Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 13:44 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

44 Is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le ciste i bhfolach i ngort; go bhfuair duine, agus gur chuir sé fá cheilt é; agus tré mhéid a áthais imthigheann sé, agus díolann sé a bhfuil aige, agus ceannuigheann sé an gort sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

44 “Is cosúil ríocht na bhflaitheas le taisce a bhí i bhfolach i ngort, ar tháinig fear air, agus ar fholaigh sé é; ansin leis an áthas atá air téann sé go ndíolann sé a bhfuil aige go gceannaíonn sé an gort úd.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

44 Is cosamhail ríoghacht na bhflaitheas le h-óirchiste i bhfolach i ngort; agus nuair a gheibh duine é, congbhuigheann sé ceilte é; agus le tréan áthais ina thaoibh, téid sé agus díolann sé a bhfuil aige, agus ceannuigheann sé an gort sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

44 Mar an gcéudna, is cosmhail rioghachd neimhe lé cisde ar na fholach a bhfearann; noch tar éis a fhaghála, do fholuigh duine, agus tríd an ngáirdeachus do bhí air ar a shon imthighidh sé agus reacaidh sé a bhfuil aige uile, agus ceannuidhe sé an fearannsin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

44 Is cosmhail rígheacht na bhflathas le stór a bheadh i bhfolach i bpáirc; agus an t-é a gheibheann é coimeádann sé rún air, agus tré mhéid a áthais imthigheann sé agus díolann sé amach a chuid go léir, agus ceannuigheann sé an pháirc sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

44 “Is cosúil Ríocht na bhflaitheas le stór a bhí i bhfolach i ngort, agus an fear a dʼaimsigh é dʼfholaigh, gur imigh le barr áthais ag díol a raibh aige gur cheannaigh an gort sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

44 “Is cosúil ríocht na bhflaitheas le stór a bhí i bhfolach i ngort, agus an fear a d'aimsigh é d'fholaigh, gur imigh le barr áthais ag díol a raibh aige gur cheannaigh an gort sin.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 13:44
29 Tagairtí Cros  

Agus do chuir sé samhlaoid eile rómpa, g‐á rádh, Is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le duine do chuir síol maith ’n‐a ghort:


agus nuair fuair sé péarla an‐luachmhar amháin, d’imthigh sé, agus do dhíol sé a raibh aige, agus do cheannuigh sé é.


Arís, is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le líon do cuireadh isteach sa bhfairrge, agus do thóg gach uile shórt éisc:


Adubhairt Íosa leis, Má’s maith leat bheith gan locht, imthigh, díol a bhfuil agat, agus tabhair a luach do na bochtaibh, agus béidh maoin ar neamh agat: agus tar, lean mise.


D’fhreagair Peadar annsin, agus adubhairt sé, Féach, do thréigeamair‐ne gach uile nidh, agus do leanamar thusa; créad bhéas againn d’á bhárr?


Agus gach duine do thréig tighthe, nó dearbhráithre, nó deirbhsheathracha, nó clann, nó taltaí, ar son m’anma‐sa, gheobhaidh sé a gcéad oiread, agus béidh an bheatha shíorraidhe mar oighreacht aige.


óir, cibé áit ’n‐a bhfuil do stór, is ann bhéas do chroidhe mar an gcéadna.


Ar an gcuma chéadna, gach duine agaibh‐se nach ndiúltann do gach a bhfuil aige, ní féidir dhó bheith ’n‐a dheisceabal agam‐sa.


Adubhairt Íosa leo, Is mise arán na beathadh: an té thig chugam‐sa, ní bhéidh ocras go bráth air, agus an té chreideas ionnam‐sa, ní bhéidh tart go bráth air.


Óir gach ar scríobhadh roimhe seo do scríobhadh iad chum teagasc do thabhairt dúinn, ionnas go mbéadh dóchas againn tré fhoighid agus tré shólás na scrioptúir.


’n‐a bhfuil gach ionnmhas eagna agus eolais i bhfolach.


Déanadh briathar Críost cómhnaidhe go fairsing san uile eagna ionnaibh; ag múineadh agus ag spreagadh a chéile le salmaibh, agus le h‐iomnaibh, agus le dántaibh spioradálta, ag cantaireacht do Dhia le grása ’n‐bhur gcroidheachaibh.


Óir thug sibh truagh do na daoinibh do bhí i ngeimhleachaibh, agus do ghlac sibh go fonnmhar le creachadh bhur maoine, agus a fhios agaibh go bhfuil maoin is fearr ’ná sin ionnaibh féin, maoin shíorbhuan.


cómhairlighim duit ór do h‐ath‐bhruithneadh i dteinidh do cheannach uaim‐se, chum go mbéidh tú saidhbhir, agus éadaighe geala chum clúdach do chur ort féin, chum nach bhfeicfear náire do lomnochtachta; agus ungadh le cuimilt ar do shúilibh, chum go bhfeicidh tú.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí