Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 13:55 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

55 Nach é seo mac an tsiúinéara? Nach dtugtar Muire ar a mháthair? agus Séamas, agus Seosamh, agus Síomón, agus Iúdás ar a dhearbhráithribh?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

55 Nach é seo mac an tsaor adhmaid? Nach Muire atá mar ainm ar a mháthair? Nach iad Séamas agus Iósaf agus Síomón agus Iúdás a dheartháireacha?

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

55 Nach é seo mac an tsaor adhmaid? Nach í sin dá ngoirtear Muire a mháthair? Agus nach iad Séamus, agus Ióseph, agus Síomon, agus Iúdas a dhearbhráithre?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

55 A né nach é so mac an tsáoir? a ne nach dá mhathair ghoirthear Múire? a né nach íad a dhearbhraithreacha, Seúmas, agus Ióses, agus Símon, agus Iúdas?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

55 Nách é seo mac an cheardaidhe? Nách ar a mháthair a tugtar Muire, agus ar a bhráithribh Séamus agus Ióseph agus Símón agus Iúdás?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

55 Nach é mac an tsaoir adhmaid é seo? Nach í a mháthair an bhean a bhfuil ‘Muire’ uirthi? Agus nach iad Séamas agus Iósaef agus Síomón agus Iúdás a bhráithre?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

55 Nach é mac an tsaoir adhmaid é seo? Nach í a mháthair an bhean a bhfuil Muire uirthi? Agus nach iad Séamas agus Iósaef agus Síomón agus Iúdás a bhráithre?

Féach an chaibidil Cóip




Matha 13:55
23 Tagairtí Cros  

ortha‐san do bhí Máire Mhagdaléné, agus Máire máthair Shéamais agus Iósés, agus máthair clainne Sebedé.


Agus do bhí mná ann i bhfad uaidh, agus iad ag féachain air: ortha‐san do bhí Máire Mhagdaléné, agus Máire máthair Shéamais bhig agus Iósés, agus Salómé;


Agus do bhí Máire Mhagdaléné agus Máire Iósés ag féachain ar an áit ’n‐ar cuireadh é.


Nach é seo an siúinéir, mac Mhuire, dearbhráthair Shéamais, agus Sheosaimh, agus Iúdáis, agus Shíomóin? agus nach bhfuil a dheirbhsheathracha annso ’n‐ár measc? Agus fuaradar scannal ann.


ag triall ar mhaighdin do bhí luaidhte le fear darbh ainm Seosamh, duine de shliocht Dáibhi; agus Muire ab ainm do’n mhaighdin.


Agus do b’iad Máire Mhagdaléne, agus Ióanna, agus Máire Shéamais, agus na mná eile do bhí n‐a bhfochair d’innis na neithe sin do na h‐abstalaibh.


Agus do bhí Íosa féin, ag tosnú ar bheith tuairim deich mbliadhna fichead d’aois, agus do bhí sé (mar raoileadh) ’n‐a mhac ag Seosamh, mic Héli,


Agus thugadar go léir an‐aire dhó, agus do‐rinneadar iongnadh de ghrás na mbriathar tháinig ó n‐a bhéal; agus adubhradar, Nach é mac Sheosaimh é seo?


Agus do h‐inniseadh dhó, Atá do mháthair agus do dhearbhráithre ’n‐a seasamh amuigh, agus ba mhaith leo thú d’fheicsin.


Mar sin do‐rinne na saighdiúirí. Acht do bhí ’n‐a seasamh i n‐aice croise Íosa a mháthair, agus deirbhshiúr a mháthar, Máire Chléopais, agus Máire Mhagdaléne.


Agus adubhradar, Nach é seo Íosa mac Sheosaimh, go bhfuil aithne againn ar a athair agus ar a mháthair? cionnas, d’á bhrigh sin, adeir sé, Tháinig mé anuas ó neamh?


Atá a fhios againn gur labhair Dia le Maois: acht ní h‐eol dúinn cá h‐as do’n fhear so.


Acht ní fhacas aon duine eile de na h‐abstalaibh, acht amháin Séamas, dearbhráthair an Tighearna.


Iúdás, seirbhíseach Íosa Críost, agus dearbhráthair Shéamais, chum na ndaoine fuair gairm, atá i ngrádh Dé an tAthair, agus atá d’á gcumhdach le h‐aghaidh Íosa Críost:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí