Lúcás 23 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XXIII. Tuairisg na Páise ar leanmhaint. 1 Agus d’eirigheadar go léir agus do rugadar ag triall ar Phílát é. 2 Agus chromadar ar neithe do chur ’n-a leith, agus deiridís: Fuaramair é seo ag cur na ndaoine ar a n-aimhleas, agus ag cosg cíosa do thabhairt do Chaesar, agus ’ghá rádh gur b’é Críost an rí é. 3 Agus do chuir Pílát ceist chuige agus dubhairt sé: An tusa rí na n-Iúdach? Agus dubhairt seisean ’ghá fhreagradh: Deirir é. 4 Agus dubhairt Pílát le h-uachtaráin na sagart agus leis an sluagh: Ní bhfaighim aon choir sa duine seo. 5 Ach do ghéaruigh ortha-san agus dubhradar: Tá sé ag buaireamh na ndaoine, ag teagasg ar fuid Iúdaéa go léir, ag tusnú ó Ghaililí go dtí an áit seo. 6 Nuair a d’airigh Pílát Gaililí d’fhiafraigh sé ar Ghaililíach an duine. 7 Agus nuair a thuig sé gur le cómhacht Héróid a bhain sé, chuir sé ag triall ar Héród é, mar bhí Héród i n-Ierúsalem na laethanta san. 8 Agus nuair a chonaic Héród Íosa bhí áthas ana-mhór air, óir bhí sé abhfad ag súil le h-é d’fheisgint, mar bhí sé tar éis a lán d’aireachtaint ’n-a thaobh, agus bhí súil aige go bhfeicfeadh sé mírbhúilt mhór éigin aige ’á dhéanamh. 9 Agus dhein sé a lán cainte ’ghá cheistiú. Ach níor thug seisean aon fhreagra air. 10 Agus sheasamh uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí agus iad coitchianta ag cur ’n-a leith. 11 Agus thug Héród agus a lucht airm tarcuisne dhó, agus chuir sé éadach bán air, chun magaidh, agus chuir sé thar n-ais ag triall ar Phílát é. 12 Agus tháinig caradas an lá san idir Phílát agus Héród, mar, namhaid ab eadh iad d’á céile roimis sin. 13 Agus do chruinnigh Pílát uachtaráin na sagart agus maithe an phobuil agus na daoine. 14 Agus dubhairt sé leó: Thugabhair chúgham an duine seo mar go raibh sé ag cur na ndaoine ar aimhleas, agus féach, do cheistigheas os bhúr gcómhair é agus ní bhfuaras ciontach i n-aon nídh é de sna neithibh atá agaibh ’á chur ’n-a leith. 15 Agus ní lúgha ’ná mar a fuair Héród; mar do chuireas ag triall air sibh, agus féach níor deineadh aon nídh leis ba chómhionan le bás. 16 Smachtóchad é agus leigfead chun siubhail é. 17 Ach bhí air aoinne amháin do leigint saor chúcha mar gheall ar lá na féile. 18 Ach do liúigh an pobul go léir agus dubhradar: Tóg uainn é seo agus sgaoil chúghainn Barabbas, 19 Fear a bhí istigh le marbhú duine agus mar gheall an cheannairc a deineadh sa chathair. 20 Ach do labhair Pílát leó airís a d’iarraidh Íosa do leigint saor. 21 Agus is amhlaidh a liúghadar níos aoirde: Dein é chéasadh; dein é chéasadh. 22 Agus dubhairt seisean leó an trímhadh h-uair: Agus cad é an t-olc atá déanta aige? Ní bhfaighim aon choir bháis ann; smachtóchad é, d’á bhrígh sin, agus leigfead chun siubhail é. 23 Ach do leanadar-san ag liúirigh do ghuthanaibh árda go ndéanfaí é chéasadh, agus do bhuaidh a nguthana. 24 Agus thug Pílát mar bhreith an nídh a bhí uatha do dhéanamh. 25 Agus do leig sé saor chúcha an fear a dh’iarradar, an fear a bhí istigh le marbhú duine agus le ceannairc; agus thug sé Íosa dhóibh chun a dtoile dh’imirt air. 26 Agus nuair a bhíodar ’ghá bhreith leó do rugadar ar dhuine ó Chíréné dár bh’ainim Símón, agus é ag teacht isteach ó’n dtuaith, agus chuireadar an chros ar a mhuin chun í dh’iompar i ndiaidh Íosa. 27 Agus bhí mórán daoine ’ghá leanmhaint, agus mná, agus iad ag gol agus ag caoi mar gheall air. 28 Agus d’iompuigh Íosa ortha agus dubhairt sé leó: A mhná Ierúsaleim, ná bhídhidh ag gol mar gheall orm-sa, ach bhídhidh ag gol ar bhúr son féin agus as son bhúr gclainne. 29 Óir tiocfaid na laethanta ’n-a ndéarfar, Is aoibhinn do sna h-aimridibh, agus do sna broinníbh nár rug clann, agus do sna cíochaibh nár thál bainne. 30 An uair sin cromfaid daoine ar a rádh leis na sléibhtibh, Tuitidh anuas orainn; agus leis na cnocaibh, Clúdaighidh sinn. 31 Óir má dheinid siad na neithe seo sa n-adhmad ghlas, cad a déanfar sa n-adhmad chríon? 32 Agus bhí bheirt eile, beirt mhéirleach, d’á mbreith i n-aonfheacht leis chun iad do chur chun bháis. 33 Agus nuair a bhíodar tagaithe chun na h-áite ar a dtugtar Áit an chloiginn do chéasadar ansan é, agus an bheirt bhitheamhnach, duine, acu ar a láimh dheis agus an duine eile ar a láimh chlé. 34 Agus dubhairt Íosa: A Athair, maith dhóibh; óir ní fios dóibh cad ’tá acu ’á dhéanamh. Agus do rainneadar a bhaill éadaigh, ’ghá gcur ar chrannaibh. 35 Agus bhí na daoine ’n-a seasamh ag féachaint air, agus bhí na h-uachtaráin ag magadh faoi leó, agus deiridís: D’fhóir sé ar dhaoinibh eile, fóireadh sé air féin, má ’sé an Críost é a toghadh ó Dhia. 36 Agus bhí na saighidiúirí ag déanamh magaidh faoi, ag teacht agus ag tabhairt fínéigre dhó, 37 Agus deiridís: Má’s tú rí na n-Iúdach saor tú féin. 38 Agus bhí sgríbhinn sgríobhtha os a chionn i litreachaibh Gréigise agus Laidne agus Eabhra: RÍ NA N-IÚDACh É SEO. 39 Agus thug duine de’n bheirt bhitheamhnach a bhí ar crochadh masla dó, agus deireadh sé: Má’s tú Críost dein tu féin agus sinne do shaoradh. 40 Ach do fhreagair an fear eile é ag milleán air, agus dubhairt sé: An amhlaidh ná fuil eagla Dé ort agus tú fé’n ndaor-bhreith chéadna? 41 Sinne ámhthach, le ceart, mar do tugadh dúinn an rud a bhi tuillte againn; ach níor dhein an duine seo aon droch-nídh. 42 Ansan dubhairt sé le h-Íosa: A Thighearna, nuair a thiocfair ad rígheacht cuimhnigh orm-sa. 43 Agus dubhairt Íosa leis: Deirim, leat go fíos go mbeidh tú i bhflathas Dé indiu am’ fhochair-se. 44 Ansan bhí sé tímpal na sémhadh h-uaire, agus tháinig doircheacht ar an ndomhan go léir go dtí an naomhadh h-uair. 45 Agus do doirchigheadh an ghrian; agus do stracadh brat an teampail tré n-a lár. 46 Agus dubhairt Íosa, do ghuth árd: A Athair, cuirim mo spioraid isteach ad’ lámhaibh. Agus ag rád na bhfocal san dó, d’éag sé. 47 Agus nuair a chonaic an taoiseach céad cad a thárla thug sé glóire do Dhia, agus dubhairt sé: Fíoraon ab eadh an duine seo gan amhras. 48 Agus an tsluagh go léir daoine a bhí ann ag féachaint ar an radharc san, agus do chonaic na neithe a thuit amach, thánadar thar n-ais agus iad ag bualadh a n-ucht. 49 Agus a lucht aithne go léir, agus na mná do lean é ó Ghaililí, do sheasuigheadar abhfad amach, ag féachaint ar na neithe sin. 50 Agus féach, fear dár bh’ainim Ióseph, agus de’n chómhairle ab eadh é, fear fóghanta fíoraonta; 51 Níor thoiligh sé leis an gcómhairle ’ná le n-a ngníomhartha; ó Arimatéa b’eadh é, cathair i n-Iúdaéa; agus bhí sé ag súil le rígheacht Dé: 52 Tháinig sé sin ag triall ag Pílát, agus d’iarr sé corp Íosa air. 53 Agus thóg sé anuas é, agus d’fhill sé i línéadach é, Agus chuir sé i dtuama é a bhí gearrtha i gcaraig, agus nár cuireadh aoinne ann go dtí san, 54 Agus bhí lá an ollamhuighthe ann, agus bhí an tsabbóid ag teacht. 55 Agus tháinig na mná a lean é ó Ghaililí agus chonacadar an tuama agus conus mar a bhí an corp curtha ann. 56 Agus d’fhilleadar agus d’ollamhuigheadar spíosra agus oíle, agus ansan do ghlacadar a suaimhneas i gcaitheamh na sabbóide, do réir na h-aithne. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society