Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 13:54 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

54 Agus ag teacht isteach ’n‐a dhúthaigh féin dó, thug sé teagasc dóibh ’n‐a sionagóig, i dtreo go raibh iongnadh ortha, agus go ndubhradar, Cá bhfuair an fear so an eagna, agus na cumhachta móra so.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

54 agus tháinig sé go dtí a dhúiche féin gur theagasc dóibh ina sionagóg, ar chaoi a chuir iontas orthu, agus ar siadsan, “Cá has a bhfuil an eagna seo agus na móroibreacha seo ag an duine seo?

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

54 Agus ag teacht chun a thíre féin dó, thug sé teagasc dóibh ina sineagóga, ionnas gur ghabh iongantas iad, agus gur dhubhairt siad: Cá h-áit a bhfuair an fear seo an eagna, agus na cumhachtaí seo?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

54 Agus an tan tháinic sé dá dhuthuidh féin, do theagaisg sé íad ann a sionagóig, ionnas gur ghabh iongnadh mór íad, agus go ndubhradar, Cáit a bfhúair anfearso a neagnaso, agus ná subháilce?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

54 Agus tháinig sé isteach ’n-a dúthaigh féin, agus bhí sé ag múineadh na ndaoine ins na sinagógaibh, i dtreó go mbíodh iongnadh ortha, agus go ndeiridís: Cá bhfuair sé seo an eagna so, agus na cómhachta?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

54 agus ar theacht ina dhúiche féin dó, bhíodh sé ag teagasc na ndaoine ina sionagóg, ionas gur ghabh iontas iad: “Cá bhfuair sé seo,” deiridís, “an eagna seo agus na míorúiltí?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

54 agus ar theacht ina dhúiche féin dó, bhíodh sé ag teagasc na ndaoine ina sionagóg, ionas gur ghabh iontas iad: “Cá bhfuair sé seo,” deiridís, “an eagna seo agus na míorúiltí?

Féach an chaibidil Cóip




Matha 13:54
14 Tagairtí Cros  

agus do chómhnuigh sé i mbaile mór ar a dtugtar Nasair: chum go gcóimhlíonfaidhe na briathra adubhairt na fáidhe: goirfear Nasardha dhe.


Agus do ghluais Íosa ar fud na Galilé ar fad, ag teagasc ins na sionagógaibh, agus ag craobhscaoileadh soiscéil na ríoghachta, agus ag leigheas an uile ghalair agus breoiteachta i measc na ndaoine.


Agus tharla, nuair do bhí na briathra sin críochnuighthe ag Íosa, go ndearna an sluagh iongnadh d’á theagasc:


agus ba mhór an t‐iongnadh do bhí ortha‐san do bhí ag éisteacht leis, a mheabhair agus na freagraí thug sé.


Is chum a choda féin a tháinig sé, agus níor ghlac a mhuinntear féin leis.


Agus do labhair Pól agus Barnabas go dána, agus adubhradar, Is libh‐se ba dhual dhúinn briathar Dé do labhairt ar dtús. Acht ó’s ag diúltadh dhó atá sibh, agus nach fiú libh, de réir bhúr mbreithe féin, an bheatha shíorraidhe d’fhágháil, féach, atáimíd ag iompodh chum na nGeinte.


Agus nuair chonnacadar Peadar agus Eoin, agus iad chómh dána sin, agus thuigeadar gur daoine gan foghlaim, gan léighean iad, do bhí iongnadh ortha; agus d’aithnigheadar iad, go mbídís i bhfochair Íosa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí