Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 13:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 i n‐áit nach raibh mórán úire aige: agus d’fhás se go luath, toisc nach raibh aon doimhneacht úire aige:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 Thit síolta eile ar thalamh creagach, nach raibh móran úire fúthu ann, agus tháinig fás tobann orthu, ó nach raibh aon doimhneacht úire acu.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

5 Agus thuit cuid eile acu ar thalamh chlochách, áit nach raibh mórán cré acu, agus d’fhás siad aníos láithreach, de bhrígh nach raibh doimhne chré acu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus do thuit cuid eile dhe a bhfearan chlochach, mar nach raibh móran úire aige: agus do fhás sé go lúath, do bhrígh nach bhfúair sé doimhneachd na talmhan:

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Agus do thuit cuid eile acu i n-áit i n-a raibh clocha agus ithir shuarach; agus d’fhásadar go luath, toisg gan doimhneas ithreach a bheith acu.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Thit cuid eile de ar na creaga, áit nach raibh mórán ithreach ann dó, agus nuair nach raibh an ithir dhomhain aige, dʼeascair sé gan mhoill.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 Thit cuid eile de ar na creaga, áit nach raibh mórán ithreach ann dó, agus nuair nach raibh an ithir dhomhain aige, d'eascair sé gan mhoill.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 13:5
9 Tagairtí Cros  

Agus an duine ’n‐ar cuireadh an síol ins na h‐áiteannaibh clochacha, is é sin an duine do‐chluin an briathar, agus ghlacas le h‐áthas ar an láthair é;


agus ag cur an tsíl dó, thuit cuid de le h‐ais an bhealaigh mhóir, agus tháinig na h‐éanlaithe agus d’itheadar é: agus do thuit cuid eile dhe ar thalamh clochach,


agus nuair d’éirigh an ghrian, do dóigheadh é, agus de bhrigh nach raibh aon fhréamh aige, d’fheogh sé.


Agus ar an gcuma chéadna, na daoine gur cuireadh an síol i n‐áiteannaibh clochacha ionnta, is iad‐san na daoine ghlacas chuca an briathar ar an láthair le h‐áthas nuair a chloiseas siad é;


Agus do thuit cuid eile dhe ar thalamh clochach, i n‐áit nach raibh mórán úire ann; agus d’fhás sé suas láithreach, de bhrigh nach raibh aon doimhneacht cré aige:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí