Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Lúcás 23:38 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

38 Agus bhí sgríbhinn sgríobhtha os a chionn i litreachaibh Gréigise agus Laidne agus Eabhra: RÍ NA N-IÚDACh É SEO.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

38 Bhí inscríbhinn os a chionn lena chois sin, “Is é seo Rí na nGiúdach.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

38 Agus bhí scríbhinn scríobhtha fosta ós a chionn i litreacha Gréigise agus Laidne agus Eabhraise: IS É SEO RÍ NA N-IÚDACH.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

38 Agus do bhí scríbhinn os a chionn, IS É SEO RÍ NA n‐IÚDACH.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

38 Agus fós do bhí sgríbhneóireachd sgríobhtha ós a chionn do litreachabh Gréigis, agus Laidní, agus Eabhrias, A SE SO RI NA NIUDUIGHEADH.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

38 Agus fós, bhí scríbhinn os a chionn i nGréigis, i Laidin, agus in Eabhrais: “Rí na nGiúdach é seo.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 23:38
9 Tagairtí Cros  

Cá bhfuil an rí seo na n-Iúdach atá beirthe? Mar do chonacamairne a réalt sa domhan toir agus thánamair chun é dh’adhradh.


Agus bhí Íosa ’n-a sheasamh os cómhair an riaghaltóra agus do cheistigh an riaghaltóir é, agus dubhairt sé: An tusa rí na nIúdach? Dubhairt Íosa leis: Deir tú é.


Agus chuireadar os cionn a chinn a chúis sgríobhtha: ÍOSA, RÍ NA N-IÚDACh, É SEO.


Agus chromadar ar bheannú dhó: Go mbeannuighthear duit, a rí na n-Iúdach.


Agus bhí teidiol a chúise sgríobhtha: RÍ NA N-IÚDACh.


Tagadh Críost, rí Israéil, anuas de’n chrois anois go bhfeiceam agus go gcreideam. Agus an bheirt a bhí céasda i n-a aice thugadar masla dhó.


Agus do chuir Pílát ceist chuige agus dubhairt sé: An tusa rí na n-Iúdach? Agus dubhairt seisean ’ghá fhreagradh: Deirir é.


Agus thagaidís chuige agus deiridís: Go mbeannuighthear duit, a rí na n-Iúdach; agus do bhuailidís dóirne air.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí