Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 13:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus d’fhreagair sé, agus adubhairt, Tugadh dhaoibh‐se eolas ar rúin‐diamhair ríoghachta na bhflaitheas, acht ní tugadh dhóibh‐siúd é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 Agus dʼfhreagair sé iad, “Is daoibhse a tugadh fios rún ríocht na bhflaitheas, ach níor tugadh an fios sin dóibh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

11 Dubhairt seisean leo, ghá bhfreagairt: De bhrígh gur díbh-se a tugadh eolas a bhéith agaibh ar rúindiamhra ríoghacht na bhflaitheas, acht ní tugadh sin dóbhtha-san.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ríu, Do bhrígh gur ab daóibhsi tugadh fios rúindíomhra na ríoghachda neamhdha, do bheith agaibh, agus níor tugadh dhóibhsean é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Agus d’fhreagair sé agus dubhairt: Mar do tugadh daoibh-se eólus do chur ar rú nDiamhraibh rígheachta na bhflathas; do’n chuid eile, ámhthach, níor tugadh san.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 Dúirt sé leo dá bhfreagairt: “Is é fáth é, mar tá sé tugtha daoibh-se eolas a bheith agaibh ar rúndiamhra Ríocht na bhflaitheas, ach níl sé tugtha dóibh siúd.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

11 Dúirt sé leo á bhfreagairt: “Is é fáth é, mar tá sé tugtha daoibhse eolas a bheith agaibh ar rúndiamhra ríocht na bhflaitheas, ach níl sé tugtha dóibh siúd.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 13:11
40 Tagairtí Cros  

Agus tháinig na deisceabail, agus adubhradar leis, Cad chuige a labhrann tú leo i samhlaoidibh?


Agus d’fhreagair Íosa, agus adubhairt sé leis, Is aoibhinn duit, a Shíomóin mhic Ióna: óir ní fuil agus feoil d’fhoillsigh duit é, acht m’Athair‐se atá ar neamh.


Acht adubhairt seisean leo, Ní h‐é gach aon duine gur féidir leis na briathra so do ghlacadh, ach iad‐san amháin dár tugadh é.


Adubhairt seisean leo, Ólfaidh sibh go deimhin an cupán ólfad‐sa: acht suidhe ar mo láimh dheis, agus ar mo láimh chlé, ní liom‐sa a thabhairt sin uaim, acht atá sé i ndán dóibh‐sean d’á bhfuil sé ceaptha ag m’Athair.


acht suidhe ar mo láimh dheis nó ar mo láimh chlé, ní liom‐sa a thabhairt sin uaim; acht atá sé i ndán dóibh‐sean d’á bhfuil sé ceaptha.


Agus adubhairt sé leo, Tugadh eolas daoibh‐se ar rúin‐diamhraibh ríoghachta Dé: acht dóibh‐sean atá amuigh, déantar gach nidh i samhlaoidibh:


Agus adubhairt sé, Tugadh daoibh‐se rúin‐diamhra ríoghachta Dé d’aithint: acht do dhaoinibh eile i samhlaoidibh; ionnas, ag féachain dóibh nach bhfeicfidís, agus ag éisteacht dóibh nach dtuigfidís.


Agus adubhairt sé, Is ar an adhbhar sin adubhairt mé libh nach féidir le h‐aoinneach teacht chugam muna bhfuil tabhartha ag m’Athair dhó teacht.


Cibé duine gur mian leis a thoil‐sean do dhéanamh, tuigfidh sé i dtaobh an teagaisc, an ó Dhia labhraim, nó uaim féin.


Agus do bhí bean darbh ainm Lidia, bean díolta corcra ó chathair Thiatíra, do bhíodh ag adhradh an Aon‐Dé, do bhí sí ag éisteacht linn: d’fhoscail an Tighearna a croidhe chum aire do thabhairt d’á raibh ag Pól d’á rádh.


Óir níorbh áil liom, a bhráithre, gan fios na rúindiamhaire seo bheith agaibh, ar eagla go n‐éireochadh sibh glic ’n‐bhur saobh‐thuairim féin, is é sin go bhfuil cruadhadh tagtha ar chuid de mhuinntir Israel, nó go dtagaidh an t‐iomlán de na Cineadhachaibh isteach;


Anois, do’n té go bhfuil ar chumas dó sibh do dhaingniú do réir mo shoiscéil‐se, agus do réir seanmóireachta Íosa Críost, do réir foillsighthe na rúndiamhaire do cóngbhuigheadh fá cheilt leis na ciantaibh,


Agus dá mbéadh buaidh na fáidheadóireachta agam, agus dá dtuiginn gach rúindiamhair agus gach eolas, agus dá mbéadh gach creideamh agam ar mhodh go bhféadfainn sléibhte d’aistriú, agus mé bheith gan grádh, atáim gan éifeacht.


Féach, innisim diamhar‐rún daoibh: Ní chodlóchaimíd uile, acht curfar malairt crotha orainn;


Ní ghlacann an duine neamh‐spioradálta le neithibh Spioraid Dé: mar is cuma leis iad nó dith‐céille: agus ní féidir leis eolas d’fhágháil ortha, de bhrigh go mbreathnuightear iad go spiorádálta.


acht labhraimíd eagna Dé ’n‐a diamhar‐rún do bhí fá cheilt, d’órduigh Dia chum ár nglóire roimh thosach an tsaoghail;


Bíodh an meas ag daoinibh orainn bhíos aca ar mhaoraibh rúindiamhaír Dé.


Óir cia rinne duine ar leith dhíot‐sa? agus créad atá agat nach bhfuarais? agus má fuarais féin é, cad chuige dhuit bheith ag maoidheamh, amhail agus nach bhfuarais é?


chum go soillseochar súilí bhur gcroidhe, chum go mbéidh a fhios agaibh cad é an dóchas chum a ngoireann sé sinn, saidhbhreas glóire a oidhreachta ins na naomhaibh,


tar a éis dó rúindiamhair a thola do nochtadh dhúinn, fá mar bhí ceaptha ann féin aige, do réir a dhéighmhéine féin,


Rúindiamhair mhór is eadh í seo, acht is iad Críost agus an eaglais atáim do mhaoidheamh.


agus ar mo shon‐sa, chum go dtiubharfar cumas cainnte dhom, ag foscailt mo bhéil go dána dhom, chum rúindiamhair an tsoiscéil d’fhoillsiú,


chum go neartóchar a gcroidheacha, chum go ndlúthóchar iad le chéile i ngrádh, agus go mbéidh gach saidhbhreas aca maidir le lán‐dearbhthacht tuigseana, chum go bhfaighidh siad eolas ar rúindiamhair Dé, is é sin Críost,


Agus gan déidearbhadh ar bith, is doimhin í rúindiamhair na diadhachta; an Té do foillsigheadh san bhfeoil, do fíréanuigheadh san Spiorad, go bhfaca aingle é, do craobhscaoileadh i measc na gCineadhach, gur creideadh ann san tsaoghal, gur tógadh suas é san nglóir.


ag coimheád rúindiamhaire an chreidimh i gcoinsias glan.


Má bhíonn aon duine agaibh i n‐uireasbaidh eagna, iarradh sé ar Dhia í; is é do‐bheir go fial do chách, gan aithbhear; agus do‐bhéarfar dó í.


Maidir libh‐se, atá ungadh ó’n Té Naomhtha agaibh, agus atá eolas iomlán agaibh.


Acht maidir libh féin, an t‐ungadh fuarabhar uaidh‐sean, cómhnuigheann sé ionnaibh, agus ní gábhadh go múinfeadh aoinneach sibh; acht fá mar mhúineann a ungadh sibh i dtaobh an uile nidh, agus gur fírinne é, agus nach bréag é; agus fá mar mhúin sé sibh, cómhnuighidh ann.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí