Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 23:42 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

42 Ansan dubhairt sé le h-Íosa: A Thighearna, nuair a thiocfair ad rígheacht cuimhnigh orm-sa.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

42 Agus ar seisean, “A Íosa, cuimhnigh ormsa nuair a thiocfaidh tú i réim do ríochta.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

42 Agus dubhairt sé le h-Íosa: A Thighearna, cuimhnigh orm-sa, nuair a thiocfas tú isteach i do ríoghacht.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

42 Agus adubhairt sé, A Íosa, cuimhnigh orm‐sa nuair thiocfas tú id’ ríoghacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

42 Agus a dubhairt sé ré Híosa, A Thighearna, cuimhnigh oransa an tan thiochas tú ad rioghachd féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

42 Agus dúirt: “A Íosa, cuimhnigh orm-sa nuair a thiocfaidh tú faoi réim do ríochta!”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

42 Agus dúirt: “A Íosa, cuimhnigh ormsa nuair a thiocfaidh tú faoi réim do ríochta!”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 23:42
20 Tagairtí Cros  

Agus deirim libh: An uile dhuine d’admhóchaidh mise os cómhair daoine, admhóchaidh Mac an Duine eisean os cómhair aingeal Dé.


Agus do sheasaimh an puibliocánach abhfad amach, agus níor bh’áil leis a shúile amháin d’iompáil suas chun na bhflathas, ach é ag bualadh a uchta agus a’ rádh: A Dhia, déin trócaire orm óir is peacach mé.


Sinne ámhthach, le ceart, mar do tugadh dúinn an rud a bhi tuillte againn; ach níor dhein an duine seo aon droch-nídh.


Agus dubhairt Íosa leis: Deirim, leat go fíos go mbeidh tú i bhflathas Dé indiu am’ fhochair-se.


Ná raibh ar Chríost na neithe sin d’fhulang agus teacht ar an gcuma san isteach ’n-a ghlóire?


D’fhreagair Natanaél agus dubhairt sé: A Mháighistir, is tusa Mac Dé, is tusa rí Israéil.


D’fhreagair Tomás agus dubhairt sé leis: Is tú mo Thighearna agus mo Dhia.


Agus dubhradar-san: Creid sa Tighearna Íosa agus beidh tú slán, tu féin agus do theaghlach.


agus me ag deimhniú aithrighe chun Dé, agus creidimh i n-ár dTighearna Íosa Críost, do Iúdaígh agus do Gheintibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí