Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 23:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Agus do bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe ’n‐a seasamh, agus iad g‐á chionntú go dian.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Sheas na hardsagairt agus na scríobhaithe aníos, á chúisiú go dian dásachtach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

10 Agus sheasuigh uachtaráin na sagart agus na Scríobhaidhthe ag cur ina leith go teann.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Agus do sheasadar na hárdsagairt agus na sgrióbuidhe ag déanamh casáoide air go dithchiollach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Agus sheasamh uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí agus iad coitchianta ag cur ’n-a leith.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 Uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe, áfach, bhí siad ansiúd dá chiontú ar a ndícheall.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

10 Uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe, áfach, bhí siad ansiúd á chiontú ar a ndícheall.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 23:10
8 Tagairtí Cros  

Agus nuair do chuir uachtaráin na sagart agus na seanóirí neithe ’n‐a leith, níor fhreagair sé oiread agus focal.


Agus nuair do bhí sé imthighthe as an áit sin, do thosnuigh na scríobhaidhthe agus na Fairisínigh ar aighneas do chur air go dian, g‐á spreagadh chum cainnte ar mhórán neithe,


Agus do‐rinne Ioruath agus a chuid saighdiúir fonomhaid faoi, agus thugadar tarcuisne dhó, agus do chuireadar éadach geal air, agus do chuireadar ar ais chum Píoláid é.


Agus do thosnuigheadar ar neithibh do chur ’n‐a leith, g‐á rádh, Fuaramar an fear so ag déanamh toirmisc i measc ár gcinidh, agus ag cosc cánach do thabhairt do Chéasar, agus é g‐á rádh gur ab é féin Críost rí.


Acht ba dhéine d’áitigheadar air, g‐á rádh, Atá sé ag buaidhreadh na ndaoine, ag tosnú dhó ó’n nGalilé go dtí an áit seo.


Agus do chuir sé a lán ceisteann air; acht ní thug seisean freagra ar bith air.


Is amhlaidh fuaramar an fear so ’n‐a ughdar tubaiste agus ’n‐a adhbhar ceannairce i measc na nIúdach ar fud an domhain, agus é ’n‐a cheann ar aicme na Nasardhach:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí