Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 13:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 agus nuair d’éirigh an ghrian, do dóigheadh é, agus de bhrigh nach raibh aon fhréamh aige, d’fheogh sé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 Ach nuair a dʼéirigh an ghrian go hard sa spéir dódh iad; agus ó nach raibh aon fhréamh acu shearg siad leo as.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

6 Agus nuair a d’éirigh an ghrian, scalladh iad: agus mar nach raibh fréamh acu, smal siad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus ar néirghe don ghréin, do dóidheadh é; agus ar son nach raibh fréumhaige, do shearg sé.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Agus d’eirigh an ghrian agus do ghoill an teas ortha; agus toisg gan an phréamh a bheith acu d’fheóchadar.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 Ar éirí don ghrian, áfach, loisceadh é, agus dʼfheoigh sé de cheal fréimhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 Ar éirí don ghrian, áfach, loisceadh é, agus d'fheoigh sé de cheal fréimhe.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 13:6
12 Tagairtí Cros  

acht ní fhuil aon fhréamh aige ann féin, acht seasann sé ar feadh scathaimh; agus nuair éirigheas trioblóid nó géirleanmhain, mar gheall ar an mbriathar, glacann sé scannal ar an láthair.


i n‐áit nach raibh mórán úire aige: agus d’fhás se go luath, toisc nach raibh aon doimhneacht úire aige:


Agus do thuit cuid eile dhe ar an drisleach; agus d’fhás an drisleach, agus do thacht sé é;


agus nuair d’éirigh an ghrian, do dóigheadh é; agus de bhrigh nach raibh aon fhréamh aige, d’fheogh sé.


Agus iad‐san atá ar an gcarraig is iad na daoine ghlacas chuca an briathar le h‐áthas tar a éis dóibh éisteacht leis; agus ní fhuil fréamh aca‐san; creideann siad ar feadh tamaill, agus i n‐am cathuighthe téigheann siad ar gcúl.


chum go ndéanaidh Críost cómhnaidhe ’n‐bhur gcroidheachaibh tré chreideamh: ar mhodh, ar mbeith dhaoibh fréamhuighthe agus bunuighthe i ngrádh,


acht go seasuighidh sibh go daingean ar bhun an chreidimh, gan casadh i leathtaobh ó dhóchas an tsoiscéil do chualabhar, do craobhscaoileadh i measc gach a bhfuil cruthuighthe fá neamh, go bhfuilim‐se Pól im’ mhinistir de.


siubhlaidh ann d’á réir, sibh fréamhuighthe agus daingnighthe ann, fá mar tugadh teagasc daoibh, ag dul i méid ann le lán‐bhuidheachas.


Ní bhéidh ocras ná tart ortha choidhche; agus ní bhuailfidh an ghrian ná aon teas loiscneach ortha: óir an tUan atá i lár na righ‐chathaoireach,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí