Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 23:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus do‐rinne Ioruath agus a chuid saighdiúir fonomhaid faoi, agus thugadar tarcuisne dhó, agus do chuireadar éadach geal air, agus do chuireadar ar ais chum Píoláid é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 Agus chuaigh Iorua agus a chuid saighdiúirí a chaitheamh drochmheasa air agus a mhagadh faoi; agus ansin chuir sé éadaí daite air gur sheol ar ais chuig Píoláid é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

11 Agus thug Ioruadh mar aon le n-a lucht airm tarcuisne dó, agus chuir éadach geal air, ag déanamh magaidh faoi, agus, sheol thar ais chuig Pioláit é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Achd tug Ioruáidh maille ré na luchd coguidh tarcuisne air, agus do rinneadar fonómhad fáoi chúireadar chum Píoláid a rís é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Agus thug Héród agus a lucht airm tarcuisne dhó, agus chuir sé éadach bán air, chun magaidh, agus chuir sé thar n-ais ag triall ar Phílát é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 Chaith Héaród, é féin agus a gharda, droch-mheas air agus rínne sé ceap magaidh de; ansin, tar éis dó é a ghléasadh faoi róba taibhseach, chuir sé ar ais go dtí Píoláit é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

11 Chaith Héaród, é féin agus a gharda, drochmheas air agus rínne sé ceap magaidh de; ansin, tar éis dó é a ghléasadh faoi róba taibhseach, chuir sé ar ais go dtí Pioláit é.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 23:11
16 Tagairtí Cros  

Ins an am sin do‐chuala Ioruath, an téatrarc, an t‐iomrádh ar Íosa,


Óir do rug Ioruath ar Eoin, agus do cheangail sé é, agus do chuir sé i bpríosún é mar gheall ar Héródias, bean Philib a dhearbhráthair.


Acht nuair tháinig lá beirthe Ioruaith, do‐rinne inghean Neródias damhsa, ’n‐a láthair, agus do thaithin sí le h‐Ioruath.


Agus adubhairt sé leo, Tig Élias ar dtús go deimhin, agus athnuadhann sé gach uile nidh: agus cionnas atá scríobhtha i dtaobh Mhic an Duine, go gcaithfidh sé mórán d’fhulang agus bheith fá tharcuisne?


Agus do bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe ’n‐a seasamh, agus iad g‐á chionntú go dian.


Tháinig Íosa amach annsin, an choróin deilgneach air, agus an fhalaing chorcra uime. Agus adubhairt Píoláid leo, Féach an duine!


Óir má thagann fear isteach ’n‐bhur sionagóig, agus éadaighe breaghtha air, agus má thagann isteach, leis, duine bocht agus droch‐éadaighe air;


agus má thugann sibh ómós do’n té ar a bhfuil na h‐éadaighe breaghtha, go n‐abrann sibh leis, Suidh‐se annso i n‐áit na h‐onóra; agus go n‐abrann sibh leis an duine bocht, Seasuigh‐se annsin thall, nó suidh annso fá stól mo chos:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí