Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 13:42 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

42 agus caithfidh sé isteach sa teinidh loiscnigh iad: annsin béidh gol agus gíoscán fiacal.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

42 agus caithfidh siad i bhfoirnéis na tine iad; san áit a mbíonn deora agus díoscán fiacal.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

42 Agus caithfidh siad isteach i n-áithe na teineadh iad: is annsin a bhéas gol agus díoscarnach fiacal.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

42 Agus teilfid íad a núamhain air dearglasadh: mar a mbía gul agus gíosgán fiácal.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

42 Agus cuirfid siad sa lasair theine iad. Beidh sa n-áit sin gol agus díosgán fiacal.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

42 agus teilgfidh siad san fhoirnéis tine iad. Is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

42 agus teilgfidh siad san fhoirnéis tine iad. Is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 13:42
19 Tagairtí Cros  

agus caithfid isteach sa teinidh loiscnigh iad: annsin béidh gol agus gíoscán fiacal.


Acht níor fhan focal ’n‐a bhéal aige. Annsin adubhairt an rí leis an lucht freastail, Ceanglaidh a lámha agus a chosa, agus teilgidh amach é sa dorchacht amuigh; an áit ’n‐a mbéidh gol agus gíoscán fiacal.


Annsin adéarfaidh sé leo‐san bhéas ar a láimh chlé, Imthighidh uaim, a dhaoine malluighthe, isteach sa teinidh shíorraidhe do h‐ullmhuigheadh do’n diabhal agus d’á ainglibh:


agus glanfaidh sé a urlár buailte, agus baileochaidh sé a chuid cruitneachtan isteach sa scioból; agus loiscfidh sé an cháith le teinidh nach féidir do mhúchadh.


agus Iácóib i ríoghacht neimhe: acht go dteilgfear clann na ríoghachta amach sa dorchadas atá amuigh: annsin béidh gol agus gíoscán fiacal.


Annsin béidh gol agus gíoscán fiacal, nuair do‐chífidh sibh Abracham, agus Íosóg, agus Iácób, agus na fáidhe go léir i ríoghacht Dé, agus sibh féin díbeartha amach.


ólfaidh sé d’fhíon díbheirge Dé, atá doirtthe gan meascadh i gcupán a fheirge; agus ciapfar é le teinidh agus le ruibh i bhfiadhnaise na naomh‐aingeal, agus i bhfhiadhnaise an Uain:


Agus do gabhadh an t‐ainmhidhe, agus i n‐éinfheacht leis, an fáidh bréige do rinne na míorbhailtí ’n‐a fhiadhnaise, le n‐ár mheall sé an dream do ghlac marc an ainmhidhe chuca, agus an dream thug adhradh d’á íomháigh. Do teilgeadh iad araon beo amach i loch teineadh atá ar dearg‐lasadh le ruibh.


Agus do teilgeadh an diabhal do mheall iad isteach i loch na teineadh agus na ruibhe, mar a bhfuil an t‐ainmhidhe agus an fáidh bréige; agus béidh siad d’á gciapadh de ló agus d’oidhche go saoghal na saoghal.


Acht maidir leis na daoinibh meathta, mí‐chreidmheacha, gráineamhla, agus leis na dúnmharbhthóiribh, leis na drúiseoiribh, leis na draoidheadóiribh, agus leis na h‐íodhal‐adhrathóiribh, agus le lucht na mbréag ar fad, gheobhaid‐sean a gcuid féin san loch atá ar dearg‐lasadh le teinidh agus le ruibh; is é sin an dara bás.


agus tugadh dhó eochair puill an duibheagáin. Agus d’fhoscail sé poll an duibheagáin; agus d’éirigh deatach ó’n bpoll, mar dheatach fóirnéise móire; agus do dhorchuigh an ghrian agus an t‐aer le deatach an phuill.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí