Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 23:42 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

42 Agus adubhairt sé, A Íosa, cuimhnigh orm‐sa nuair thiocfas tú id’ ríoghacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

42 Agus ar seisean, “A Íosa, cuimhnigh ormsa nuair a thiocfaidh tú i réim do ríochta.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

42 Agus dubhairt sé le h-Íosa: A Thighearna, cuimhnigh orm-sa, nuair a thiocfas tú isteach i do ríoghacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

42 Agus a dubhairt sé ré Híosa, A Thighearna, cuimhnigh oransa an tan thiochas tú ad rioghachd féin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

42 Ansan dubhairt sé le h-Íosa: A Thighearna, nuair a thiocfair ad rígheacht cuimhnigh orm-sa.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

42 Agus dúirt: “A Íosa, cuimhnigh orm-sa nuair a thiocfaidh tú faoi réim do ríochta!”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

42 Agus dúirt: “A Íosa, cuimhnigh ormsa nuair a thiocfaidh tú faoi réim do ríochta!”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 23:42
20 Tagairtí Cros  

Agus adeirim libh, Cibé duine admhóchas mise i bhfiadhnaise na ndaoine, admhóchaidh Mac an Duine eisean i bhfiadhnaise aingeal Dé:


Acht d’fhan an poibleacán ’n‐a sheasamh i bhfad siar, agus ní dhéanfadh sé fiú amháin a shúile d’árdú chum neimhe, acht do bhí sé ag bualadh a uchta, agus g‐á rádh, A Dhia, déan trócaire orm‐sa, peacach.


Sinne, go deimhin, san gceart; óir is ag díol as a bhfuil déanta againn atáimíd: acht ní dhearna an fear so mí‐ghníomh ar bith.


Agus adubhairt seisean leis, Go fírinneach adeirim leat, Béidh tú im’ fhochair‐se indiu i bPárrthas.


Nárbh éigean do’n Chríost na neithe sin d’fhulang ar an gcuma sin, agus dul isteach ’n‐a ghlóir?


D’fhreagair Natanaél agus adubhairt sé, A Rabbí, is tusa Mac Dé; is tusa Rí Israel.


D’fhreagair Tomás, agus adubhairt sé leis, Mo Thighearna agus mo Dhia thú!


Agus adubhradar‐san, Creid san Tighearna Íosa, agus saorfar thú fhéin agus do theaghlach.


ag brostú na nIúdach agus na nGréagach chum aithrighe chum Dé, agus chum creidimh ’n‐ár dTighearna Íosa Críost.


ar lorg na h‐aimsire, nó cómhartha na h‐aimsire d’fhoillsigh Spiorad Chríost do bhí ionnta, nuair thug sé fios roimh ré i dtaobh a raibh le fulang ag Críost, agus i dtaobh na glóire do bhí le leanamhain ’n‐a dhiaidh.


Cibé duine chreideas gur ab é Íosa an Críost, is ó Dhia do geineadh é, agus cibé duine ghrádhuigheas an té do ghein é, grádhuigheann sé an Mac do geineadh uaidh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí