Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 23:11 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Agus thug Héród agus a lucht airm tarcuisne dhó, agus chuir sé éadach bán air, chun magaidh, agus chuir sé thar n-ais ag triall ar Phílát é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 Agus chuaigh Iorua agus a chuid saighdiúirí a chaitheamh drochmheasa air agus a mhagadh faoi; agus ansin chuir sé éadaí daite air gur sheol ar ais chuig Píoláid é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

11 Agus thug Ioruadh mar aon le n-a lucht airm tarcuisne dó, agus chuir éadach geal air, ag déanamh magaidh faoi, agus, sheol thar ais chuig Pioláit é.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus do‐rinne Ioruath agus a chuid saighdiúir fonomhaid faoi, agus thugadar tarcuisne dhó, agus do chuireadar éadach geal air, agus do chuireadar ar ais chum Píoláid é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Achd tug Ioruáidh maille ré na luchd coguidh tarcuisne air, agus do rinneadar fonómhad fáoi chúireadar chum Píoláid a rís é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 Chaith Héaród, é féin agus a gharda, droch-mheas air agus rínne sé ceap magaidh de; ansin, tar éis dó é a ghléasadh faoi róba taibhseach, chuir sé ar ais go dtí Píoláit é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

11 Chaith Héaród, é féin agus a gharda, drochmheas air agus rínne sé ceap magaidh de; ansin, tar éis dó é a ghléasadh faoi róba taibhseach, chuir sé ar ais go dtí Pioláit é.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 23:11
16 Tagairtí Cros  

Sa n-am san do chualaidh Héród, an tetrarc, cáil Íosa.


Óir bhí Héród tar éis Eóin do ghabháil agus do cheangal agus do chur i mbraighdineas mar gheall ar Heródias, bean a dhrithár.


Ach lá beirthe Héróid dhein inghean Heródias rinnce ’n-a láthair, rinnce a thaithn le Héród.


Ach deirim-se libh-se go dtáinig Elias cheana féin, agus gur imreadar a dtoil air, mar atá sgríobhtha ’n-a thaobh.


Agus sheasamh uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí agus iad coitchianta ag cur ’n-a leith.


Agus tháinigh Íosa amach agus an choróinn dheilgneach air agus an brat corcra uime. Agus dubhairt seisean leó: Féach an duine!


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí