Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 13:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Óir an té ag a bhfuil nidh, do‐bhéarfar dó, agus béidh flúirse aige: acht an té nach bhfuil éinnidh aige, bainfear de fiú amháin a bhfuil aige.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 Mar an té a bhfuil ní aige tabharfar tuilleadh dó, agus beidh flúirse aige; ach an té nach bhfuil aon ní aige, béarfar uaidh go fiú a bhfuil aige.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

12 Óir an té a bhfuil aige, bhéarfar dó, agus béidh Fairsingeach aige: acht an té nach bhfuil aige, bainfear uaidh fiú an rud atá aige.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Oír giodh bé neach agá bhfuil ní, is dó do bhéarthar, agus biáidh go léor aige: achd giodh bé neach a tá gan ní, toígéabhthar úadh fós an ní a tá aige.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Óir an t-é go bhfuil aige tabharfar dó, agus beidh flúirse aige; agus an t-é ná fuil aige tógfar uaidh a bhfuil aige.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 Óir, duine ar bith a mbíonn ní aige, tabharfar dó agus beidh fuílleach aige; ach duine ar bith a bhíonn gan ní, fiú amháin a mbíonn aige bainfear de é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

12 Óir, duine ar bith a mbíonn ní aige, tabharfar dó agus beidh fuílleach aige; ach duine ar bith a bhíonn gan ní, fiú amháin a mbíonn aige bainfear de é.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 13:12
17 Tagairtí Cros  

Ar an adhbhar sin adeirim libh, Tógfar ríoghacht Dé uaibh‐se, agus do‐bhéarfar í do chineadh bhéarfas a tortha.


Óir an té ag a bhfuil nidh dobhéarfar dó, agus béidh flúirse aige: acht an té nach bhfuil nidh aige, tógfar uaidh fiú amháin a bhfuil aige.


Créad do‐ghéanas tighearna an fhíon‐ghuirt annsin? tiocfaidh sé agus scriosfaidh sé na scológa, agus do‐bhéarfaidh sé an fíon‐ghort do dhaoinibh‐eile.


acht ní fhuil gábhadh acht le h‐aon nidh amháin: óir do thogh Máire an chuid is fearr, agus ní tógfar uaithi é.


acht an té úd nach raibh a fhios aige, agus do‐rinne neithe do thuill bualadh, geobhfar air‐sean go h‐éadtrom. Agus an té d’á dtugadh mórán, éileochar mórán air: agus an té gur fágadh mórán ar a chúram aige, iarrfar breis air.


Agus do ghlaodh sé chuige é, agus adubhairt sé leis, Créad é seo do‐chluinim id’ thaobh‐sa? tabhair cunntas do mhaoirseachta; óir ní fhéadfair bheith id’ mhaor agam feasta.


Acht adubhairt Abracham, A mhic, cuimhnigh go bhfuarais‐se deagh‐neithe le linn do shaoghail, fá mar fuair Lasár droch‐neithe: acht anois atá seisean i sólás, agus atá tusa i bpéin.


D’á bhrigh sin, tabhraidh do bhúr n‐aire cionnas éistfeas sibh: óir cibé duine ag a bhfuil nidh, do‐bhéarfar dó; agus cibé duine nach bhfuil nidh aige, tógfar uaidh a measann sé a bheith aige.


Óir cibé duine gur nár leis mise agus mo bhriathra, budh nár le Mac an Duine eisean, nuair thiocfas sé ’n‐a ghlóir féin, agus i nglóir a Athar agus na naomh‐aingeal.


Acht is móide do‐bheir sé grása: uime sin adeir se, Cuireann Dia i gcoinnibh na n‐uaibhreach, acht do‐bheir sé grása do na h‐umhlaibh.


Chuimhnigh, d’á bhrigh sin, ar an áirde ó n‐ar thuitis, agus déan aithrighe, agus déan do chéad‐oibreacha; nó tiocfad‐sa chugat, agus aistreochad do choinnleoir as a ionad, muna ndéanaidh tú aithrighe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí