Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 23:33 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

33 Agus nuair a bhíodar tagaithe chun na h-áite ar a dtugtar Áit an chloiginn do chéasadar ansan é, agus an bheirt bhitheamhnach, duine, acu ar a láimh dheis agus an duine eile ar a láimh chlé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

33 Agus nuair a shroich siad an áit a dtugtar Cloigeann air, rinne siad é a chéasadh ansin, é féin agus na coirpigh, duine ar a dheis agus duine ar a chlé.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

33 Agus nuair a tháinic siad go dtí an áit, dá ngoirtear Calbhaire, chéas siad annsin é féin agus na gadaidhthe, duine ar a dheis, agus an duine eile ar a chlí.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

33 Agus nuair do shroicheadar an áit ar a dtugtar An Cloigeann, do chéasadar annsin é, agus na cuirpthigh, duine aca ar a láimh dheis, agus an duine eile ar a láimh chlé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

33 Agus an tan tanagadar do nionad dá ngoirthear Ait na cloigne, do chrochadar ann sin é féin, agus na meirligh, fear air a dheis, agus fear eile air a láimh chlé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

33 Nuair a bhí siad tagtha go dtí an áit ar a nglaotar ‘an Cloigeann’, chéas siad ansiúd é féin agus na coirpigh, duine acu ar a dheis agus an duine eile ar a chlé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

33 Nuair a bhí siad tagtha go dtí an áit ar a nglaotar an Cloigeann, chéas siad ansiúd é féin agus na coirpigh, duine acu ar a dheis agus an duine eile ar a chlé.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 23:33
19 Tagairtí Cros  

Agus tabharfaid siad dos na geintibh é le tarcaisniú, agus le sgiúrsáil, agus le céasadh ar chrois; agus eireóchaidh sé airís an trímhadh lá.


Is eól daoibh go mbeidh an Cháisg ann tar éis dhá lá, agus tabharfar Mac an Duine suas chun a chéasda.


Nuair adubhairt sé: Ní foláir Mac an Duine do thabhairt i láimh na bpeacach, agus é chéasadh, agus é dh’eirighe an trímhadh lá.


Ionus go gcómhlíonfaí focal Íosa, an focal adubhairt sé ’ghá chur i n-iúil cad é an bás a gheobhadh sé.


Agus fé mar a dhein Maois an t-athair nimhe do chur anáirde sa bhfásach, sin mar a chaithfar Mac an Duine do chur anáirde;


Agus nuair a bhí gach nídh d’á raibh sgríobhtha ’n-a thaobh cómhlíonta acu thógadar anuas de’n adhmad é agus chuireadar i leacht é.


Do tugadh an duine sin a’ cómhairle chinnte agus a’ roimheólus Dé, agus do dheineabhairse é chéasadh chun bháis le lámaibh na gcuirptheach.


Do thógh Dia ár sinnsear ós na mairbh Íosa, an t-é a chuireabhairse chun báis, ghá chrochadh ar an gcrann.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí