Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Lúcás 23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus d’éirigh a raibh sa gcruinniú, agus rugadar chum Píoláid é.

2 Agus do thosnuigheadar ar neithibh do chur ’n‐a leith, g‐á rádh, Fuaramar an fear so ag déanamh toirmisc i measc ár gcinidh, agus ag cosc cánach do thabhairt do Chéasar, agus é g‐á rádh gur ab é féin Críost rí.

3 Agus d’fhiafruigh Píoláid de, g‐á rádh, An tusa Rí na nIúdach? Agus d’fhreagair sé agus adubhairt, Adeirir é.

4 Agus adubhairt Píoláid le h‐uachtaránaibh na sagart, Ní fhaighim aon locht sa duine seo.

5 Acht ba dhéine d’áitigheadar air, g‐á rádh, Atá sé ag buaidhreadh na ndaoine, ag tosnú dhó ó’n nGalilé go dtí an áit seo.

6 Acht nuair do‐chuala Píoláid sin, d’fhiafruigh sé ar Ghaliléach an fear.

7 Agus nuair do thuig sé gur le líomatáiste Ioruaith do bhain sé, do chuir sé chum Ioruaith é, mar bhí sé féin i nIarúsalem le n‐a linn sin.

8 Agus nuair do chonnaic Ioruath Íosa, do bhí an‐áthas air: óir do b’fhada do bhí sé ag súil le n‐a fheicsin, de bhrigh go gcuala sé trácht air; agus do bhí súil aige go bhfeicfeadh sé míorbhail éigin d’á déanamh aige.

9 Agus do chuir sé a lán ceisteann air; acht ní thug seisean freagra ar bith air.

10 Agus do bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe ’n‐a seasamh, agus iad g‐á chionntú go dian.

11 Agus do‐rinne Ioruath agus a chuid saighdiúir fonomhaid faoi, agus thugadar tarcuisne dhó, agus do chuireadar éadach geal air, agus do chuireadar ar ais chum Píoláid é.

12 Agus do‐rinneadh caradas an lá sin idir Ioruath agus Píoláid: óir do bhíodar ’n‐a náimhdibh d’á chéile roimhe sin.

13 Agus do chruinnigh Píoláid uachtaráin na sagart, agus na ceann‐phuirt, agus na daoine le chéile, agus adubhairt sé leo,

14 Thugabhar chugam an fear so mar dhuine atá ag buaidhreadh na ndaoine agus féach, tar a éis dom a cheistiú ’n‐bhúr bhfiad naise, ní fhuaras cionntach é ins na neithibh atá agaibh‐se d’á gcur ’n‐a leith:

15 agus ní lugha nach bhfuair Ioruath: óir do chuir seisean ar ais chugainn é; agus féach, ní fhuil éinnidh déanta aige thuilleas bás.

16 Ar an ádhbhar sin smachtóchad é agus scaoilfead saor é.

18 Acht do ghlaodhadar go léir amach d’aon ghuth, g‐á rádh, Glan as an tslighe é so, agus scaoil chugainn Barabbas:

19 duine do bhí curtha i bpríosún mar gheall ar cheannairc do‐rinneadh sa gcathair, agus mar gheall ar dhúnmharbhadh.

20 Agus do labhair Píoláid leo arís, agus é ag iarraidh Íosa do leigean saor;

21 acht do ghlaodhadar amach, g‐á rádh, Céas, céas é.

22 Agus adubhairt sé leo an treas uair, Cad chuige, cad é an t‐olc atá déanta aige? Ní fhuaras‐sa aon chúis báis ann: smachtóchad é, d’á bhrigh sin, agus scaoilfead saor é.

23 Acht do sheasadar go dána, ag glaodhach i n‐árd a ngotha, ag iarraidh é do chéasadh. Agus do bhuaidh a nglór.

24 Agus thug Píoláid mar bhreith go ndéanfaidhe an nidh d’iarradar air.

25 Agus do scaoil sé saor an duine do cuireadh i bpríosún mar gheall ar cheannairc agus ar dhúnmharbhadh, an duine d’iarradar; acht thug sé Íosa dhóibh chun a dtoil d’imirt air.

26 Agus nuair do sheoladar leo é, rugadar ar dhuine ó Churéne darbh ainm Síomón, do bhí ag teacht isteach ó’n tuaith, agus do chuireadar an chroch airsean chum í d’iomchar i ndiaidh Íosa.

27 Agus do bhí sluagh mór daoine g‐á leanamhain, agus mná, agus iad ag caoin‐ghol agus ag déanamh truaighe dhó.

28 Acht d’iompuigh Íosa chuca, agus adubhairt sé, A ingheana Iarúsalem, ná bidhidh ag gol ar mo shon‐sa, acht ar bhúr son féin, agus ar son bhúr gclainne.

29 Óir, féach, atá na laethe ag teacht ’n‐a ndéarfar, Is aoibhinn dóibh‐sean atá aimrid, agus do na bronnaibh nach rug clann, agus do na cíochaibh nár thál.

30 Tosnóchaid annsin ar a rádh leis na sléibhtibh, Tuitidh anuas orainn; agus leis na cnocaibh, Clúduighidh sinn.

31 Óir má ghníd na neithe seo san adhmad úr, créad do‐ghéantar san adhmad críon?

32 Agus do bhí beirt eile, cuirpthigh, do seoladh i n‐éinfheacht leis chum go gcuirfidhe chum báis iad.

33 Agus nuair do shroicheadar an áit ar a dtugtar An Cloigeann, do chéasadar annsin é, agus na cuirpthigh, duine aca ar a láimh dheis, agus an duine eile ar a láimh chlé.

34 Agus adubhairt Íosa, A Athair, maith dhóibh, óir ní fhuil a fhios aca créad atá aca d’á dhéanamh. Agus do roinneadar a chuid éadaighe eadortha féin, g‐á gcur ar chrannaibh.

35 Agus do bhí na daoine ’n‐a seasamh ag féachain. Agus do bhí na h‐uachtaráin, leis, ag tabhairt tarcuisne dhó, g‐á rádh, D’fhuascail an té seo daoine eile; fuascladh sé é féin, má’s é an Críost é, do thogh Dia.

36 Agus do bhí na saighdiúirí, mar an gcéadna, ag magadh faoi, ag teacht chuige, ag tairgsin bhínéagra dhó,

37 agus iad g‐á rádh, Má’s tú Rí na nIúdach, saor thú féin.

38 Agus do bhí scríbhinn os a chionn, IS É SEO RÍ NA n‐IÚDACH.

39 Agus duine de na cuirptheachaibh do crochadh thug sé masla dhó, g‐á rádh, Nach tusa an Críost? saor thú féin agus sinne.

40 Acht d’fhreagair an duine eile, agus do cheartuigh sé é, g‐á rádh, An amhlaidh nach bhfuil eagla Dé ort, agus tú fá’n daoir‐bhreith chéadna?

41 Sinne, go deimhin, san gceart; óir is ag díol as a bhfuil déanta againn atáimíd: acht ní dhearna an fear so mí‐ghníomh ar bith.

42 Agus adubhairt sé, A Íosa, cuimhnigh orm‐sa nuair thiocfas tú id’ ríoghacht.

43 Agus adubhairt seisean leis, Go fírinneach adeirim leat, Béidh tú im’ fhochair‐se indiu i bPárrthas.

44 Agus do bhí sé timcheall na sémhadh h‐uaire, agus do leath dorchadas ar an talamh uile go dtí an naomhadh h‐uair,

45 solas na gréine ag dul i laighead: agus do réabadh brat an teampaill tré n‐a lár.

46 Agus do ghlaodh Íosa de ghuth árd, agus adubhairt, A Athair, do‐bheirim m’anam i leith do lámh‐sa; agus ag rádh na bhfocal sin dó, do scar a anam leis.

47 Agus nuair do chonnaic an ceanntúir créad tharla, thug sé glóir do Dhia, g‐á rádh, Go deimhin ba fíréan an fear so.

48 Agus na sluaighte tháinig le chéile ag féachain ar an radharc sin, nuair do chonnacadar gach a dtarla, d’fhilleadar agus iad ag bualadh a n‐ucht.

49 Agus a lucht aitheantais, agus na mná do lean é ó’n nGalilé, do sheasadar i bhfad uaidh, ag féachain ar na neithibh sin.

50 Agus féach, fear darbh ainm Seosamh, do bhí ’n‐a chómhairleoir,

51 fear cóir fíréanta (níor aontuigh sé le ’n‐a gcómhairle ná le n‐a ngníomh), fear as Arimatéa, cathair de chathrachaibh na nIúdach, do bhí ag súil le ríoghacht Dé:

52 do‐chuaidh an fear so chum Píoláid, agus d’iarr sé corp Íosa air.

53 Agus do thóg sé anuas é, agus d’fhill sé i línéadach é, agus do chuir sé é i dtuama do bhí gearrtha i gcarraig, tuama nár cuireadh aon duine riamh roimhe sin ann.

54 Agus ba é lá an Ullmhuighthe do bhí ann, agus do bhí an tsabóid ag teacht.

55 Agus na mná tháinig i n‐éinfheacht leis ó’n nGalilé, do leanadar ’n‐a dhiaidh, agus do chonnacadar an tuama, agus cionnas bhí a chorp curtha ann.

56 Agus d’fhilleadar ar ais, agus d’ullmhuigheadar spíosradh agus uinnimeintí.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí