibh ’n‐bhúr bhfiadhnaidhthibh damh‐sa i nIarúsalem, agus i nIúdaea ar fad, agus i Samária, agus go foirimeall an domhain.


Óir ní leomhfad labhairt acht ar na neithibh do‐rinne Críost thríom‐sa, chum na Cineadhaigh do dhéanamh umhal, le briathraibh agus le gníomharthaibh, tré chumas mór‐chómharthaí agus iongantaisí,


Is iomdha modh agus slighe ’n‐ar labhair Dia fad ó le n‐ár sinnsearaibh tré na fáidhibh,


cionnas éalóchaimíd‐ne má dhéanaimíd faillighe i slánughadh chómh mór sin? do fógruigheadh ar dtús tríd an Tighearna, agus do dearbhuigheadh dhúinn tré na daoinibh do chuala é;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí