Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 23:41 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

41 Sinne ámhthach, le ceart, mar do tugadh dúinn an rud a bhi tuillte againn; ach níor dhein an duine seo aon droch-nídh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

41 Agus is ceart mar bhreith orainne í, nach bhfaigheann ach an rud a thuill ár ngníomhartha; ach níl rud ar bith as an tslí déanta ag an bhfear seo.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

41 Agus sinne leoga go ceart, óir fuaireamar an rud a b’airidhe ar ár ngníomhartha; acht ní dhearna sé seo aon olc.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

41 Sinne, go deimhin, san gceart; óir is ag díol as a bhfuil déanta againn atáimíd: acht ní dhearna an fear so mí‐ghníomh ar bith.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

41 Achd sinne go deimhin go ceart; (óir fúaramar na neithe do thuilleadar ar ngníomhartha): achd ní dhearna an tési olc ar bith.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

41 Agus maidir linne, is le ceart é: tá díol ár mbeart féin dá thabhairt orainn ach ní dhearna sé seo rud ar bith as an tslí.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

41 Agus maidir linne, is le ceart é: tá díol ár mbeart féin á thabhairt orainn ach ní dhearna sé seo rud ar bith as an tslí.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 23:41
19 Tagairtí Cros  

Agus bhí sé ’n-a shuidhe ’n-a chathaoir bhreitheamhantais, agus chuir a bhean teachtaireacht chuige, agus dubhairt sí: Ná bhíodh aon bhaint agat leis an nduine fíoraonta san; óir tá a lán fuilingthe agam indiu mar gheall air, tré aisling.


Nuair a chonaic Pílát ná raibh ag eirighe leis, ach gur toirmeasg a bhí ag teacht, fuair sé uisge, agus do nigh sé a lámha os cómhair na ndaoine, agus dubhairt sé: Táim-se saor ar fhuil an fhíoraoin seo; oraibh-se bíodh.


Agus dubhairt sé: Dheineas peacadh, mar do dhíolas fuil neamhchiontach. Ach dubhradar san: Cad é sin dúinne sin? Bíodh ort féin.


An taoiseach céad, ámhthach, agus an bhuidhean a bhí ’n-a theannta ag faire Íosa, nuair a chonacadar an luasgadh talmhan agus na neithe do thuit amach, tháinig eagla ana-mhór, ortha agus dubhradar: Go fíor dob’ é Mac Dé é sin.


Ach do fhreagair an fear eile é ag milleán air, agus dubhairt sé: An amhlaidh ná fuil eagla Dé ort agus tú fé’n ndaor-bhreith chéadna?


Ansan dubhairt sé le h-Íosa: A Thighearna, nuair a thiocfair ad rígheacht cuimhnigh orm-sa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí