Matha 13:5 - An Bíobla Naofa 19815 Thit cuid eile de ar na creaga, áit nach raibh mórán ithreach ann dó, agus nuair nach raibh an ithir dhomhain aige, d'eascair sé gan mhoill. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)5 Thit síolta eile ar thalamh creagach, nach raibh móran úire fúthu ann, agus tháinig fás tobann orthu, ó nach raibh aon doimhneacht úire acu. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara5 Agus thuit cuid eile acu ar thalamh chlochách, áit nach raibh mórán cré acu, agus d’fhás siad aníos láithreach, de bhrígh nach raibh doimhne chré acu. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)5 i n‐áit nach raibh mórán úire aige: agus d’fhás se go luath, toisc nach raibh aon doimhneacht úire aige: Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)5 Agus do thuit cuid eile dhe a bhfearan chlochach, mar nach raibh móran úire aige: agus do fhás sé go lúath, do bhrígh nach bhfúair sé doimhneachd na talmhan: Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)5 Agus do thuit cuid eile acu i n-áit i n-a raibh clocha agus ithir shuarach; agus d’fhásadar go luath, toisg gan doimhneas ithreach a bheith acu. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20125 Thit cuid eile de ar na creaga, áit nach raibh mórán ithreach ann dó, agus nuair nach raibh an ithir dhomhain aige, dʼeascair sé gan mhoill. Féach an chaibidil |