Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 23:33 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

33 Agus nuair do shroicheadar an áit ar a dtugtar An Cloigeann, do chéasadar annsin é, agus na cuirpthigh, duine aca ar a láimh dheis, agus an duine eile ar a láimh chlé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

33 Agus nuair a shroich siad an áit a dtugtar Cloigeann air, rinne siad é a chéasadh ansin, é féin agus na coirpigh, duine ar a dheis agus duine ar a chlé.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

33 Agus nuair a tháinic siad go dtí an áit, dá ngoirtear Calbhaire, chéas siad annsin é féin agus na gadaidhthe, duine ar a dheis, agus an duine eile ar a chlí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

33 Agus an tan tanagadar do nionad dá ngoirthear Ait na cloigne, do chrochadar ann sin é féin, agus na meirligh, fear air a dheis, agus fear eile air a láimh chlé.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

33 Agus nuair a bhíodar tagaithe chun na h-áite ar a dtugtar Áit an chloiginn do chéasadar ansan é, agus an bheirt bhitheamhnach, duine, acu ar a láimh dheis agus an duine eile ar a láimh chlé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

33 Nuair a bhí siad tagtha go dtí an áit ar a nglaotar ‘an Cloigeann’, chéas siad ansiúd é féin agus na coirpigh, duine acu ar a dheis agus an duine eile ar a chlé.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 23:33
19 Tagairtí Cros  

agus do‐bhéarfaid do na Geintibh é le tarcuisniú, agus le sciúrsáil, agus le céasadh: agus, an treas lá éireochaidh sé arís.


Atá a fhios agaibh go mbéidh an cháisc ann tar éis dá lá, agus go dtabharfar Mac an Duine suas d’á chéasadh.


gurbh éigean go dtiubharthaidhe Mac an Duine ar láimh do na peacachaibh, agus a chéasadh, agus a aiséirghe an treas lá.


Ní dlistineach dúinne aon duine do chur chum báis: chum go gcóimhlíonfaidhe an briathar adubhairt Íosa, g‐á chur i n‐umhail cia an saghas báis do bhí i ndán dó.


Agus fá mar árduigh Maois an nathair nimhe sa bhfásach, caithfear Mac an Duine d’árdú ar an gcuma chéadna:


Agus nuair do bhí gach nidh do scríobhadh ’n‐a thaobh cóimhlíonta aca, do thógadar anuas é de’n chroich, agus do chuireadar i dtuama é.


tugadh suas é de réir cómhairle cinnte agus réimh‐eolais Dé, agus do chrochabhair‐se agus do mharbhabhar é le láimh cuirptheach:


Do thóg Dia ár sinnsear Íosa suas; an té do marbhabhair‐se g‐á chrochadh ar chrann.


D’fhuascail Críost ó mhallacht an dlighe sinn, ag déanamh mallachta dhe féin ar ár son: óir atá scríobhtha, Is malluighthe gach duine crochtar ar chrann:


an té d’iomchair ár bpeacaidhe ’n‐a chorp féin ar an gcrann, chum, ar mbeith dhúinn marbh do’n pheacadh, go mairfimís do’n fhíréantacht; agus do leigheasadh sibh le n‐a chneadhaibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí